Fáilte chuig suíomh gréasáin an Oifig Chumarsáide

Tá an Oifig Chumarsáide freagrach as straitéis chumarsáide an Choláiste a bhainistiú agus a fhorbairt. Cuimsíonn an obair seo cumarsáide inmheánach agus seachtrach, caidreamh leis na meáin, ag cur Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun cinn le sprioc luchtanna féachana in Éirinn agus thar lear mar phríomh-ollscoil thaighde agus teagaisc agus ag cur lena cháil, bainistiú ar bhranda an Choláiste agus bainistiú mhór-imeachtaí an Choláiste.

Agus í ag cur Coláiste na Tríonóide chun cinn sna meáin, tá an Oifig Chumarsáide mar lárionad teagmhála do gach cumarsáid ón gColáiste leis na meáin, agus í i mbun plé le fiosruithe ón bpreas náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Eisíonn sí preasráitis agus tugann sí faisnéis  d’iriseoirí ar cheisteanna bainteach leis an gColáiste. Aimsíonn sí deiseanna sárthaispeántas a dhéanamh ar thaighde, ghníomhaíochtaí, éachtaí agus thosaíochtaí an Choláiste sna meáin.

Mar bhreis ar an obair straitéiseach seo, bíonn an Oifig I mbun iarratais ar scannánú, craoltaí agus gairmeacha ghrianghraf ar champas. Cuireann sí Féilire Imeachtaí Cumarsáide Straitéiseacha an Choláiste i dtoll a chéile, agus riarann sí é. Tiomsaíonn sí Tuarascáil Bhliantúil an Choláiste agus déanann sí eagarthóireacht uirthi. Déanann sí maoirsiú ar úsáid fhéiniúlacht chorparáideach agus lógó an Choláiste agus cuireann sí seirbhís tacaíochta agus chomhairle ar fáil don fhoireann.  

Foilsíonn an Oifig Chumarsáide míreanna nuachta ar leathanach baile shuíomh ghréasáin an Choláiste agus bíonn sí i mbun an fhoilseacháin sheachtainiúil Listings/Scéala an Choláiste. Tá sí freagrach freisin as Scáileáin Clár Fógraí agus Eolais an Choláiste, atá bunaithe ar an ngréasán; as cúrsaí fógraíochta agus as an t-innchear ar chainéil oifigiúla ghréasáin shóisialta an Choláiste ar Twitter agus Facebook.