Bunaíodh an Naíolann i 1969 agus ba í an chéad naíolann ar láthair na hoibre in Éirinn. Tá sé mar aidhm againn cúram leanaí agus clár oideachais den chaighdeán is airde a chur ar fáil do pháistí fhoireann agus mhic léinn Choláiste na Tríonóide.
Cuirimid cur chuige leanbhlárnach ar fáil freisin, áit a bhfuil saoirse ag páistí a scileanna cruthaitheachta agus úrnuachta a úsáid chun a bhféinmheas agus a bhféiniúlacht a neartú. Úsáidimid an Creat Aistear chun tacú leis na páistí i ngach gné dá bhforbairt.
Faigheann na páistí atá faoi chúram againn béile cothaitheach, tá rochtain acu ar spás lasmuigh, ar dheiseanna aclaíochta, ar am suaimhnis agus ar am súgartha, rud a thacaíonn lena bhfás ar an iomlán agus lena rath acadúil. Tá rogha mhór bréagán agus acmhainní foghlama d’ardchaighdeán le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh ar fáil inár Naíolann.
Spreagann ár gcultúr gníomhach foghlama na páistí níos óige chun foghlama agus forbartha tríd an súgradh agus tugann sé deis do na páistí níos sine taithí a fháil ar mhodh oideachais Montessori. Beidh tacaíocht ar fáil do gach páiste foghlaim agus forbairt ar a luas féin agus cairde nua a dhéanamh.
Tá an naíolann ar oscailt cúig lá sa tseachtain, Luan go hAoine, mar seo a leanas:
8:30am go 17:00pm. Táimid ar oscailt 51 seachtain sa bhliain. Dúnaimid ar feadh seachtaine um Nollaig agus ar laethanta saoire poiblí.