Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Céard í an Chlárlann Acadúil?

Croílár Choláiste na Tríonóide faoi choinne seirbhísí riaracháin na mac léinn is ea an Chlárlann Acadúil. Tá an Chlárlann suite i bhFoirgneamh Watts, ar an Taobh Thoir den champas.

Is é is bunchuspóir na Clárlainne Acadúla seirbhísí tábhachtacha lárnacha riaracháin a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne sa chaoi is go mbeidh an t-am is fearr agus is féidir acu i gColáiste na Tríonóide. Tá tuilleadh eolais thíos.

Tá an Chlárlann Acadúil mar chuid de Sheirbhísí na Mac Léinn i Rannán na Seirbhísí Corparáideacha.

Na cúraimí atá orainn

Tá na gníomhaíochtaí tábhachtacha seo a leanas i saol an mhic léinn á reáchtáil ag an gClárlann Acadúil chun tacú le mic léinn agus le baill foirne reatha agus amach anseo:

Iarratais agus Iontrálacha

Cuireann an fhoireann um Iarratais agus Iontrálacha eolas ar fáil maidir le riachtanais iontrála agus déanann iad iarratais ar chúrsaí fochéime agus iarchéime a riar i gcás mic léinn i dtíortha san Aontas Eorpach agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach.


Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:
  • Iontrálacha Fochéime agus Iarchéime
  • Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
  • Erasmus
  • Iarratais le staidéar a dhéanamh thar lear
  • Glanadh Galar Tógálach
  • Taispeántas Iontrála
  • Gradam na dTaispeántas Iontrála

Measúnú agus Dul Chun Cinn

Is sinne a dhéanann scrúduithe na hollscoile a riar, is iad sin scrúduithe an tseimeastair, scrúduithe athmheasúnaithe agus scrúduithe scoláireacht na fondúireachta. Déanaimid ionaid agus feitheoirí scrúduithe a eagrú, scaipeadh na bpáipéar scrúdaithe agus ábhair agus soláthairtí a fháil.

Déanaimid dámhachtana áirithe san Fhéilire a riar chomh maith agus tugaimid tacaíocht d’oifigí Scoileanna/Cúrsaí ar fud an Choláiste in aistear an mhic léinn.1

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:
  • Scoláireachtaí na Fondúireachta agus Scoláireachtaí eile
  • Iar-scrúdpháipéir
  • Ionaid scrúduithe
  • Athmheasúnú
  • Feitheoireacht
  • Tacaíocht maidir le dul chun cinn
  • Duaiseanna agus dámhachtainí

Athrú agus Claochlú

Tá dhá aonad den fhoireann um Athrú agus Claochlú sa Chlárlann Acadúil faoi láthair:

Clárú do Mhodúil ar líne (OME)

Táimid freagrach as an gcóras chun clárú do mhodúil ar líne. Cuimsíonn sé sin cumraíocht an chórais, tástáil agus oiliúint. Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Ceisteanna maidir le Clárú do Mhodúil ar líne

Feabhsúcháin ar Phróisis

Táimidne freagrach as feabhsúcháin thábhachtacha a chur le próisis agus córais ghnó sa Chlárlann Acadúil chun éifeachtúlacht a bhaint amach agus lena chinntiú go mbeidh na próisis agus córais sin inbhuanaithe agus in ann feidhmiú mar is ceart.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:
  • Bealaí le próisis agus córais a fheabhsú a aimsiú
  • Próisis Ghnó a bharrfheabhsú
  • Dearadh/Athdhearadh Próiseas
  • Anailís ar Ghnó agus ar Chórais
  • Cáipéisíocht ceann go ceann a bhaineann le próisis ghnó “mar atá” agus “le bheith”

Bronnadh na Céime agus Taighde

Déanann an fhoireann um Bronnadh Céimeanna agus Taighde dul chun cinn na mac léinn taighde a bhainistiú i gcomhar le hOifig an Léinn Iarchéime. An fhoireann seo againne a dhéanann ceiliúradh bronnta na céime a shocrú agus a eagrú ón gcuireadh go dtí an lá féin, lena chinntiú go mbeidh lá speisialta ag gach duine dár réamhchéimithe.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Scrúdú Taighde - Tráchtas a chur isteach le go ndéanfar é a scrúdú
  • Scrúdú Taighde
  • Litreacha na dTorthaí
  • Faomhadh ag an gComhairle
  • Páir ionaid
  • Sceideal na Searmanas Bronnta Céimeanna agus Dioplómaí (fochéimeanna agus iarchéimeanna)
  • Searmanais Bronnta Céimeanna agus Dioplómaí
  • Feisteas Acadúil i gcomhair Céimeanna agus Dioplómaí
  • Ticéid aíonna a eisiúint tríd an ríomhphost
  • Suíocháin agus riachtanais bhreise

Bainistíocht Taifead agus Cásanna

Ó am go chéile, d’fhéadfadh nithe titim amach a d’fhágfadh nach mbeifeá in ann leanúint ar aghaidh leis an staidéar nó scrúduithe a dhéanamh, rudaí a chuirfeadh isteach ar ghnáth-aistear acadúil an mhic léinn. Beidh foireann na Bainistíochta Taifead agus Cásanna in ann na roghanna atá agat a phlé leat, is cuma cé na cúinsí atá ann.

Is féidir leo cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Gan a bheith i láthair do Scrúduithe
  • Saoirse ó léachtaí agus teacht ar ais
  • Éirí as
  • Bliain a dhéanamh arís
  • Inniúlacht chun Cleachtais

Cúrsaí Airgeadais Mac Léinn

Oibríochtaí Airgeadais

Tá an fhoireann um Airgeadas Mac Léinn dírithe ar chuidiú a thabhairt do mhic léinn reatha agus atá ag teacht isteach le heolas faoi tháillí agus deontais oideachais i gColáiste na Tríonóide.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)/Deontais
  • Aisíocaíochtaí
  • Táillí Iarratais (AE/neamh-AE)
  • Cúnamh Feidearálach
  • Tionscnamh táillí saor in aisce an Údaráis um Ard-Oideachas

Bainistíocht Airgeadais

Tá ról iontach tábhachtach ag an bhfoireann oilte Bainistíochta Airgeadais le haghaidh mic léinn atá ag teacht isteach agus mic léinn reatha.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Sonraisc
  • Billeáil
  • Tuarascálacha Iniúchóra

Seirbhís

Deasc Seirbhíse

Is éard a dhéanaimid ag an Deasc Seirbhíse cúnamh a thabhairt do mhic léinn agus do bhaill foirne ar an láthair agus iad ag plé le ceisteanna a bhaineann le hIontrálacha, Bronnadh na Céime agus go leor eile. Gheobhaidh tú comhairleoirí dúthrachtacha mic léinn anseo a chuireann seirbhís triáise ar fáil agus a thugann freagra ar cheisteanna praiticiúla go gasta agus go héifeachtúil.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Cáipéisí agus Foirmeacha
  • Cártaí Aitheantais
  • Comhairle do mhic léinn
  • Tráchtais a chur isteach
  • Clárú

Cumarsáid, Acmhainní Daonna agus Riarachán

Cuid an-mhór de shaol an uile lae atá sa chumarsáid. Táimid an-bhródúil anseo sa Chlárlann Acadúil faoi dhaoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile, idir bhaill foirne agus mhic léinn. Tá an fhoireann cumarsáide freagrach as na meáin shóisialta agus suíomh gréasáin seo againne a chothabháil lena chinntiú go bhfaighidh tú an t-eolas atá uait.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Tras-scríbhinní
  • Clárúchán modúl do mhic léinn ar cuairt
  • Na Meáin Shóisialta
  • Eagarthóireacht ar an Suíomh Gréasáin
  • Dearadh

Tacaíocht agus pleanáil ghnó

Tá dhá fhoireann i gceist le Tacaíocht agus Pleanáil Ghnó: Bainistíocht agus Tuairisciú Sonraí/Córas, agus Feabhsú Leanúnach agus Bainistíocht Tionscadal. Iad siúd atá freagrach as sonraí a rialú, a chothabháil agus as monatóireacht a dhéanamh orthu ar fud an choláiste agus as réimsí a shonrú ina bhféadfar an Chlárlann Acadúil a fheabhsú agus a leasú. Baineann siad úsáid as meascán de thaighde agus d’obair chrua le gach réimse den oifig a fhorbairt lena chinntiú go bhfuil cultúr bríomhar solúbtha sa choláiste do bhaill foirne agus do mhic léinn.

Is féidir linn cuidiú a thabhairt leis na nithe seo:

  • Anailís Sonraí
  • An tairseach my.tcd.ie
  • Tuarascálacha Sonraí
  • Tacaíocht theicniúil