FĂșinn

Is í an Mhicribhitheolaíocht an brainse de na heolaíochtaí beatha a bhaineann le bitheolaíocht mhiocrorgánaigh phrócarótacha agus eocarótacha - baictéir, fungais (caonaigh agus giostaí), protozoa agus víris. Maidir le bitheolaíocht bhunúsach mhóilíneach agus cillbhitheolaíocht bhunúsach, is iomaí gné chomhchoitinne atá ann idir an mhicribhitheolaíocht agus an bhithcheimic agus an ghéineolaíocht. Is codanna tábhachtacha den teagasc fochéime agus iarchéime sa Mhicribhitheolaíocht iad gnéithe de na hábhair sin.
Tá seachtar ball foirne acadúil lánaimseartha i Roinn na Micribhitheolaíochta agus tá naisc theagaisc agus thaighde aici le Roinn na Micribhitheolaíochta Cliniciúla, Scoil an Leighis in Ospidéal San Séamas.

http://www.medicine.tcd.ie/clinical_microbiology/ Tá an Roinn lonnaithe in Institiúid Míochaine Choisctheach Moyne, foirgneamh a bhronn Grania Guinness (ar Banmharcas Baintrí Normanby anois í) ar an gColáiste i 1953 i gcuimhne a hathar, an chéad Bharún Moyne.

Cad air a dhéanfaidh tú staidéar i Roinn na Micribhitheolaíochta:

Áirítear ar na hábhair:

  • Géineolaíocht Mhiocróbach agus Mhóilíneach
    • Fiseolaíocht Mhiocróbach
    • Bithscannán agus Dromchlaí Ceall
    • Víreolaíocht
    • Bith-theicneolaíocht Mhóilíneach
    • Struchtúr Ghéanóim Mhiocróbacha & Rialúchán Géinte
    • Pataigineacht Bhaictéarach
    • Micribhitheolaíocht Fheidhmeach & Chomhshaoil
    • Prótazó-eolaíocht Mhóilíneach
    • Bitheolaíocht Mhóilíneach Giosta
    • Micribhitheolaíocht Leighis & Chliniciúil
    • Gníomhairí Frithmhiocróbacha & Antaibheathaigh
    • Micribhithóm an Duine
    • Imdhíoneolaíocht Ionfhabhtaithe

Sa cheathrú bliain, déanann gach mac léinn dhá chúrsa lárnacha a chlúdaíonn bitheolaíocht mhóilíneach agus cillbhitheolaíocht, agus pataigineacht mhiocróbach, agus tríú cúrsa ar réiteach fadhbanna agus ar anailís sonraí sa Mhicribhitheolaíocht. Ina theannta sin, roghnóidh mic léinn trí chúrsa roghnach ina mbeidh siad in ann staidéar a dhíriú ar thopaicí taighde ceannródaithe ar leith.

Deiseanna Gairme

Faigheann céimithe le Micribhitheolaíocht poist i saotharlanna taighde cógaisíochta agus míochaine, mar oifigigh rialaithe cáilíochta in ullmhú drugaí, poist i bpróiseáil agus i bpacáistiú bia, le foilseacháin eolaíochta, san iriseoireacht eolaíochta agus le fóntais phoiblí. D'fhéadfaidís a bheith ag obair leis na bith-theicneolaíochtaí nua sna poist sin, agus a bheith ag úsáid miocrorgánach chun drugaí, einsímí, antaibheathaigh, vacsaíní agus táirgí talmhaíochta a tháirgeadh ar bhonn tráchtála. Téann go leor céimithe ar aghaidh chun céim thaighde níos airde a bhaint amach.