Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Official Languages Act Compliance > Acht na dTeangacha Oifigiúla a shásamh

Acht na dTeangacha Oifigiúla a shásamh

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, leagtar dualgais áirithe ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath maidir leis an nGaeilge a úsáid ar an stáiseanóireacht, ar chártaí gnó agus i gcumarsáid eile a dhéantar i scríbhinn. Leagtar amach na dualgais sin go mion thíos. Bítear i dteagmháil leis an Oifigeach Gaeilge (folíne. 3652, gaeloifig@tcd.ie) más mian leat fiosrúchán ar bith a dhéanamh faoi na cúrsaí sin nó más mian leat aistriúchán a lorg. Tá breis eolais ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chur i bhfeidhm i gColáiste na Tríonóide ach cliceáil anseo.

Stáiseanóireacht

Ní mór an téacs réamhphriontála uile (e.g. ceanntásca) ar stáiseanóireacht de na cineálacha seo a leanas a bheith i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla: páipéar ceannchlóite do litreacha / nótaí, duillíní dea-mhéine, bileoga cumhdaigh facs, clúdaigh comhaid agus fillteáin, lipéid agus clúdaigh litreach eile.

Cártaí Gnó

Cé nach dtagann cártaí gnó faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá socraithe ag Coláiste na Tríonóide gur gá gach cárta gnó a bheith dátheangach agus leis an téacs Béarla ar thaobh amháin agus an téacs Gaeilge ar an taobh eile. Ba chóir an t-eolas céanna á chur in iúl leis an téacs sa dá theanga agus cló den mhéid chéanna agus den chineál céanna in úsáid sa dá theanga.

Cuirí Priontáilte

Tá leagtha amach ag Coláiste na Tríonóide sa Scéim Teanga cuirí priontáilte a chur amach i mBéarla agus i nGaeilge. Is de rogha an réimse atá ag cur cuirí amach an t-ord a mbíonn an dá theanga; ba cheart, ina dhiaidh sin féin, gurb é an t-eolas céanna a bheadh á chur in iúl sa dá theanga agus go mbeadh cló den mhéid chéanna agus den chineál céanna in úsáid sa dá theanga.

Foilseacháin

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá dlite ar Choláiste na Tríonóide cáipéisí lárnacha áirithe a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla an t-aon tráth amháin, ina measc: Tuarascáil Bhliantúil an Choláiste; cuntais nó ráitis airgeadais iniúchta; ráitis straitéise agus moltaí maidir le beartas poiblí (e.g. an Plean Straitéiseach) agus cáipéis ar bith a mbeadh sainordaithe go cuí gur cáipéis í a bhfuil tábhacht mhór léi go poiblí.

Ó thaobh cúrsaí leagan amach, tugtar chun aire go mbíonn gá le 20% níos mó spáis ar an meán do théacs Gaeilge seachas mar a bhíonn do théacs Béarla. Tá cúnamh ar fáil ón Oifigeach Gaeilge maidir le seirbhísí aistriúcháin a aimsiú.

Seirbhís Aistriúcháin

Cuirtear seirbhís aistriúcháin Béarla - Gaeilge ar fáil saor in aisce do lucht na foirne in Oifig na Gaeilge. Seoltar an téacs Béarla atá le haistriú go dtí gaeloifig@tcd.ie. Is iondúil an t-aistriúchán críochnaithe a sheoladh ar ais taobh istigh de 3 lá oibre. Tugtar chun aire go bhféadfadh níos mó ama a bheith i gceist leis an bpróiseas, mar shampla má tá an téacs an-fhada, nó má bhíonn daoine den lucht foirne ar saoire. Moltar, dá réir sin, go gcuirtear téacs atá le haistriú ar fáil go maith roimh an am.

Is féidir na teidil atá i nGaeilge ar réimsí léinn, seirbhísí, poist, ionaid de chuid an Choláiste agus leaganacha Gaeilge de sheoltaí poist a fháil ar láithreán gréasáin Oifig na Gaeilge. D'fhonn cruinneas agus comhleanúnachas a chinntiú, níor cheart aon aistriúchán logánta a úsáid gan a chur i gcead an Oifigigh Gaeilge ar dtús.

Ba cheart réimíreanna acadúla de leithéid 'Dr' nó 'Prof.' a aistriú go Gaeilge ach ní gá ainmneacha ná sloinnte a "aistriú" murar mian leis an duine féin sin.

Ná húsáidtear réimír ar bith ar stáiseanóireacht ná ar chártaí gnó maidir le seoladh ríomhphoist ná seoladh láithreán gréasáin.

I gcás ábhar atá le cur i gcló taobh amuigh agus ábhar a chuirfear ar fáil go hinmheánach, cuirtear gach aistriúchán faoi bhráid an Oifigigh Gaeilge ag tráth na profála, ós furasta a tharlaíonn earráidí clóscríbhneoireachta i rith phróiseas an leagan amach.