Bhí atmaisféar iontach i Seomra na Gaeilge tráthnóna Dé Máirt chun Éigse na Tríonóide a sheoladh.

Is ceiliúradh í Éigse na Tríonóide ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach agus is seachtain an-tábhachtach í i saol an Choláiste.

Bhí an-tráthnóna de cheol agus comhrá ann, le ceol traidisiúnta ó ghrúpa mac léinn, Fada. Thug na Trinity Belles taispeántas iontach freisin. Ag labhairt leis an lucht féachana, ghabh Aoife Ní Bhriain, Oifigeach na Gaeilge AMLCT, buíochas le gach duine as páirt a ghlacadh sa cheiliúradh. Labhair Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge Choláiste na Tríonóide, freisin faoi na himeachtaí a bhí eagraithe don tseachtain.

Ansin, thug Linda óráid inar mhol sí lucht eagraithe an cheiliúrtha agus inar labhair sí chomh maith faoi thábhacht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Léigh a hóráid thíos.

___________________

There was a lovely atmosphere in Seomra na Gaeilge on Tuesday evening for the launch of Éigse na Tríonóide.

Éigse na Tríonóide us a celebration of the Irish language and culture and it’s a very important week in the life of the College.

The evening was filled with music and conversation, with traditional music from student band Fada, and a performance by the Trinity Belles. Speaking to the guests, TCDSU Oifigeach na Gaeilge, Aoife Ní Bhriain, thanked everyone for joining in the celebrations and Trinity's Oifigeach na Gaeilge, Áine Ní Shúilleabháin, spoke about the week of events organised to celebrate Éigse.

Also addressing the room, Linda gave a speech commending the organisers of these celebrations and spoke to the importance of the Irish language in Trinity. Read her --speech below.

___________________

Dia dhaoibh, a chairde.

Tá an-áthas orm a bheith anseo i Seomra na Gaeilge libh go léir anocht chun Éigse na Tríonóide a sheoladh!

Is seachtain thábhachtach í seo i saol an Choláiste.

Ar an gcéad dul síos, is ceiliúradh í!

Is ceiliúradh í ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr. 

Tógaim ceann de i gcónaí go bhfuil an oiread sin paisin agus grá ag na daoine a bhíonn i mbun gnímh don teanga. Is cuid lárnach d’aitheantas duine í an Ghaeilge.

Agus léirítear é sin ar bhealach iontach i gclár imeachtaí na seachtaine atá romhainn. 

I mbliana, táimid ag bailiú le chéile díreach tar éis dúinn – roinnt míonna ó shin – ár bPlean Straitéiseach nua Bláthú a sheoladh.

Cuireann Bláthú fís agus uaillmhianta na hollscoile don chúig bliana atá le teacht in iúl. 

Ba mhaith linn go mbeadh Coláiste na Tríonóide faoi bhláth. Ba mhaith linn go mbeadh ár bpobal faoi bhláth. Agus, ar ndóigh, ba mhaith linn go mbeadh an Ghaeilge faoi bhláth!

Cuireann an focal “bláthú” borradh, nó fás, in iúl. Agus cé go bhfuil dualgais áirithe orainn i leith na Gaeilge, ba mhaith liom úsáid na teanga a fheiceáil ag fás go nádúrtha i measc ár gcuid mac léinn agus ár mball foirne.

Ba mhaith liom gach tacaíocht agus spreagadh a thabhairt daoibh leis an méid atá á dhéanamh agaibh chun é sin a bhaint amach.

Agus – i mo bhealach féin – tá súil agam go bhfuilim in ann an cheannaireacht atá tuillte agaibh a thabhairt daoibh.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis an tseachtain thábhachtach seo a eagrú.

Gabhaim buíochas ó chroí le hÁine Ní Shúilleabháin as a cuid oibre go léir in Oifig na Gaeilge, agus le hAoife Ní Bhriain agus le hAontas na Mac Léinn as an tseachtain a eagrú; chomh maith le Roinn na Gaeilge agus An Cumann Gaelach as a gcuid tacaíochta agus rannpháirtíochta.

Mar fhocal scoir: 
Anois teacht an Earraigh
Beidh an lá ag dul chun síneadh
Is tar éis lá ’le Bríde
Ardóidh mé mo sheol!

Ardaímis go léir ár seolta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide – gach duine againn ar ár mbealach uathúil féin.

Gura fada buan sibh go léir!

Go raibh maith agaibh.

___________________

Dia dhaobih, a chairde.

I am delighted to be here in Seomra na Gaeilge this evening with you all to launch Seachtain na hÉigse!

This is an important week in the life of the College.

First and foremost it is a celebration!

It is a celebration of the Irish language and culture.

I am always struck that those who advocate for the Irish language do so with a great passion and with a deep love for the language. The Irish language is part of a person’s identity.

And this expresses itself wonderfully in the programme of events for the week ahead. 

This year we gather having launched - just a few months ago - our new Strategic Plan which is called “Blathú”.

Blathú captures our ambitions for Trinity for the next five years. We want Trinity to thrive. We want to see the people in Trinity thrive.

And, of course, we want to see the Irish language Thrive!

That word, Blathú, suggests a flowering or a growth. And while we have certain obligations to meet in regard to Irish, I want to see its use growing organically and naturally among our students and staff.

I want to give you every support and encouragement in what you are each doing to achieve this.

And – in my own way – I hope that I am able to give you the leadership you deserve. 

I want to congratulate everyone who has been involved in the organisation of this important week.

I really want to thank Áine Ní Shúilleabháin for all her work in Oifig na Gaeilge, and Aoife Ní Bhriain and Aontas na Mac Léinn for their organisation of the week, as well as Roinn na Gaeilge and an Cumann Gaelach for their support and participation.

And on that note: 
Anois teacht an Earraigh 
Beidh an lá ag dul chun síneadh 
Is tar éis lá ‘le Bhríde 
Ardeoigh mé mo sheol! 

Let us all raise our sails together to promote the Irish language in Trinity – each in our own unique way! 

Thank you.