Sa Naíolann, freastalaíonn muid ar linbh idir 3 mhí agus 5 bliana d’aois. Tá 5 sheomra againn: seomra na leanbh, seomra na lapadán, seomra na dtachrán, seomra na ngrúpaí súgartha, agus an seomra Montessori.

Tuigimid go hiomlán agus aithnímid gurb iad na tuismitheoirí príomhchúramóirí agus cúramóirí is tábhachtaí an pháiste. Tá polasaí maith socraithe againn chun tacú leis na páistí agus leis na teaghlaigh le gach cineál aistrithe. Tuigimid go hiomlán cé chomh mothúchánach agus a d’fhéadfadh sé a bheith do thuismitheoirí a bpáiste a shocrú isteach sa naíolann, agus dá bharr sin oibreoidh ár bhfoireann cháilithe in éineacht libh chun an t-aistriú a dhéanamh chomh héasca agus is féidir.

Tá polasaí iontráil oscailte againn chun tuismitheoirí a spreagadh teacht isteach agus cuairt a thabhairt ar a bpáiste ag am ar bith den lá. Tá seomra tuismitheoirí againn freisin ina bhféadfaidh tuismitheoirí am speisialta a chaitheamh lena bpáiste, nó beathú cíche a dhéanamh.

Sa Naíolann tugaimid tús áite do roghanna bia cothaitheach a thabhairt do na páistí atá faoi chúram againn mar go gcreidimid gur cuid ríthábhachtach dá lá iad na béilí. Cinntíonn ár mbiachlár go bhfaigheann do pháiste an bia cothaitheach go léir a theastaíonn agus a fhreastalaíonn ar a riachtanais aiste bia féin, ó aois linbh go haois scoile. Dá bhrí sin, cuirimid béile sláintiúil ar fáil atá ullmhaithe ag ‘Little Dinners’ agus déantar gach béile a oiriúnú do riachtanais aiste bia do pháiste. Tacaímid le do leanbh sa phróiseas scoite den chíoch agus tugaimid isteach éagsúlacht bhlasanna agus uigeachtaí.

Beidh áthas orainn bualadh leat chun labhairt faoi roghanna aiste bia do pháiste.