Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Fáilte chuig an Leabharlann

Catalóg na Leabharlainne

Téann stair na Leabharlainne siar chomh fada le bunú an Choláiste sa bhliain 1592. Is í an leabharlann is mó in Éirinn í ina bhfuil os cionn 5 milliún imleabhar clóite, ina measc bailiúcháin mhóra leabhar, irisí, lámhscríbhinní, léarscáileanna agus ceoil, a léiríonn breis agus 400 bliain d’fhorbairt acadúil. Bronnadh pribhléid ar an Leabharlann maidir le taisceadh dlíthiúil sa bhliain 1801 agus faighimid os cionn 100,000 ábhar nua a fhoilsítear sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn gach bliain.

Tacaíonn an Leabharlann le riachtanais teagaisc agus foghlama gach disciplíne sa Choláiste; is leabharlann mhór taighde í a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain; cuireann sí seirbhísí ar fáil do raon leathan úsáideoirí agus institiúidí seachtracha; cuireann sí le forbairt tionscnamh cruthaitheach maidir le faisnéis a chur ar fáil agus meallann na taispeántais lámhscríbhinní agus seoda eile na céadta míle cuairteoir chun cuairt a thabhairt ar an tSean-Leabharlann gach bliain.

Tugtar eolas riachtanach ar ár leabharlanna, ár mbailiúcháin agus ár seirbhísí Gaeilge ar an suíomh gréasáin seo. Cuirimid fáilte mhór roimh Ghaeilgeoirí agus tá súil againn gur mór an cúnamh a bheidh sa Leabharlann duit i do chuid oibre.