Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Leabharlanna & Bailiúcháin

Go fisiciúil, tá an Leabharlann suite sa choimpléacs BLU (Berkeley, Lecky, Ussher). Tá Leabharlann Hamilton na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta ar an gcampas agus tá Leabharlann Leighis John Stearne in Ionad Eolaíochtaí Sláinte na Tríonóide, ar champas San Séamas. Tá limistéar staidéir 24-uair an chloig, atá oscailte do gach comhalta den Choláiste, Halla Kinsella, suite ar chéad, dara agus tríú urlár Leabharlann Ussher, agus cuireann Seomra Léitheoireachta 1937 saoráidí staidéir 24-uair an chloig ar fáil do mhic léinn iarchéime.

Leabharlann Glucksman na Léarscáileanna

Tá Leabharlann Glucksman na Léarscáileanna lonnaithe sa choimpléasc BLU.

BLU (Berkeley, Lecky, Ussher)

Is sa BLU atá bailiúcháin na réimsí ábhar seo a leanas freisin:

  • Gnó
  • Na Clasaicí
  • Staidéir Drámaíochta & Scannáin
  • Eacnamaíocht  
  • Oideachas
  • Tíreolaíocht
  • Geolaíocht
  • Stair
  • Stair na hEalaíne
  • Teangacha
  • Dlí
  • Ceol
  • Altranas & Cnáimhseachas
  • Foilseacháin Oifigiúla
  • Fealsúnacht
  • Síceolaíocht
  • Staidéar Sóisialta
  • Diagacht

Leabharlann Hamilton na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta

Is i Leabharlann Hamilton na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta atá bailiúcháin na réimsí ábhar seo a leanas á gcoimeád:

  • Bithcheimic
  • Ríomheolaíocht
  • Ceimic
  • Innealtóireacht
  • Géineolaíocht
  • Na hEolaíochtaí Sláinte
  • Imdhíoneolaíocht
  • Matamaitic
  • Leigheas
  • Micribhitheolaíocht
  • Na hEolaíochtaí Nádúrtha
  • Cógaisíocht
  • Fisic

Leabharlann Leighis John Stearne

Is i Leabharlann Leighis John Stearne atá bailiúcháin an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte.

Seanleabhair Chlóite

Ta Roinn na Seanleabhar Clóite agus Cnuasaigh Speisialta (EPB), lonnaithe sa Phailliún Thoir den Sean-Leabharlann. Tá taighde á dhéanamh sa tSean-Leabharlann i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath le beagnach 300 bliain anuas agus is inti atá na leabhair is sine agus is luachmhaire, i mbailiúchán a bhíonn ag fás go leanúnach. Chomh maith leis na seanleabhair agus le pamphléid chlóite, áirítear sna Cnuasaigh Speisialta nithe príobháideacha ón bpreas, eagráin teoranta, leabhair shínithe, litríocht Angla-Éireannach, ábhar Cartlainne na hÉireann agus go leor eile idir nithe luachmhara agus leochaileacha.

Leabharlann Taighde na Lámhscríbhinní agus na gCartlann  

Tá Leabharlann Taighde na Lámhscríbhinní agus na gCartlann lonnaithe sa Phailliún Thiar den Sean-Leabharlann agus inti tá níos mó ná 20,000 bailiúchán lámhscríbhinní agus cartlann ón 13ú haois BC go dtí an lá atá inniu ann. Léiríonn na bailiúcháin i Leabharlann Taighde na Lámhscríbhinní agus na gCartlann saol intleachtúil, spioradálta, eacanamíoch agus laethúil scoláirí, tírghráthóirí, reibiliúnach, fear agus ban eaglasta, polaiteoirí, taiscéalaithe, úinéirí talún, seirbhíseach agus mac léinn. Tá Leabhar Cheanannais, Leabhar Dharú agus Leabhar Ard Mhacha i measc seod mór na hÉireann agus níl sna lámhscríbhinní cáiliúla sin ach cuid de shealúchas iontach éagsúil na Leabharlainne seo.

Acmhainní Ar Líne

Chomh maith leis an mbailiúchán ollmhór d’ábhar clóite atá ar fáil sa Leabharlann, tá fáil freisin ar bhreis agus 72,000 ríomh-iris agus ar 328,000 ríomh-leabhar. Tá fáil ar acmhainní leictreonacha faoi cheadúnas (leabhair, bunachair sonraí agus irisí) ag mic léinn agus baill foirne atá cláraithe, cibé an mbíonn siad sa Choláiste, sa bhaile nó san oifig. Bain úsáid as an mbosca cuardaigh ar bharr gach leathanach chun na hacmhainní seo a aimsiú.