Tá Dámh na nEolaíochtaí Sláinte ar cheann de na trí dhámh in Ollscoil Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide. Ba é an chéad Dhámh Eolaíochtaí Sláinte é sna hoileáin seo agus anois tá Ollscoileanna eile na hÉireann ag déanamh amhlaidh. Faoin idirdhisciplíne seo is féidir oideachas agus oiliúint a chur ar raon iomlán an phearsanra cúraim sláinte in aon Dhámh lánpháirtithe amháin. Is í an tOllamh Mary McCarron Déan reatha na Dáimhe.
Ba mhaith liom fáilte a chur romhat chuig na Scoileanna éagsúla i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte; chuig Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Scoil na Cógaisíochta, Scoil na hEolaíochta Déadaí agus Scoil an Leighis. Is mar gheall ar an tsuim atá agat i gceann de na Scoileanna sin a bhfuil cuairt tugtha agat ar an láithreán gréasáin agus is anseo a gheobhaidh tú an t-eolas atá uait.
Mholfainn duit freisin féachaint ar eolas ar láithreáin ghréasáin na Scoileanna féin.
Eolaíochtaí sláinte sinn díreach mar gheall gur ábhair chomhoibríocha agus idirdhisciplíneacha iad sláinte agus cúram sláinte. Bíonn a cuid dúshlán féin ag gach ré den tsláinte agus den chúram sláinte agus tá Dámh na nEolaíochtaí Sláinte i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chun tosaigh maidir le freagra na hÉireann - agus an domhain go deimhin - ar na dúshláin sin. Is amhlaidh an cás sa lá atá inniu ann. Is ar bhuiséid agus ar ghearradh siar a chuirtear an bhéim sna meáin. Tá an chéad Dámh Eolaíochtaí Sláinte sna hoileáin seo bunaithe ag ár Scoileanna agus tá freagraí nua ar dhúshláin sláinte á n-aimsiú againn, go minic trí theacht ar bhealaí nua chun oibriú i gcomhar ar bhealach níos cliste agus chun an cháilíocht cúraim is fearr a sheachadadh, cé go bhfuil níos lú acmhainní againn. Tá na réitigh le fáil trí chaidreamh idirdhisciplíneach a chruthú idir na Scoileanna ar leithligh - sin an rud a dhéanfaidh difear.
Mar dhámh, is éard atá uainn an cháilíocht cúraim is airde is féidir a thabhairt do gach duine; dul i mbun taighde chun teacht ar réitigh nua ar ábhair imní casta ó thaobh na sláinte; torthaí an taighde a úsáid chun cúram cois leapa a fheabhsú, chun fachtórí riosca a bhainistiú, chun galair a chosc, chun téarnamh a éascú agus chun caighdeán beatha a chothabháil; AGUS is éard atá uainn freisin féachaint ar an duine aonair mar dhuine seachas mar ghalar nó siomptóim. Tugaimid aghaidh ar dhúshláin sláinte agus cuirimid leis an scoth agus le traidisiúin Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus le Scoileanna Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte.
An tOllamh Mary McCarron