Faoi Portal, Mol Nuálaíochta Choláiste na Tríonóide

Tabharfaidh Portal nuálaithe le chéile agus tacóidh sé leo sa mhol nuálaíochta 5,500m2 seo ina mbeidh spásanna don obair chomhionaid agus d’imeachtaí, mar aon le caifé poiblí.

Is é Coláiste na Tríonóide, an ollscoil is fearr rangaithe in Éirinn, a chuireann an mol ar fáil agus beidh lárionaid taighde, fiontraithe, institiúidí oideachais, cuideachtaí fáis, agus gnólachtaí nua-thionscanta teicneolaíochta agus cruthaitheacha bailithe timpeall air. Tá Portal mar chuid de champas 5.5 acra Choláiste na Tríonóide Thoir i gcroílár Dhugaí Silicon Bhaile Átha Cliath.

Beidh an tionscadal athchóirithe spreagúil seo oscailte i ndeireadh na bliana 2024 agus tá tacaíocht á fáil aige ó Fhiontraíocht Éireann agus ó Rialtas na hÉireann.