Is ionad taighde é Lárionad Choláiste na Tríonóide don Nuálaíocht i gCleachtas agus Cúram Sláinte (TCPHI) atá lonnaithe i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bunaíodh an t-ionad taighde seo sa bhliain 2012. Tá sé mar aidhm againn comhoibriú le baill foirne cúraim sláinte, leis an earnáil, agus leis an bpobal chun seirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú mar aon le hidirghabhálacha cúraim sláinte agus samhail chúraim nua a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas. Tá saineolas fhoireann TCPHI maidir le heolaíocht feidhmithe, eolas ar chúram sláinte agus taithí ar fáil le roinnt agus mar thacaíocht d’acmhainneacht taighde i measc bhaill foirne acadúla, taighdeoirí iardhochtúireachta, mic léinn taighde iarchéime agus baill foirne i soláthraithe cúraim sláinte agus san earnáil chomhcheangailte. Oibrímid i gcomhar go rathúil le gréasán mór comhpháirtithe cliniciúla, earnála, agus taighde agus glacaimid ról gníomhach i ndáil le fianaise a shintéisiú agus a aistriú ina cúram sláinte laethúil.