Saoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

  • fáil a bheith acu ar thaifid oifigiúla atá ag comhlachtaí poiblí a shonraítear faoin Acht (comhlachtaí Saorála Faisnéise);
  • sonraí pearsanta maidir leo féin a bheith ceartaithe nó nuashonraithe sa chás go bhfuil an t-eolas easnamhach, mícheart nó míthreorach; agus
  • fáthanna a fháil maidir le cinnidh atá glactha ag comhlachtaí poiblí, sa chás go bhfuil tionchar ag an chinneadh orthu.

Is féidir le duine ar bith Iarratas Saorála Faisnéise (FOI) a dhéanamh faoin Acht, agus caithfidh an comhlacht phoiblí atá i gceist freagra a thabhairt taobh istigh de 4 seachtaine i ndiaidh dóibh an t-iarratas a aithint, de ghnáth. I gcás iarratas atá ollmhór agus/nó casta, d’fhéadfaí an líne ama seo a shíneadh ar feadh 4 seachtaine eile. I gColáiste na Tríonóide, éascóidh an Oifig Comhlíonta Faisnéise an phróiseáil ar iarratais FOI, agus pléifidh Cinneadóir leis ón limistéar ábhartha san ollscoil lena mbaineann an t-iarratas.

I ndiaidh do na taifid atá á iarraidh a bheith aisghafa agus scrúdaithe, d’fhéadfadh an Cinneadóir rochtain iomlán ar an fhaisnéis atá á iarraidh a cheadú, nó d’dhéadfadh an Cinneadóir rochtain ar an fhaisnéis ar fad, nó cuid den fhaisnéis, a dhiúltú, bunaithe ar fhorais shonraithe atá leagtha síos san Acht.

Faoin Acht, tá sé de cheart ag an té a d’iarr an fhaisnéis cinneadh achomharc a dhéanamh ar chinneadh chomhlacht FOI – ar dtús báire, chuig ball foirne sa chomhlacht FOI (a dtugtar Athbhreithneoir Inmheánach orthu) atá níos sinsearaí ná an ball foirne a rinne an chéad chinneadh, agus ansin chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise mura bhfuil an cinneadh sásúil fós. Bíonn cinneadh an Choimisinéara Faisnéise sa chás seo ceangailteach.