Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Eileen Gray 'Castellar'

Deartha 1926, fite 1975) olann, ruga de chaitín fada, olann lámhfhite agus snaidhmthe ag The Donegal Carpet Company, Éire


Láthair: An halla isteach go dtí Leabharlann Lecky, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Eileen Gray 'Castellar' (deartha 1926, fite 1975) olann, ruga de chaitín fada, olann lámhfhite agus snaidhmthe ag The Donegal Carpet Company, Éire

I gContae Loch Garman a rugadh Eileen Gray sa bhliain 1878 agus bhí sí ar duine de na ceannródaithe maidir le réabhlóid a tharla i gcúrsaí dearaidh, ó thaobh na teoirice agus na nósmhaireachta de, ar fud na hEorpa i rith an 20úcéad. Ar a theacht in aois a 20 bliain di, bhí sí ar dhuine de na mná ba thúisce a chláraigh sa Slade School of Fine Art i Londain.  Rinne sí staidéar ansin ar an bpéintéireacht sular thug sí faoi thréimhse printíseachta le hearraí laicearaithe, réimse den ealaín arbh í féin ba mhó a luafaí leis tráth ab fhaide anall.  Mar gheall ar an luí a bhí aici leis an ábhar sin, agus an oiliúint leanúnach a chuaigh uirthi i réimsí eile den dearadh tionsclaíochta, tháinig scáileáin laicearaithe agus painéil mhaisiúcháin chun cinn níos deireanaí i rith na 1920idí agus na 1930idí a rinne sí i stíl Art Deco na linne.  Chuaigh sí ina cónaí go Páras, croílár an Avant-Garde, sa bhliain 1902 agus í fós ag teacht in inmhe mar ealaíontóir laicearaíochta.  Ba dhíol suntais an aird a tharraing sí uirthi féin nuair a chuir sí boudoir laicearaithe ar taispeáint ag an 14eme Salon des Artistes Décorateurs sa bhliain 1923 a bhí gealbhán go hiomlán. Is léir an dúil chráite a bhí riamh aici in ábhar nua a thriail ón réimse éagsúil a thapaigh sí, laicear agus olann, adhmad agus leathar, aicéatáit cheallalóis agus cróm, feadáin cruach agus alúmanam, agus, ar ndóigh, coincréit maidir leis an bhfoirgníocht ailtireachta de réir a cuid dearaidh, iad á n-aistriú ceann i ndiaidh an chinn eile ón gcoincheap go dtí an ceapachán féin mar a bhí sa dearadh slachtmhar álainn a mb'fhiú áit i ngailearaí ealaíne ar bith gach uile cheann acu.


Ba chara í leis na hailtirí Mies van der Rohe agus Le Corbusier agus bhí sí chomh tógtha céanna leosan leis an dearadh feidhmeach, glan, nua-aimseartha.  Is minic a tháinig saothar dá gcuid faoina hanáil.  Bhí sí i gceann an róid maidir le gluaiseachtaí na linne i ngach gné faoi leith dá cuid saothair.  Ina cuid ailtireachta, ghlac sí le haeistéitic nua-aimseartha Bauhaus, cur chuige an aon dearadh aontaithe amháin a tháinig go mín lena cuid saothair agus a spreag réimsí eile de.  Tá dhá theach den chuid a leag sí amach, E-1027 in Roquebrune-Cap-Martin agus Tempe á Pailla in Castellar sa Fhrainc, a tógadh idir 1926 agus 1934 agus a ndeirtear fúthu go bhfuil siad ina sáreiseamláirí den ailtireacht maidir le tithe cónaithe ag an am.


‘I should so like to have a carpet made in Ireland’


Ba é ba mhian le Gray ar feadh i bhfad go ndéanfaí a cuid rugaí ina tír dúchais, Éire.  Tar éis taispeántas na bliana 1973 i mBaile Átha Cliath, d'áitigh an léirmheastóir ealaíne Dorothy Walker uirthi beart a dhéanamh dá réir. D'impigh Donegal Carpets agus V’Soske Joyce araon ar an ealaíontóir cead a thabhairt saothair dá cuid a atáirgeadh.  Ó tharla gur luaigh V’Soske Joyce athrú a chur ar an dearadh a rinne Gray féin, agus nach de láimh a dhéanfaí na cairpéid, ba do Donegal Carpets a tugadh an coimisiún i ndeireadh báire. Cé go raibh Gray den tuairim go raibh tiús mór sa chaitín ag Donegal Carpets, bhí sí sásta leis na rugaí a díoladh trína gníomhaire, Monica Kinley, i Londain. Tá dhá ruga as an tsraith sin a rinneadh in Éirinn i mbailiúchán Choláiste na Tríonóide – Zara agus Castellar, an dara ceann acu sin, a rinneadh sa bhliain 1975, bliain sula bhfuair Gray bás, ar taispeáint ar an mbealach isteach go Leabharlann Lecky.
Castellar bunaithe ar dhearadh de chuid Gray ón mbliain 1926 ar ar bhunaigh sí saothar péintéireachta agus colláis meán measctha.  Cuireadh an dá shaothar sin ar taispeáint in éineacht le ruga Choláiste na Tríonóide ar iarratas speisialta ina leith ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Musée National de l’Art Moderne at the Centre Pompidou i bPáras, do chuairt an taispeántas Eileen Gray: Architect, Designer, Painter go hÉirinn ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath idir mí Deireadh Fómhair 2013 agus mí Eanáir 2014. Is léiriú ar chur chuige uileghabhálach Gray maidir le gach gné den dearadh go bhfuil móitíf lárnach an ruga bunaithe ar an bplean ailtireachta do Tempe á Pailla, dearadh ailtireachta dá cuid a tugadh i gcrích agus a raibh ardmholadh air.  Is léir ón dearadh a thug sí ar an ruga an spéis a bhí aici sa Chiúbachas, i stíl De Stijl agus an luí a bhí aici le saothar ealaíne Kasimir Malevich, go háirithe, sa leagan amach anailíseach, teibí agus íostach seo. Tá Brentano, an t-ainm atá ar shiopa leabhar in aice le háras Gray i bPáras mar mhalairt ainm ar Castellar.

Catherine Giltrap, Coimeádaí agus Carolyn Kelly, Coimeádaí Cúnta, a rinne an taighde agus an scríobh

Rogha d'fhoinsí eile eolais faoi Eileen Gray:

Goff, Jennifer Eileen Gray. Her Work and Her World (Baile Átha Cliath: Irish Academic Press, 2014)

Cartlanna Ard-Mhúsaem na hÉireann

The Architectural Review http://www.architectural-review.com/eileen-gray-pioneer-of-design-december-1972/8659684.article