Fáilte chuig Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar. Sníomhtar le chéile anseo saineolas taighde den scoth de chuid Choláiste na Tríonóide maidir le stair na scríbhneoireachta agus na litríochta, déantús leabhar, an ceangal idir téacs agus íomhá, agus an tairbhe a bhaineann le léamh agus le scríobh do phobal. Oibrítear go dlúth leis na sárbhailiúcháin leabharlainne i gColáiste na Tríonóide agus le leabharlanna eile in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá eolas breise ar fáil ar an suíomh gréasáin seo faoin méid a dhéanaimid agus faoi mhodhanna inar féidir leat, i do thaighdeoir, i do mhac léinn nó i do dhuine den phobal duit, páirt a ghlacadh san obair.

Eolas faoin Lárionad don Leabhar

Eascraíonn Lárionad Choláiste na Tríonóide don Leabhar, arna sheoladh sa bhliain 2023, as téama taighde seanbhunaithe Choláiste na Tríonóide maidir le Cultúr Lámhscríbhinní, Clódóireachta agus Leabhair. Is é an chéad lárionad taighde é atá dírithe ar an scríbhneoireacht, ar an léitheoireacht agus ar úsáid an leabhair ar oileán na hÉireann. Is i Mol an tSeomra Fhada, Institiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Coláiste na Tríonóide, atá an Lárionad suite. Oibrítear go dlúth le Leabharlann Choláiste na Tríonóide, lena n-áirítear an obair dhigitithe a chuireann bonn faoi Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide agus Athfhorbairt na Sean-Leabharlainne, a áireoidh ionad staidéir nua den chineál is nua-aimseartha maidir le bailiúcháin taighde.

Tugtar le chéile sa Lárionad daoine a bhfuil spéis acu i gceisteanna staire maidir le bunús agus forbairt na gcóras scríbhneoireachta, na litríochtaí agus dearc-chultúir an leabhair, daoine atá i mbun taighde ar cheisteanna a bhaineann le téacsúlacht sa tsochaí, mar shampla litearthacht, léitheoireacht agus dea-bhail an duine, agus ar cheisteanna polasaí i ndáil leis an teacht is furasta agus is fairsinge a bheith ar oidhreacht na hÉireann maidir le cultúr na scríbhinne. Déantar a chuid gníomhaíochtaí a eagrú i gceithre shnáithe: Stair na Scríbhneoireachta, Téacs agus Íomhá, Scríbhneoireacht sa tSochaí, agus Roinnt an Leabhair.

Tá ceithre phríomhchuspóir leis an Lárionad:

  • Láidreachtaí taighde iontacha atá ann cheana féin maidir leis an téacs, an scríbhneoireacht agus an leabhar, san iliomad scoileanna i gColáiste na Tríonóide, a chomhtháthú agus a shaindíriú.
  • Comhar oibre níos dlúithe a chothú idir an lucht taighde, mic léinn, daoine den phobal, agus bailiúcháin shármhaithe na Leabharlainne de lámhscríbhinní, de leabhair ó thús ré na clódóireachta agus de pháipéir nua-aimseartha, agus na ranna saineolais a bhaineann le Buanchoimeád agus Caomhnú agus Bailiúcháin Dhigiteacha.
  • Aird mhic léinn, lucht léinn agus an phobail ar fud an domhain a dhíriú ar bhailiúcháin agus ar shaineolas taighde Choláiste na Tríonóide trí chlár bliantúil imeachtaí agus trína bheith feiceálach ar líne.
  • Forbairt a dhéanamh ar acmhainn agus ar cheangail chaidrimh Choláiste na Tríonóide chun iarratais ar dheontais chomharthaighde i réimse stair an leabhair agus na hoidhreachta cultúir a éascú.