Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Alexander Calder ‘Cactus Provisore’ (1967) cruach tháite

Láthair: Cearnóg na  gComhaltaí, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Alexander Calder ‘Cactus Provisore’ (1967) cruach tháite

Saothar dealbhóireachta Alexander Calder, 'Cactus Provisoire' ag teach an dealbhóra i nDeisceart na Fraince áit ar roghnaíodh é do Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Blúirín eolais:

Cuireann Paul Koralek CBE RIBA RA - an t-ailtire le grúpa ailtireachta ABK, a dhear Leabharlann Berkeley, Áras na nEalaíon, Dánlann Douglas Hyde agus an tOspidéal Déidliachta - síos ar an gcaoi ar tháinig píosa dealbhóireachta Alexander Calder go dtí Coláiste na Tríonóide in 1978, trí iarrachtaí George Dawson.

"Nuair a bhí Áras na nEalaíon i ngar a bheith críochnaithe, thosaigh an chaint faoi phíosa dealbhóireachta feiliúnach do Chearnóg na gComhaltaí a bhí díreach tógtha agus ar láthair thábhachtach sa choláiste í. Ba léir go gcaithfeadh an saothar sin a bheith téagartha agus ar ardchaighdeán chun luí le scála na cearnóige. Fear gnaíúil ab ea George agus d'fhiafraigh sé díom féin céard ab fhearr liom. Tar éis roinnt machnaimh agus plé, mhol mé saothar Calder. D'aontaigh George liom agus a bhuíochas d’iarmhac léinn fial, d’éirigh leis maoiniú a fháil. Faraor, bhí Calder tar éis bháis tamall gearr roimhe sin ach bhí a bhean chéile, a bhí fós ina cónaí ina dteach feirme i ngleann an Loire, sásta an saothar a chur ar fáil do Choláiste na Tríonóide ar phraghas réasúnach. Shocraigh George go rachadh sé ar cuairt chuici. Bhí an turas sin go dtí teach álainn aoibhinn Calder ar cheann de na tascanna gairmiúla is taitneamhaí agus is spéisiúla dá ndearna mé riamh. Bhí an teach Ián lena shaothair dealbhóireachta, a chuid bréagán agus a chuid sceitseanna chomh maith le fíodóireacht agus rugaí a mhná. Tugadh amach go dtí garraí in aice an tí mé a bhí Ián le dealbha móra agus iad ina seasamh i ndiaidh a chéile faoin ngrian mar a bheadh trealamh os réalaíoch feirme. Dúradh liom nach raibh le déanamh agamsa ach mo rogha a dhéanamh. Tá an ceann a roghnaigh mé le feiceáil i gCearnóg na gComhaltaí. Ba chóir don Choláiste a bheith buíoch go deo den deonóir agus de George Dawson."

Beathaisnéis Alexander Calder