Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Ní mór do mhic léinn clárúchán a dhéanamh ar líne gach bliain dá gcúrsa. Tá sé seo riachtanach chun gur féidir leat clárú i ranganna agus chun taifead gníomhach a choinneáil mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide.

Seolann an Chlárlann Acadúil cuireadh chun clárúcháin chuig gach mac léinn nua agus ar leanúint. Is féidir an cuireadh seo a fheiceáil i rannóg theachtaireachtaí an bhosca isteach ar my.tcd.ie.

Roimh an gClárúchán

Seolann an Chlárlann Acadúil cuireadh chun clárúcháin chuig gach mac léinn nua agus ar leanúint. Ní mór do mhic léinn nua glacadh leis an tairiscint a fuair siad chun tabhairt faoin staidéar i gColáiste na Tríonóide le cuireadh chun clárúcháin a fháil.

Is féidir an cuireadh seo a fheiceáil i rannóg theachtaireachtaí an bhosca isteach de my.tcd.ie.

Nuair a bhíonn an cuireadh seo faighte agat agus nuair a fheiceann tú an cluaisín “Register”, is féidir leat tús a chur leis an gclárúchán.

Clárúchán á chur i gcrích

Seo iad na céimeanna a chaithfidh tú a thógáil chun an clárú a chur i gcrích:

  1. Sonraí Pearsanta
  2. Sonraí Teagmhála
  3. Sonraí Pearsanta Eile
  4. Sonraí Teagmhála Éigeandála
  5. Cúrsa
  6. Suirbhé Cothroime Rochtana*
  7. Airgeadas
  8. Téarmaí agus Coinníollacha

*Ní fheicfidh ach mic léinn atá ag teacht isteach sa chéad bhliain an suirbhé seo. Mura bhfeiceann tú an suirbhé mar chuid den phróiseas clárúcháin duitse, is féidir leanúint ar aghaidh.

Le haghaidh treoracha iomlána céim ar chéim don phróiseas clárúcháin, féach ar ár dtreoir don chlárúchán.

I gcás cúrsaí ar leith, féadfaidh Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith ag teastáil chun an clárúchán a chur i gcrích. Ní féidir le mic léinn leanúint ar aghaidh leis an gclárúchán go dtí go mbeidh Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána déanta acu.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh go dtí an leathanach atá againn maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

I gcás cúrsaí ar leith a bhfuil socrúchán cliniciúil mar chuid dóibh, beidh ar mhic léinn scagthástáil sláinte a dhéanamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh go dtí an leathanach atá againn maidir le Scagthástáil Sláinte.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le clárúchán, féach ar an bhfíseán seo.

Tús an Téarma

Cárta Aitheantais Choláiste na Tríonóide

Is féidir cur isteach ar Chárta Aitheantais Mic Léinn (TCard) nuair atá tú cláraithe. Tugann an TCard rochtain duit ar an leabharlann, is féidir é a úsáid mar modh íocaíochta ar an gcampas, agus is é do chruthúnas céannachta é sna scrúduithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an leathanach atá againn maidir le cártaí aitheantais mic léinn.

My.tcd.ie

Is í tairseach my.tcd.ie an mol don eolas ar fad a theastaíonn uait mar mhac léinn í.

Tá treoir maidir lena húsáid san fhíseán seo.

Cuntas Ríomhaire Choláiste na Tríonóide

Nuair a bhíonn tú cláraithe, iarrfar ort do chuntas ríomhaire don Choláiste a chur ar siúl.

Is féidir leat é sin a dhéanamh trí chliceáil ar an nasc san fhógra dearg ar thairseach my.tcd.ie.

Is féidir sonraí logála isteach do Chuntais Ríomhaire a úsáid le teacht ar sheirbhísí an choláiste cosúil le do chuntas ríomhphoist.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar leathanach gréasáin Sheirbhísí TF.

Ceisteanna Coitianta

Má bhíonn aon cheist agat maidir le clárúchán, tabhair cuairt ar AskTCD, le do thoil.