Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Is féidir neart ceisteanna agus fadhbanna coitianta a réiteach go gasta gan dua, mar sin, ná bí faoi bhrú ina thaobh. Tá liosta ceisteanna coitianta thíos. Cliceáil ar na táib anuas chun féachaint ar na míreanna éagsúla de na ceisteanna coitianta. Más rud é nach bhfuil freagra do cheiste ann, úsáid ceann de na modhanna sa liosta thíos chun teagmháil a dhéanamh linn nó buail isteach chun na hoifige áit a mbeidh ball den fhoireann fháilteach in ann cuidiú leat.

Fón: +353 (0) 1 896 4500
Ríomhphost: academic.registry@tcd.ie
Comhrá gréasáin: Cliceáil anseo
Uaireanta oscailte:Luan go hAoine 09:00 - 17:00

Clárúchán Bliantúil na Mac Léinn

Conas is féidir liom clárú mar mhac léinn?

Gheobhaidh mic léinn teachtaireacht chuig an tráidire isteach ar an tairseach my.tcd.ie chun iad a chur ar an eolas gur féidir clárú. Ba chóir don mhac léinn cliceáil ansin ar an táb dar teideal “Clárú” ar thaobh na láimhe clé den tairseach agus na tascanna go léir ansin a chur i gcrích.

De réir mar a chuirfear gach tasc i gcrích, beidh tic glas le feiceáil áit a raibh X dearg roimhe sin. Nuair a bheidh gach tasc curtha i gcrích, beidh an mac léinn iomlán cláraithe. Iarrfar air nó uirthi “Deimhniú Clárúcháin” a phriontáil ansin. Ba chóir an cháipéis sin a thabhairt ag an Deasc Eisiúna do Chártaí Aitheantais nó (i gcás iontrálaithe nua i mí an Mhárta) ag Deasc Seirbhíse na Clárlainne Acadúla le cárta aitheantais mic léinn nua a fháil.

Tabhair faoi deara le do thoil nach ionann táillí a íoc ar an tairseach my.tcd.ie agus mac léinn a bheith cláraithe. Caithfidh mic léinn an próiseas clárúcháin a chur i gcrích ar an tairseach my.tcd.ie gach bliain.

Tá deacrachtaí agam agus mé ag iarraidh clárú. Cé ar chóir dom teagmháil a dhéanamh leis?

Má bhíonn aon deacracht ag mic léinn agus iad ag iarraidh an próiseas clárúcháin ar líne a chur i gcrích, ba chóir dóibh bualadh isteach chun na Clárlainne Acadúla le cuidiú a fháil. Mar mhalairt rogha, is féidir ceist a chur isteach agus ‘Ceist maidir le Clárúchán’ mar theideal an ábhair ann chuig (academic.registry@tcd.ie) nó an cnaipe ASK AR a chliceáil ar scáileán an chlárúcháin.

Cá bhfaighidh mé Cárta Aitheantais Mic Léinn ó Choláiste na Tríonóide? Cén costas atá air?

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chárta aitheantais mic léinn, nó TCard mar a thugtar air chomh maith, caithfidh tú an clárúchán a chur i gcrích ina iomláine i dtús báire. Is féidir iarratas a dhéanamh ar chárta ar shuíomh gréasáin TCard. Tá cárta aitheantais mic léinn Choláiste na Tríonóide saor in aisce, ach má chailltear é beidh costas €20 ar cheann eile, ar féidir é sin a cheannach ó dheasc seirbhíse na Clárlainne Acadúla i bhFoirgneamh Watts.

Más mian leat tuilleadh eolais a fheiceáil agus a chloisteáil maidir le cárta aitheantais mic léinn Choláiste na Tríonóide a fháil, féach ar an bhfíseán thíos.

Rinne mé scrúduithe forlíontacha agus ní bhfuair mé cuireadh chun clárú.

Is gá grád pas a uaslódáil ar thaifead mic léinn sular féidir iarraidh ar mhac léinn clárú. I gcás mic léinn a dhéanann scrúduithe forlíontacha, mar sin, iarrfar orthu clárú ar chéim níos moille ná mic léinn ar éirigh leo sna scrúduithe bliantúla.

I gcás mic léinn a rinne scrúduithe forlíontacha agus a ghnóthaigh pas iontu, cuirtear cuireadh chun clárú chucus i dtreo dheireadh mhí Mheán Fómhair de ghnáth.

Chaith mé an bhliain acadúil atá díreach thart ar chlár malartaithe agus níor iarradh orm clárú.

I gcás mic léinn a bhí ar chlár ERASMUS nó ar cuairt ar institiúidí eile sa bhliain acadúil seo a chuaigh thart, iarrfar orthu clárú ag brath ar thoradh na bliana acadúla sin a fhoilsiú. Ba chóir do mhic léinn mar sin atá ag fanacht go dtí go bhfoilseofar a gcuid torthaí teagmháil a dhéanamh lena Scoil nó Oifig an Chúrsa sa chéad dul síos.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gclárúchán, féach ar an bhfíseán thíos.