Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Robert Ballagh 'Triúr in éineacht le Jackson Pollock', 1973, aicrileach ar chanbhás


Láthair: bainte le haghaidh cóireáil caomhnaithe

Láthair go dtí 2013: An halla isteach go dtí Leabharlann Lecky, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Robert Ballagh 'Three People with Jackson Pollock' (1973) acrylic on canvas

Blúirín Eolais:

Cuimhníonn an grianghrafadóir Patrick Brocklebank ar 1979 nuair a d'úsáid sé Áras 'nua' na nEalaíon agus na saothair ealaíne a bhí ansin mar chúlra chun grianghraif a thógáil don bhanna U2 a bhí ag teacht chun cinn ag an am. (tá ceann de na grianghraif thíos)

"I mí Feabhra 1979, d'iarr Bono orm seisiún grianghrafadóireachta a dhéanamh lena bhanna U2. Rinneamar socrú bualadh le chéile in Áras na nEalaíon i gColáiste na Tríonóide maidin Sathairn, an 10ú Feabhra. Nuair a bhuaileamar le chéile sa halla - ní raibh aon radharc ar Larry Mullen, an drumadóir. Dúirt Bono liom - 'níl Larry anseo ach d'iarramar ar Guggi teacht'. Bhí Guggi ar dhuine de phríomhcheoltóirí The Virgin Prunes - comhbanna le U2 a tháinig as an gceantar céanna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. An tráthnóna sin bhí a gceolchoirm deiridh ag ceann d'iomaitheoirí U2, The Vipers, i gClub Oíche McGonagle's a bhí in aice le Sráid Grafton. Ag an ócáid sin tháinig Larry Mullen chugam agus dúirt sé: 'Chuala mé go ndearna tú seisiún grianghrafadóireachta ar maidin - bhuel níor dúradh dada liomsa faoi'. Bhí U2 Ián le smaointe agus gan aon drogall orthu rudaí nua a thriail. Bhí sé éasca oibriú leo rud nach bhféadfaí a rá faoi chuid de na bannaí eile a bhí thart ag an am. Is mar sin a tharla sé gur thóg mé na grianghraif agus pictiúr Ballagh sa chúlra. Foirgneamh nuathógtha a bhí in Áras na nEalaíon ag an am agus cuma nuálach air. Seans gur mar gheall air sin a roghnaigh Bono & Co é. Bhí baint ag an mbailiúchán ealaín chomhaimseartha a bhí ann leis an gcinneadh chomh maith. Ar ndóigh bhí eolas maith ag lucht U2 agus a gcairde ar an áit mar bhí árasán beag ag Richard, deartháir The Edge, is é sin Dave Evans, i gColáiste na Tríonóide. Bhí Richard in U2 ar dtús ach d'fhág sé i mí Márta 1978 chun The Virgin Prunes a thosú le Guggi and Gavin Friday."

Patrick Brocklebank's 1979 photograph of Bono and Guggi standing in front of Robert Ballagh's 'Three People with Jackson Pollock'

Grianghraf Patrick Brocklebank ó 1979 de Bono and Guggi agus iad ina seasamh os comhair phictiúr Robert Ballagh ‘Triúr in éineacht le Jackson Pollock'


Robert Ballagh’s Biography