Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



An tSean-Leabharlann & Leabhar Cheanannais

Is cuid “riachtanach” de thuras gach cuairteora ar Bhaile Átha Cliath cuairt a thabhairt ar an tSean-Leabharlann agus Leabhar Cheanannais. Lonnaithe i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath, cuireann siúlóid trí chearnóg dhuirleogach Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath an 18ú haois i gcuimhne do chuairteoirí, an tráth inar tógadh foirgneamh álainn na Sean-Leabharlainne. Istigh sa tSean-Leabharlann atá Leabhar Cheanannais – lámhscríbhinn na soiscéal ón 9ú haois a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain. Cuireann foireann chairdiúil fáilte roimh chuairteoirí seacht lá na seachtaine.

Leabhar Cheanannais

Tá clú agus cáil ar Leabhar Cheanannais as an iliomad maisiúcháin atá air. Is éard atá sa Lámhscríbhinn na ceithre soiscéal sa Laidin bunaithe ar théacs Vulgáide, scríofa ar veilleam (laochraiceann ullmhaithe), i leagan deimhneach, saineolaíoch den script ar a dtugtar "insular majuscule".

An teach screaptra sa mhainistir a bhunaigh Naomh Colm Cille thart ar an mbliain 561 ar Í, oileán amach ó chósta thiar na hAlban, a luaitear de ghnáth mar áit bhunaidh Leabhar Cheanannais. D’aistrigh manaigh Cholm Cille go dtí mainistir nua i gCeanannas, Co. na Mí, sa bhliain 806, tar éis ruathar Lochlannach ar an oileán inar maraíodh 68. Caithfidh sé gur scríobhadh Leabhar Cheanannais gar don bhliain 800, ach ní féidir fios a bheith againn ar scríobhadh é go hiomlán ar Í nó i gCeanannas, nó ar scríobhadh cuid de sa dá áit.

Tá Leabhar Cheanannais ar taispeántas sa tSean-Leabharlann i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ó lár an 19ú haois agus meallann sé os cionn 500,000 cuairteoir gach bliain. Ón mbliain 1953 i leith tá sé ceangailte ina cheithre eagrán. Tá dhá eagrán ar taispeántas go poiblí, ceann amháin oscailte ar leathanach a bhfuil sármhaisiúchán air agus ceann eile oscailte chun dhá leathanach den script a thaispeáint. Athraítear na heagráin ag eatraimh rialta.

An tSean-Leabharlann

Is é an Seomra Fada príomh-sheomra na Sean-Leabharlainne. Tá sé beagnach 65 méadar ar fhad agus tá é lán le 200,000 de na leabhair is sine sa Leabharlann. Nuair a tógadh é (idir 1712 agus 1732) bhí síleáil réidh phlástair ann agus is ar an léibhéal íochtarach amháin a bhí na seilfeanna le haghaidh leabhar. Bhí gailearaí oscailte ann. Faoi na 1850idí bhí na seilfeanna sin lán go hiomlán; go príomha mar gheall gur tugadh an ceart don Leabharlann cóip saor in aisce de gach leabhar a foilsíodh sa Bhreatain agus in Éirinn ón mbliain 1801 ar aghaidh a éileamh. Ardaíodh an díon sa bhliain 1860 le go bhféadfaí an tsíleáil bhoghta bhairille agus na leabhragáin sa ghailearaí uachtarach atá ann anois a thógáil.   

I measc na seod eile sa Seomra Fada tá ceann de na cóipeanna deiridh atá ann d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann 1916 a léigh Pádraig Mac Piarais taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist an 24 Aibreán 1916, ag tús Éirí Amach na Cásca. Tá an chláirseach ar an gceann is sine in Éirinn den chineál sin agus is dócha gur sa 15ú haois a rinneadh í. As dair agus saileach a rinneadh í agus tá 29 téad phráis uirthi. Is í an chláirseach seo a bhí mar fhoinse do shuaitheantas na hÉireann.

Tionóltar taispeántais sealadacha sa Seomra Fada a léiríonn sealúchas saibhir na Leabharlainne agus a spreagann tuilleadh taighde.