Baile

Tá disciplín na hinnealtóireachta ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar go leor de na teicneolaíochtaí atá chomh coitinn i saol an lae inniu, chomh maith le hiad a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.  Ó ábhair agus feistí, go dearadh crua-earraí agus bogearraí ciorcaid leictreonaigh, go réimsí feidhmithe mar na meáin dhigiteacha, teileachumarsáid agus bithinnealtóireacht, is disciplín í an innealtóireacht leictreonach atá fréamhaithe i mbuneolas leictreach ach a chuireann i gcónaí leis an tuiscint atá againn ar fheidhmiúlacht, ar fheidhmiúchán agus ar chur i bhfeidhm.  Is í an eolaíocht innealtóireachta croílár an chleachtais innealtóireachta leictrí, a chuimsíonn gné thábhachtach an deartha chruthaithigh, mar a chruthaítear córais nua mar réitigh ar riachtanais agus ar fhadhbanna sa saol mar atá.

Tá Roinn na hInnealtóireachta Leictrí agus Leictreonach ar cheann de thrí roinn a chuimsíonn Scoil na hInnealtóireachta i gColáiste na Tríonóide agus tá sí lonnaithe go príomha i dTeach galánta na Clódóireachta sa Chearnóg Nua.  Tá roinnt spáis ag an Roinn in Áras an Phiarsaigh, atá in aice láimhe, agus in Institiúid Sami Nasr ar an Taobh Thiar den Choláiste.

Is é sprioc foriomlán na Roinne na caighdeáin is airde in oideachas innealtóirí leictreonacha a chur ar fáil, bíodh sin trí chláir mhúinte mar an clár Comhtháite Innealtóireachta BAI/MAI, an M Phil i dTeicneolaíochtaí Ceoil agus na Meán nó trí ghníomhaíochtaí taighde iarchéime.  Féachann na cláir sin le hiarchéimithe a ullmhú, iarchéimithe a bheidh díograiseach go hintleachtúil, ina saineolaithe teicniúla agus aireach go cruthaitheach maidir leis na deiseanna agus na dúshláin a thagann chun cinn i gcúrsaí soch-eacnamaíochta na linne. 

Tá raon gníomhaíochtaí taighde ann a chuireann leis na cláir mhúinte, agus atá mar fhaisnéis acu, gníomhaíochtaí a daingníodh in imeacht ama le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí maoinithe sa tír seo agus san AE, agus ón tionscal.  Déantar an taighde seo faoi na mórtheidil: na meáin dhigiteacha, teileachumarsáid, próiseálú comharthaí, ciorcaid agus ábhair.  Mar is amhlaidh le disciplíní eile, bíonn taighde san innealtóireacht leictreonach foireann-bhunaithe agus comhoibritheach.  Bíonn teagmháil oibre ag Roinn na hInnealtóireachta Leictrí agus Leictreonaí le grúpaí eile sa Choláiste, CTVR, an lárionad taighde teileachumarsáide agus Lárionad um Bhithinnealtóireacht Choláiste na Tríonóide (TCBE) mar shampla.  Is iomaí nasc atá ag an Roinn le grúpaí lasmuigh den choláiste chomh maith.  Tá tuilleadh sonraí le fáil ar leathanaigh nasctha.


Head of Department