Beathaisnéis an Phropaist

Linda DoyleLinda Doyle
Propast agus Uachtarán
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Átha Cliath

Cheap an fhoireann agus ionadaithe na mac léinn an Dr Linda Doyle ina 45ú Propast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tháinig sí isteach san oifig ar an 1 Lúnasa 2021. Príomhoifigeach na hollscoile is ea an Propast agus tá sí freagrach don Bhord agus don Stát sa deireadh maidir le feidhmiú na hollscoile.

Bhí sí ina Déan agus ina Leas-Uachtarán Taighde do Choláiste na Tríonóide (2018-2020) roimhe seo agus bhí sí ina Stiúrthóir bunaidh ar CONNECT –  ionad taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann le haghaidh líonraí cumarsáide amach anseo. Bhí sí ina Stiúrthóir roimhe sin ar an Ionad do CTVR - Thaighde Slabhra Breisluacha Teileachumarsáide.

Sular ceapadh ina Propast í, bhí Linda ina hOllamh Innealtóireachta agus Ealaíon i gColáiste na Tríonóide. Tá saineolas aici sna réimsí amhail cumarsáid gan sreang, raidió cognaíoch, líonraí athchumraithe, cleachtais bainistithe speictrim agus cleachtais ealaíon cruthaitheach.

Tá os cionn €70 milliún i maoiniú taighde bailithe aici agus tá go leor foilsithe aici ina réimse. Tá cáil ar Linda mar urlabhraí ar son athrú sna cleachtais bainistithe speictrim agus bhí ról aici i mbeartas speictrim ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Bhord Comhairleach Speictrim Ofcom sa Ríocht Aontaithe agus bhí sí ina ball de Bhord Comhairleach Eolaíochta na hEorpa maidir le Taighde Oscailte.

Bhí sí ina Stiúrthóir tráth ar Xcelerit agus Software Radio Systems Ltd (SRS), dhá mhac-chuideachta ó ITTSL. Tá ábhar foilsithe go fairsing ag Linda agus tá níos mó ná 100 eochairaitheasc agus cainteanna tugtha aici ag imeachtaí éagsúla ar fud an domhain.

Thug Linda cleachtais ealaíon cruthaitheach agus an innealtóireacht le chéile ar feadh na mblianta, agus leis sin bhunaigh sí an Grúpa Modhanna Ortagánacha (Orthogonal Methods Group, OMG). Is tionscnamh taighde in CONNECT é an grúpa sin a oibríonn i dteannas criticiúil agus cruthaitheach leis an teicneolaíocht chun críche eolas, léargas agus claonadh malartach taighde a chur ar fáil I ndisciplíní atá aitheanta mar dhisciplíní comheisiacha uaireanta.

Tá sí ar Bhord an Áiléir Idirnáisiúnta Eolaíochta (ÁIE) agus bhí sí ar Bhord Fhéile na Fiosrachta (Festival of Curiosity) roimhe seo, gníomhaíocht for-rochtana STEM do leanaí bunaithe ar fhéile bhliantúil eolaíochta i lár na cathrach.

Bhí Linda ina Cathaoirleach freisin ar Bhord Áiléar Dhúghlas de hÍde (2013-2021), bhí sí ina ball de Bhord Pallas Project Studios, Bord Comhairleach Eolaíochta Institiúid Ríoga Teicneolaíochta na Sualainne agus de Bhord an Fhóraim Nuálaíochta Gan Sreang.

Chomh maith leis an méid oibre atá curtha isteach aici sa taighde agus sna healaíona, is urlabhraí gníomhach í do mhná san innealtóireacht agus sa ríomheolaíocht. Bhí baint aici le go leor tionscnamh amhail Girls in Tech, Teen Turn, agus HerStory. 

Tá bunchéim aici san Innealtóireacht Leictreach (BE) ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá MSc, PhD agus PGDIP STATS aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is Comhalta í de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus is Comhalta Oinigh í de Choláiste Oriel, Oxford.

Is as an Tóchar i gCorcaigh do Linda ó dhúchas agus d’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Cailíní an Tóchair agus ar Choláiste Naomh Aingeal.