Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Cabhair & Oiliúint

Cuireann an Leabharlann tacaíocht ar fáil don fhoireann acadúil, do thaighdeoirí, agus do mhic léinn fochéime agus iarchéime trína foireann Leabharlannaithe Ábhar tiomanta. Tugann Leabharlannaithe Ábhar cabhair sainoiriúnaithe le tionscadail taighde, athbhreithnithe litríochta, oiliúint ar scileanna faisnéise ar ábhar faoi leith agus oiliúint EndNote. Bíonn raon cúrsaí ar fáil ag tús na bliana acadúla freisin a thugann faisnéis ghinearálta ar an tslí le catalóg na Leabharlainne a úsáid agus ar acmhainní ar líne. Cuireann an Leabharlann réamhthurais ar fáil do mhic léinn na chéad bliana i rith na seachtaine treoshuímh.