Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Email Archive

Update from Stiúrthóir Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide, Déan Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte; Ollamh na Diagnóisice Móilíní, Ollamh na hImdhíoneolaíochta Turgnamhaí; Stiúrthóir Acadúil Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis, Coláiste na Tríonóide, Uachtarán TCDGSU 2021/22, Uachtarán TCDSU 2021/22 to students and staff

20 July 2021

A mhic léinn agus a chomhghleacaithe,

Tá gach ollscoil agus institiúid teicneolaíochta in Éirinn ag tnúth go mbeidh baill foirne agus mic léinn ar ais ar an gcampas ar bhonn sábháilte agus inbhuanaithe chun go mbeidh an t-eispéireas coláiste is fearr ar fáil.

Faraor, beidh an gá le COVID-19 a aimsiú agus a smachtú linn ar feadh tamaill mhaith.

Céard atá nua? Ag baint úsáide as na huirlisí sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil, tá staidéar nua taighde, UniCoV (www.unicov.org), á chur i bhfeidhm i gceithre ollscoil, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, OÉ Gaillimh, COC agus COBÁC.

Ionas gur féidir le mic léinn agus le baill foirne na hOllscoile filleadh ar an bhfoghlaim agus ar an teagasc ar an gcampas ar bhonn sábhailte agus leanúnach, scrúdaíonn UniCoV féidearthacht agus inghlacthacht na féin-mhearthástála agus an fhéintuairiscithe le cuidiú le hionfhabhtuithe SARS-CoV-2 a aithint go luath. Fearacht vacsaínithe, níochán lámh, caitheamh masc aghaidhe agus scaradh sóisialta, tá ar chumas mearthástálacha a bhaineann úsáid as samplaí ó mhaipíní sróine nó ó sheile feabhas agus comaoin a chur ar an straitéis reatha sláinte poiblí le monatóireacht a dhéanamh ar scaipeadh an víris SARS-CoV-2, an víreas is cúis le COVID-19.

Teastaíonn uainn go mbeidh tusa rannpháirteach agus go dtoileoidh tú páirt a ghlacadh ann!

Céard atá i gceist? Trí bhreathnú ar fhíseán, cuirfear oiliúint ar rannpháirtithe maidir le mearthástálacha a dhéanamh ar mhaipíní sróine nó ar shamplaí seile. Tar éis na dtástálacha a dhéanamh dhá uair sa tseachtain, glacann na rannpháirtithe grianghraf de na torthaí/déanann siad na torthaí a thuairisciú trí aip fóin, agus tugann siad samplaí seile chuig pointe bailithe ar an gcampas dhá uair in aghaidh na seachtaine. Má tá toradh na mearthástála dearfach, tabharfar treoir shoiléir duit maidir leis an gcéad bheart eile atá le déanamh.

Sannfar rannpháirtithe do ghrúpaí ar bhonn randamach agus féadfar go n-iarrfar orthu tástálacha a dhéanamh ar feadh tréimhse idir dhá agus ocht seachtaine.

Faigh tuilleadh eolais tríd an mBileog Eolais do Rannpháirtithe a léamh, agus do chuid spéise a chlárú ag https://www.tcd.ie/ttmi/unicov/.

Leanfar an cleachtas eiticiúil agus dlíthiúil is fearr le cinntiú go láimhseáiltear do chuid eolais go léir go rúnda.

Tá TriniScreen i bhfeidhm i gColáiste na Tríonóide ó mhí Mheán Fómhair 2020. Éireofar as sin anois agus an staidéar píolótach UniCoV á chur i bhfeidhm i gcomhar le COBÁC, COC agus OÉG. Tacaíonn Aontas na Mac Léinn agus Aontas na nIarchéimithe go hiomlán leis an staidéar agus tá páirt ghníomhach glactha acu i gcomhráite de chuid il-gheallsealbhóirí ó cuireadh tús le UniCoV, agus molann siad go láidir go nglacfadh mic léinn páirt ghníomhach ann agus í mar aidhm dheiridh go gcuideoidh sé le filleadh ar shaol an champais.

Cuimhnigh, ní chuireann an tástáil amháin stop le scaipeadh SARS-CoV-2 agus tolgadh COVID-19. Coinnigh ort ag leanúint na comhairle sláinte poiblí le do thoil......caith masc aghaidhe, seachain sluaite móra, nigh do lámha agus fan amach ó dhaoine eile. 

Seol aon cheisteanna atá agat go foireann UniCov TCD ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas le do thoil: unicov@tcd.ie

Gabhtar buíochas leat as ucht cuimhneamh ar pháirt a ghlacadh sa staidéar tábhachtach seo.

 

An tOllamh Aideen Long, Ollamh le Leigheas Cliniciúil; Stiúrthóir Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide
An tOllamh Orla Sheils, Déan Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte; Ollamh na Diagnóisice Móilíní
An tOllamh Kingston Mills, Ollamh na hImdhíoneolaíochta Turgnamhaí; Stiúrthóir Acadúil Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis, Coláiste na Tríonóide
Gisèle Scanlon, Uachtarán TCDGSU 2021/22
Leah Keogh, Uachtarán TCDSU 2021/22

https://unicov.org/