Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



About Us

Departmental staffThe Department of Irish in Trinity College is a small but strong department, with a long history behind it - the Chair of Irish was founded in 1840 and it has been home to excellent scholarship ever since.

In this department, students can take Early or Modern Irish together as a Single Honors degree, or they can study Modern Irish separately as part of a Joint Honors degree. We offer interdisciplinary courses as well. Graduates can undertake research or taught postgraduate courses here, and we provide modules for visiting students.

Between these courses, we have around 200 students in the Irish Department - large enough for a fun-filled student life, but small enough that students and staff can get to know each other personally. Our students benefit from a lot of a support from staff, and a high standard of teaching.

The Irish Department is in Trinity's main campus, in rooms 4055-4062 in the Arts Building. Queries and visitors are welcome in the departmental office, in room 4055. Dr Eoin Mac Cárthaigh is the Head of Department.

 

Beagán de Stair na Roinne agus léachtóirí ó 1838 i leith

STAIR SCOIL NA GAEILGE: NA BAILL TEAGAISC
(Cathal Ó Háinle a scríobh)

Tomás De Vere ConeysIs sa bhliain 1838 a cuireadh Ollúnacht Ghaeilge ar bun i gColáiste na Tríonóide den chéad uair. I dtreo dheireadh na bliana 1839 ceapadh Tomás de Vere Coneys mar chéad Ollamh agus thosaigh seisean ag tabhairt léachtaí in earrach na bliana 1840. Ní aidhm acadúil a bhí i gceist leis an tionscnamh sin, áfach. ‘The Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of their Own Language’ a spreag an tionscnamh chun go gcuirfí ar a gcumas do mhic léinn a bhí ina n-ábhair ministir a bheith in ann an Bíobla Gaeilge a léamh agus seanmóirí a thabhairt trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin daoine arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais a mhealladh le hiompú ina bProtastúnaigh agus freastal ar a gcuid riachtanas spioradálta. Ar an ábhar sin, is i Scoil na Diagachta a bhí an Ollúnacht sin anuas go dtí an bhliain 1918 agus ministir protastúnach ab ea gach Ollamh a ceapadh ó 1840 i leith: Coneys, Domhnall Ó Foghludha, Tadhg Ó Mathghamhna, Séamas Goodman agus Séamas E.H. Ó Murchadha.

Robert AtkinsonSa bhliain 1871 ceapadh Robert Atkinson (1839-1908) ina Ollamh le Sanscrait agus le Focleolaíocht Chomparáideach agus thugadh sé léachtaí ar an bhFocleolaíocht Cheilteach. Ón mbliain 1884 ar aghaidh bhí sé ina Ollamh Todd le Teangacha Ceilteacha de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann freisin agus i gcomhlíonadh dhualgais an phoist sin d’fhoilsigh sé The Passions and homilies from Leabhar Breac (1887) chomh maith le heagrán de Trí biorghaoithe an bháis le Séathrún Céitinn (1890). D’fhoilsigh sé freisin an saothar ollmhór Glossary to the ancient laws of Irland (1901). Ba é an chéad eagarthóir é ar an tionscnamh le Dictionary of the Irish language (a dtugtar Foclóir Acadamh Ríoga na hÉireann air freisin) a fhoilsiú. (1)

Edward GwynnCuireadh léachtóireacht le Teangacha Ceilteacha ar bun sa bhliain 1907 agus ceapadh Edward J. Gwynn (1868-1941) sa phost sin. Scoláire bisiúil ab ea é a d’fhoilsigh clár na lámhscríbhinní Gaeilge i leabharlann an Choláiste (1921), eagráin de théacsanna tábhachtacha luath-Ghaeilge, leithéidí an Metrical dindsenchas (1900-06) agus The monastery of Tallaght (1911) agus mórán aistí san irisleabhar Ériu. Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1926. (2)

Ceapadh Gwynn ina Phropast sa bhliain 1927 agus an bhliain dár gcionn ceapadh Eleanor Knott (1886-1975) i gcomharbacht air mar Léachtóir le Teangacha Ceilteacha ar chonradh bliana. Ceapadh í bliain i ndiaidh na bliana go dtí gur cruthaíodh cathaoir phearsanta sa Luath-Ghaeilge di sa bhliain 1939. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 1955.

Eleanor KnottNíor fhreastail Eleanor mar iníon léinn ar aon ollscoil ná níor sheas sí aon scrúdú riamh, ach fuair sí oiliúint ó 1907 ar aghaidh i léann na Gaeilge i Scoil an Léinn Ghaelaigh, a bhunaigh Dúghlas de Híde agus Kuno Meyer sa bhliain 1903. Trí bliana ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sí a céad saothar léinn arb éard atá ann eagrán de dhán fada (58 rann dáin dhírigh, Ériu 4 (1910), 209-32). An bhliain chéanna sin (1910) chuaigh sí in éadan na hoibre arb é an toradh a bhí uirthi an dá imleabhar dá sárshaothar ceannródaíoch ar fhilíocht na scol, The bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn (1922 agus 1926). Dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir sí leabhar tábhachtach eile ar fáil, mar atá, Irish syllabic poetry ina bhfuil tráchtaireacht ar phrosóid na filíochta siollaí mar aon le dhá shampla fichead den chineál sin filíochta, agus foilsíodh a heagrán de Togail bruidne Da Derga sa bhliain 1936. Bhí sí ar dhuine de na heagarthóirí ar ocht n-imleabhair d’Ériu (1938-1966) agus d’fhoilsigh sí mórán aistí san irisleabhar sin, ina measc a heagrán de Riaghail S. Clára (Ériu 15 (1948), 1-187, agus forlíonadh 3-110). Gné an-mhór dá saothar saoil ab ea an obair leanúnach a rinne sí ar an Dictionary of the Irish language (Acadamh Ríoga na hÉireann 1913-76): bhí sí ina cúntóir ag Carl Marstrander ar faoina stiúir a foilsíodh an chéad fhascúl sa bhliain 1913; tá a hainm mar ‘editor/ arranger’ in éineacht le hainm Maud Joynt ar cheithre fhascúl agus in éineacht le hainm Teresa Condon ar cheann amháin eile; agus tá dhá cheann eile fós bunaithe ar obair páirte a rinne sí. Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim oinigh D.Litt. uirthi sa bhliain 1938; ar feadh deich mbliana i ndaichidí an fichiú céad bhí sí ina ball de Bhord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath; agus nuair a thosaigh Acadamh Ríoga na hÉireann ag glacadh le mná mar bhaill sa bhliain 1949 bhí sí ar dhuine den chéad cheathrar ban a toghadh. (3)

Nuair a cuireadh deireadh leis an nasc idir Scoil na Diagachta agus Ollúnacht na Gaeilge ceapadh Tomás Ó Rathile / Thomas F. O’Rahilly (1882-1953) san Ollúnacht sa bhliain 1919. Státseirbhíseach ab ea é roimhe sin, ach bhí staidéar á dhéanamh aige ar chanúintí na Gaeilge agus ar an litríocht i lámhscríbhinní na Gaeilge le linn an ama. Sa bhliain 1904 chláraigh sé mar mhac léinn i Scoil an Léinn Ghaelaigh, áit a bhfuair sé teagasc sa tSean-Ghaeilge agus sa Bhreatnais. T.F. O'Rahilly D’fhoilsigh sé aistí faoina ainm féin in Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1908 agus ansin sa bhliain 1912 bhunaigh sé iris nua, Gadelica: a journal of Modern-Irish studies, chun gurbh fhéidir taighde ar theanga agus ar litríocht na Nua-Ghaeilge a fhoilsiú. É féin a scríobh cuid mhaith mhór de na haistí sa chéad imleabhar den iris, agus níor foilsíodh aon imleabhar eile. I bhfad na haimsire ceapadh é ina eagarthóir ar an dá chuid den chéad imleabhar de Celtica (1946, 1950), irisleabhar Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath, agus arís é féin a scríobh cuid mhór dá bhfuil sa dara cuid den imleabhar sin. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí shraith d’Ériu i ndaichidí an fichiú céad agus d’fhoilsigh sé mórán aistí san irisleabhar sin.
Cúpla bliain sular ceapadh é mar Ollamh na Gaeilge d’fhoilsigh sé Dánta grádha (1916) agus lean sé air le linn na tréimhse a raibh sé sa phost sin ag foilsiú leabhar inar chuir sé samplaí d’fhilíocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí agus de sheanfhocail na Gaeilge ar fáil: Dánfhocail (1921), A miscellany of Irish proverbs (1922), Burdúin bheaga (1925), Dánta grádha (2ú heag., 1926), Measgra dánta (dhá imleabhar, 1927). D’éirigh sé as an Ollúnacht sa bhliain 1929 agus ceapadh é ina Ollamh Taighde i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (1929-35) agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1935-40). Nuair a cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath ar bun sa bhliain 1940 ceapadh é ina Ollamh Sinsearach ansin agus ba é Stiúrthóir na Scoile sin é ó 1941 go dtí 1947. Bhí ollúnacht oinigh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide aige in 1952-3. Bhronn Ollscoil Bhaile Átha Cliath céim oinigh Litt.D. air agus bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim oinigh D.Litt.Celt. air.
Bhí sé ina mháistir ar chanúintí na Gaeilge beo agus sa bhliain 1932 d’fhoilsigh sé Irish dialects past and present inar thrácht sé ar shaintréithe na gcanúintí éagsúla agus inar ríomh sé a stair.Sa bhliain 1941 d’fhoilsigh sé eagrán den saothar Sgáthán an chrábhaidh (nó Desiderius, 1616) le Flaithrí Ó Maolchonaire (c. 1560-1629).
De réir a chéile thug sé droim láimhe leis an Nua-Ghaeilge agus thosaigh ag déanamh taighde ar luathstair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann. Bhí mar thoradh air sin gur fhoilsigh sé an dá leabhrán The Goidels and their predecessors (1936) agus The two Patricks (1942) agus an saothar mór Early Irish history and mythology (1946). Ainneoin gur caitheadh amhras ar ghnéithe den saothar seo dá chuid, aithnítear i gcónaí gur scoláire cumasach ab ea é a raibh mórfhairsinge sna réimsí de léann na Gaeilge a shaothraigh sé. (4)

Seán Nelson Beaumont Ceapadh Seán Nelson Beaumont (1893-1959) mar chúntóir don Ollamh Ó Rathile sa bhliain acadúil 1927-8, agus sa bhliain 1944 ceapadh é ina Léachtóir le Gaeilge, post a bhí aige go dtí bliain a bháis.
Ghnóthaigh sé céim le honóracha den chéad ghrád sa Léann Ceilteach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1915, agus bhí sé ina chisteoir ag Cumann Gaelach an Choláiste nuair a tharla an raic cháiliúil a tharraing Leas-Phropast an Choláiste, John Pentland Mahaffy, i dtaobh an chuiridh a thug an Cumann do ‘a man called Pearse’ labhairt ag cruinniú tionscnaimh na bliana 1914-15 ag a raibh breith Thomas Davis sa bhliain 1814 le comóradh.
Sóisialach agus náisiúnaí go smior ab ea é agus bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge. Bhunaigh sé irisleabhar seachtainiúil, An tÉireannach, sa bhliain 1934 chun tuairisc a thabhairt ar imeachtaí in Éirinn agus ar chúrsaí an domhain mhóir, ábhair shóisialta agus pholaitiúla go háirithe, agus chun guth a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Faoin mbliain 1937 bhí fiacha troma ar an irisleabhar agus b’éigean dó é a scor mar gurb é féin a bhí á mhaoiniú agus go raibh sé báite i bhfiacha dá bharr. (5)

Éamon Ó TuathailRugadh Éamonn Ó Tuathail (1883-1956) i gCo. Chill Mhantáin, ach is i gCo. an Dúin a tógadh é. Mar sin féin, is cosúil gurb í Gaeilge na Mumhan a d’fhoghlaim sé i dtosach, agus nár thosaigh sé ar Ghaeilge Uladh a fhoghlaim go dtí go raibh sé sna déaga. Bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil de chuid Chonradh na Gaeilge (1901-10) go dtí go bhfuair sé poist mhúinteoireachta i Scoil Éanna agus i gColáiste Laighean. Sa bhliain 1914 ghnóthaigh sé M.A. sa Léann Ceilteach agus an bhliain chéanna sin ceapadh é ina phríomhoide i gColáiste Laighean. Ceapadh i gcomharbacht ar Thomás Ó Rathile i gcathaoir na Gaeilge é sa bhliain 1929.
Bhí an dúspéis aige i nGaeilge dheisceart Uladh agus i litríocht, i mbéaloideas agus i logainmneacha an cheantair agus thosaigh sé ag bailiú ábhair den chineál sin ó chainteoirí dúchais thart ar bhlianta tosaigh an fichiú céad. Ach is i lámhscríbhinní de chuid an cheantair sin a fuair sé an chuid is mó den ábhar atá sa chéad leabhar a d’fhoilsigh sé, mar atá, Rainn agus amhráin (1923), inar chuir sé dhá scór dán in eagar. Le linn na gceithre bhliain i ndiaidh a cheaptha mar Ollamh le Gaeilge bhailigh sé i gCo. Thír Eoghain an t-ábhar (scéilíní, amhráin, paidreacha, seanráite, seanfhocail agus nósanna) a d’fhoilsigh sé in Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933). An bhliain dár gcionn d’fhoilsigh sé Seanchas Ghleann Ghaibhle ina bhfuil díolaim eile d’ábhar den chineál céanna a bhailigh sé i gCo. an Chabháin sna blianta 1931-3. Sna réamhráite leis an dá leabhar sin thug sé cuntas ar ghnéithe suntasacha de Ghaeilge an dá cheantar sin leith ar leith. Is iomaí aiste a d’fhoilsigh sé sna hirisí The Irish book lover agus Éigse agus d’fhoilsigh sé sraith fhada d’eagráin ar dhánta sa mhíosachán An t-ultach sna blianta 1950-2.
Chuaigh sé ar scor sa bhliain 1956, an bhliain sula bhfuair sé bás. (6)

Is iomaí post a bhí ag Ernest Gordon Quin (1910-1986) i gColáiste na Tríonóide mar ar ghnóthaigh sé céim dhúbailte den chéad ghrád sna Nuatheangacha (Fraincis agus Gaeilge) agus sna Teangacha Ceilteacha sa bhliain 1932. Tar éis tréimhse ghearr a chaitheamh ag déanamh staidéir san Iorua faoi stiúir an teangeolaí mhóir, Carl Marstrander, ceapadh é ina Léachtóir le Sanscrait agus le Focleolaíocht Chomparáideach ina alma mater sa bhliain 1934, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1980. Ceapadh é ina Léachtóir le Teangacha Ceilteacha sa bhliain 1939, agus fuair sé ardú go céim an Léitheora sa bhliain 1955, agus go céim an Chomh-Ollaimh sa bhliain 1967. Chomh maith leis sin ar fad bhí sé ina Léachtóir le Foghraíocht agus le Teangeolaíocht idir 1941 agus 1964.
Sa bhliain 1939 d’fhoilsigh sé Stair Ercuil ocus a bás arb é atá ann eagrán den leagan Gaeilge a rinne Uilliam Mac an Leagha, i dtreo dheireadh an 16ú céad, de leagan Béarla a rinne William Caxton de chuntas Fraincise ar stair na Traoi a cheap Raoul Lefevre; d’fhoilsigh sé Old-Irish workbook sa bhliain 1975; agus d’fhoilsigh sé mórán léirmheasanna agus aistí i leabhair agus in irisleabhair éagsúla, leithéidí Celtica, Éigse, Ériu, Hermathena agus Irish historical studies. Bhí sé ar dhuine den bheirt chomheagarthóirí ar chúig eagrán d’Ériu (1982-6). Tá a ainm mar ‘arranger’ in éineacht le hainm David Greene ar dhá fhascúl, T-Tn (1943) agus To-Tu (1948) den Dictionary of the Irish language; i gcomhar le daoine eile chuir sé eagar ar sheacht bhfascúl eile a foilsíodh idir 1959 agus 1974; agus ba é eagarthóir ginearálta an fhoclóra sin é ó 1953 go dtí 1975. Is dó-san thar aoinne eile atá a bhuíochas ag dul gur tugadh an tionscnamh rí-thábhachtach úd chun críche. Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim oinigh D.Litt.Celt. air sa bhliain 1979. (7)

Sorcha Ní GhuairimI Márta na bliana 1941 chinn Bord an Choláiste ar Léachtóireacht le Gaeilge Labhartha a chur ar bun, agus tuairiscítear i miontuairiscí Chruinniú an Boird ar 25 Meitheamh na bliana céanna sin gur ceapadh Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976) sa phost sin agus é i gceist go dtabharfadh sí trí léacht in aghaidh na seachtaine.
Cainteoir dúchais Gaeilge agus togha fonnadóra sean-nóis ab ea Sorcha. I Roisín na Mainiach, Carna, Conamara. a rugadh agus a tógadh í. Chaith sí dhá bhliain ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe (1930-2) agus ansin fuair sí post mar mhúinteoir faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sí i mbun oibre ar an nuachtán An tÉireannach a bhunaigh Seán Nelson Beaumont sa bhliain 1934. Bhí sí i mbun cinnlínte, nuacht agus eagarfhocail a scríobh agus bhíodh colún rialta do pháistí aici. Ceapadh ina heagarthóir í ar ball agus bhí an post sin aici gur chlis ar an nuachtán sa bhliain 1937. Faoin teideal Ceathrar comrádaí (1938), in éineacht le Pádraig Ó Conceanainn chuir sí Gaeilge ar an úrscéal do dhéagóirí leis an gCaptaen Charles McGuinness, Viva Irlanda. Foilsíodh sraitheanna d’aistí uaithi ar an Irish press/Scéala Éireann agus bhí sí ina heagarthóir Gaeilge ag an nuachtán sin ar feadh tréimhse fada. I gCartlann Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá ceirníní ar ar taifeadadh roinnt véarsaí as 23 amhrán agus iad á gcanadh ag Sorcha. Thart ar 1940 a rinneadh an taifeadadh sin a bhfuil clóscríbhinn inar thrácht sí ar na hamhráin ag gabháil leis. I 1945-6 craoladh sraith cláracha ar Raidió Éireann inar thrácht sí ar ábhair éagsúla agus inar chan sí roinnt amhrán agus d’fhoilsigh sí ceithre mhír béaloidis in ‘Sgéilíní ó Charna’, Béaloideas 15 (1945/6) 292-5. Sa bhliain 1957 d’eisigh Folkways i Nua-Eabhrac [atheisiúint, Indreabhán 1990] ceirnín ar a bhfuil roinnt amhrán á gcanadh ag Sorcha agus scéal amháin á insint aici.
Chuaigh sí ar scor óna post léachtóra sa bhliain 1955 agus chuaigh a chónaí i Londain. (8)

David GreeneCeapadh David Greene / Daithí Ó hUaithne (1915-1981) mar Ollamh na Gaeilge sa bhliain 1955. Iar-mhac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide ab ea é. Sa bhliain 1937 ghnóthaigh sé céim sa Cheiltis agus sa Fhraincis le honóracha den chéad ghrád. Tar éis bliain a chaitheamh in Oslo mar a raibh sé ina mhac léinn de chuid Carl Marstrander, fuair sé post mar Léachtóir sealadach le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé post mar Léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú sa bhliain 1939, ach i 1940 d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath mar a bhfuair sé post sealadach mar fhoclóirí in Acadamh Ríoga na hÉireann. An bhliain dár gcionn ceapadh é ina leabharlannaí cúnta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus d’fhan sé ansin go dtí gur ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh de chuid Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Ceapadh é ina Ollamh ansin sa bhliain 1953 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin arís tháinig sé go Coláiste na Tríonóide. Sa bhliain 1967 d’fhill sé ar Institiúid an Ard-léinn mar Ollamh Sinsearach agus d’fhan sa phost sin go dtí bliain a bháis.
Bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1973 go dtí 1976 agus ina bhall d’Acadamh Ríoga Gustavus Adolphus na Sualainne ó 1973. Bhronn Ollscoil Nua Uladh (1974), Ollscoil Ghlaschú (1979) agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (1981) dochtúireachtaí oinigh air. Ba é eagarthóir Ériu 21-3 (1969-72) é agus comheagarthóir Ériu 24-31 (1973-81) agus comheagarthóir Celtica 11 (1976). I gcomhar le E.G. Quin bhí sé ina ‘arranger’ ar dhá imleabhar den Dictionary of the Irish language, T-Tn (1943) agus To-Tu (1948).
Bhí sé ina mháistir ar gach tréimhse den Ghaeilge, mar a dúirt an tOllamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Harvard, Calvert Watkins: ‘No other scholar has made so many enduring contributions and additions to our understanding of [the Irish language], old and modern, synchronic and diachronic. He was Ireland’s greatest linguist.’ Bhí sé in ann litríocht na Gaeilge i ngach ré a phlé go cumasach freisin. D’fhoilsigh sé eagrán den scéal ‘Fingal Rónáin’ agus scéalta eile a bhain leis na Laigin sa bhliain 1955. In éineacht le Frank O’Connor d’fhoilsigh sé A Golden treasury of Irish poetry (1967) agus in éineacht le James Carney bhí sé ina eagarthóir ar Celtic studies: Essays in memory of Angus Matheson (1968). Réitigh sé eagrán de dhán fada Bhriain Merriman, Cúirt an mheán oíche, do Chumann Merriman (1968) agus in éineacht le Fergus Kelly d’fhoilsigh sé Irish bardic poetry (1970) arb éard a bhí ann atheagrán de dhánta sa Ghaeilge chlasaiceach a bhí curtha in eagar ag Osborn Bergin. D’fhoilsigh sé eagrán de dhuanaire de chuid an séú céad déag, Duanaire Mhéig Uidhir (1972), i gcomhar le Fergus Kelly d’fhoilsigh sé eagrán de scéal Ádhaimh agus Éabha, The Irish Adam and Eve story from Saltair na Rann (1976), agus i gcomhar le Bo Almqvist chuir sé Proceedings of the seventh Viking congress (1976) in eagar. Scríobh sé dhá leabhrán do Chomhar Cultúrtha Éireann, The Irish language (1966) agus Writing in Irish today (1972).
Anuas trí na blianta tháinig rabharta aistí, léirmheasanna agus cuntas iarbháis uaidh i leabhair, in irisleabhair, in irisí léinn agus i nuachtáin. An Ghaeilge ab ábhar d’fhormhór a chuid aistí cumasacha léinn, ach scríobh sé roinnt aistí ar ghnéithe de stair na dteangacha Ceilteacha agus ar an mBreatnais freisin. Bhí substaint nach beag freisin sna haistí inar nocht sé a fhealsúnacht faoi thábhacht na Gaeilge agus an dúchais Ghaelaigh d’anam na hÉireann, agus leis an gcolún sa mhíosachán Comhar (Márta 1946 go dtí Bealtaine 1951) inar phléigh sé cúrsaí reatha go tréamanta neamheaglach. Duine ildánach ab ea é a raibh fairsinge neamhghnách le réimse a chuid spéiseanna. (9)

Rugadh Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) ar an gCnocán Glas, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea é. Bhain sé cáilíocht bunmhúinteora amach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, sa bhliain 1926 agus bhronn Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, teastas san oideachas air an bhliain dár gcionn. De bhrí go raibh sé gníomhach san I.R.A. briseadh é as a phost mar príomhoide i scoil an Chairn Mhóir, Co. na Gaillimhe, sa bhliain 1936, agus ar ball gabhadh é agus cuireadh i ngéibheann é i gcampa an Churraigh, Co. Chill Dara (1940-44). Mhúin sé Gaeilge dá chomhghéibheannaigh sa champa, thug sé léachtaí ar an stair dóibh agus sholáthair sé irisleabhar dóibh; agus le linn an ama bhí sé gnóthach ag foghlaim na Rúisise, ag cur feabhais ar a chuid Fraincise, ag léamh litríocht chruthaitheach na hÉireann agus na hEorpa agus saothar criticis, agus ag scríobh saothar cruthaitheach.
Máirtín Ó CadhainI dtríochaidí an fichiú céad d’fhoilsigh sé ceithre bhailiúchán thábhachtacha béaloidis san irisleabhar Béaloideas 2 (1929-30), 384-93; 4 (1933), 62-88; 5 (1935), 219-72; 6 (1936), 97-103; leagan Gaeilge d’úrscéal Charles Kickham, Sally Kavanagh (1932); agus díolaim gearrscéalta dá dhéantús féin, Idir shúgradh agus dáiríre (1939). An staidéar a rinne sé le linn dó a bheith i ngéibheann, ba léir go raibh tionchar ar fónamh aige ar a shamhlaíocht, ar a intleacht agus ar a chumas cruthaíochta nuair a d’fhoilsigh sé an dara díolaim gearrscéalta dá chuid, An braon broghach (1948), an t-úrscéal cumasach, Cré na cille (1949), agus an tríú díolaim gearrscéalta, Cois caoláire (1953). Bhí sé á léiriú leis na scéalta sin go raibh mórán cineálacha ábhair agus teicníochta ar a chomhairle aige.
Nuair a saoradh ó ghéibheann é sa bhliain 1944, is de dhroim sclábhaíochta a bhí air a chuid a shaothrú go dtí go bhfuair sé post sóisearach státseirbhíse i Rannóg an Aistriúcháin de chuid Dáil Éireann. Ansin sa bhliain 1956, de bharr a chumais mar scríbhneoir cruthaitheach agus a mháistreachta ar an nGaeilge, ceapadh é in léachtóir i Scoil na Gaeilge. Nuair a chuaigh David Greene ar scor ó Ollúnacht na Gaeilge sa bhliain 1967, chuir sé isteach ar an bpost, ach níor glacadh lena iarratas agus ina áit sin ceapadh ina Chomh-Ollamh agus ina Cheann Roinne é. An bhliain chéanna sin ceapadh é ina Ollamh Cuairte i Roinn na Ceiltise in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Sa bhliain 1969 tugadh Ollúnacht na Gaeilge dó agus toghadh ina chomhalta é sa bhliain 1970, bliain a bháis.
Idir dhá linn bhí sé tar éis úrscéal eile a scríobh i dtús na gcaogaidí, ach, bíodh is gur bronnadh duais Oireachtas na Gaeilge air dá bharr sin sa bhliain 1951, dhiúltaigh sé é a fhoilsiú. Foilsíodh é sa bhliain 1995 faoin teideal Athnuachan (eag. Breandán Ó Doibhlin). Scríobh sé colún rialta don Irish Times ó 1953 go dtí 1956. Ansin i dtús na seascaidí scríobh sé saothar fada aoire agus magaidh inar bhain sé feidhm as raidhse idirthéacsúlachta chun fráma tagartha i litríocht na hEorpa agus na Gaeilge a chruthú agus inar phléigh sé foráis sna heolaíochtaí bitheolaíochta agus fadhbanna ama agus staire. Barbed wire a thug sé ar an saothar sin nár foilsíodh go dtí 2002 (eag. Cathal Ó Háinle).
Bhí Ó Cadhain suite de nár mhór saol na bpobal bocht, go háirithe a phobal féin sa Ghaeltacht, a fheabhsú agus tréaniarracht a dhéanamh leis an nGaeilge a thabhairt slán ón mbaol báis a bhí ag bagairt uirthi. Bhí páirt cheannasach aige san fheachtas ‘Muinntear na Gaedhealtachta’ a cuireadh ar bun i 1934, le staid eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a fheabhsú, san eagraíocht ‘Misneach’ a cuireadh ar bun i 1963 chun brú a chur ar an rialtas a bheith dáiríre faoina fhreagracht i leith náisiún na hÉireann, agus i bhfeachtas polaitiúil ‘Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta’ i ndeireadh na seascaidí. Léirigh sé a dhearcadh i sraith de phaimfléid, Irish above politics (1964), Mr Hill: Mr Tara (1964), An aisling (1966) agus Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970). Sa leabhrán tábhachtach, ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’ (1969), arb é atá ann tiomna scríbhneora, sholáthair sé measúnú beoga ar a shaothar agus ar a shaol féin.
Sa bhliain 1967 foilsíodh an ceathrú díolaim gearrscéalta dá chuid, An tsraith ar lár, inar léiríodh an tóir leanúnach a bhí aige ar mhodhanna nua cumadóireachta agus inar nocht sé tuiscintí úra faoin nádúr daonna. Bhronn an Irish-American Cultural Institute duais na mBuitléarach air as ucht an leabhair sin. I 1970 d’fhoilsigh sé an cúigiú díolaim gearrscéalta, An tsraith dhá tógáil, ina bhfuil roinnt scéalta diolba ina ndéantar cur síos cumhachtach corraitheach ar an gcoimhthiú uirbeach agus ar theip na cumarsáide pearsanta. Is i ndiaidh a bháis a foilsíodh an díolaim deiridh dá chuid, An tsraith tógtha (1977). Foilsíodh trí dhíolaim d’aistí a d’fhoilsigh sé sna hirisí Feasta agus Comhar agus sa nuachtán The Irish Times, mar atá, Ó Cadhain i bhFeasta (1990, eag. Seán Ó Laighin), Caithfear éisteacht (1999, eag. Liam Prút) agus Caiscín (1998, eag. Aindrias Ó Cathasaigh). (10)

Ceapadh Mary (May) Haughton Risk (1924-2001) ina léachtóir sóisearach i Scoil na Gaeilge sa bhliain 1956; fuair sí ardú céime go grád an léachtóra sa bhliain 1967, post a bhí aici go dtí go ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1989.
Iar-iníon léinn de chuid Choláiste na Tríonóide ab ea í: ghnóthaigh sí céim le honóracha sa Ghaeilge agus sa Spáinnis sa bhliain 1946 agus bronnadh dochtúireacht uirthi sa bhliain 1951 as ucht tráchtais a scríobh sí ar fhilíocht an scríbhneora chruthaithigh Gaeilge, Seán Ó Neachtain (c. 1640-1729). D’fhoilsigh sí roinnt aistí ar na hirisí Studia Hibernica, Hermathena agus Éigse faoi phearsana a raibh baint acu le saol na Gaeilge san ochtú céad déag. (11)

Tarlach Mac EachaidhCeapadh Terence McCaughey / Tarlach Mac Eachaidh (1932-2016) ina Léachtóir i Scoil na Gaeilge sa bhliain 1963; fuair sé ardú céime go dtí grád an Léachtóra Shinsearaigh sa bhliain 1978, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1998.
Bhí sé ina léachtóir sóisearach i Roinn na Ceiltise d’Ollscoil Dhún Éideann (1955-7), agus d’oibrigh sé ar feadh trí bliana mar thaighdeoir páirce ar son Shuirbhé Teangeolaíoch Ghàidhlig na hAlban. Ghnóthaigh sé céim máistreachta in Ollscoil Cambridge agus bunchéim sa diagacht ón gColáiste Nua i nDún Éideann (1962). Bhí an Ghàidhlig agus litríocht na Gàidhlig ina gcodanna bunúsacha den chúrsa a theagasc sé i Scoil na Gaeilge agus den taighde a rinne sé, agus d’fhoilsigh sé sár-aistí ar an nGàidhlig agus ar litríocht na Gàidhlig.
Ministéir Preispitéireach ab ea Tarlach. Thugadh sé léachtaí i Roinn na Diagachta ar litreacha N. Pól agus rinne sé dianstaidéar ar an diagacht agus dá thoradh sin scríobh sé an leabhar tábhachtach Memory and redemption: Church, politics and prophetic theology in Ireland (1993). Agus ní rud teoiriciúil amháin ab ea an fháistine aige: thug sé buanfhianaise le teagasc Chríost dá chomhChríostaithe agus don phobal i gcoitinne ó bhéal agus ó ghníomh. Samplaí suntasacha de sin ab ea a shaothar mar chathaoirleach ar Ghluaiseacht Frith-apartheid na hÉireann agus mar dhuine de bhunaitheoirí Chomhairle na hÉireann um shaoirsí sibhialta.
Mar Phreispitéireach ba dhual dó dianstaidéar a dhéanamh ar an mBíobla. D’éirigh leis é sin a nascadh lena shaothar acadúil ar léann na Gaeilge tríd an taighde a rinne sé ar leagan Gaeilge an Easpaig William Bedell (1571-1642) den Seantiomna. Tá cuid de thoradh an taighde sin le fáil ina leabhrán Dr Bedell and Mr King: the making of the Irish Bible (2001) agus ina aiste ‘Andrew Sall (1624-82): textual editor and facilitator of the Irish translation of the Old Testament’ in Unity in Diversity (2004, eag. Cathal G. Ó Háinle agus Donald E. Meek). (12)

(1) Féach Linde Lunney, ‘Atkinson, Robert’, Dictionary of Irish biography (eds James McGuire and James Quinn), Cambridge 2009; E. J. Quin, ‘Historical note’, Dictionary of the Irish language: Compact Edition, Dublin 1983, vi.

(2) Féach Noreen Giffney, ‘Gwynn, Edward John’, Dictionary of Irish biography.

(3) Féach D.A. B[inchy], ‘Eleanor Knott’, Ériu 26 (1975), 182-5; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Knott, Eleanor’, Beathaisnéis a dó, Baile Átha Cliath 1990, 46-7; Eoin Mac Cárthaigh, ‘Eleanor Knott’, Léachtaí Cholm Cille (ed. Brian Ó Catháin), Maigh Nuad 2005, 40-68;Eoghan Ó Raghallaigh, ‘Knott, (Philippa Marie) Eleanor, Dictionary of Irish biography.

(4) Féach E[leanor] K[nott], ‘Thomas Francis O’Rahilly’, Ériu 17 (1955), 147; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Rathile, Tomás’, Beathaisnéis a dó, 132-4; Diarmuid Ó Sé, ‘O’Rahilly, Thomas Francis (“T.F.”)’, Dictionary of Irish biography.

(5) Féach Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Beaumont, Seán Nelson’, Beathaisnéis a haon, Baile Átha Cliath 1986, 18; Risteárd Ó Glaisne, Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, Baile Átha Cliath, 1992, passim; Éamon Ó Ciosáin, An tÉireannach 1934-37, Baile Átha Cliath 1993.

(6) Féach Eleanor Knott, ‘Éamonn Ó Tuathail’, Éigse 8 (1953-7), 263-7; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Tuathail, Éamonn’, Beathaisnéis a dó, 138-40.

(7) Féach Proinsias Mac Cana agus Rolf Baumgarten, ‘Ernest Gordon Quin’, Ériu 38 (1987), 1-8; E. G. Quin, ‘Historical Note’ in Dictionary of the Irish Language: Compact edition, vi; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ernest Gordon Quin’, www.ainm.ie.

(8) Éamon Ó Ciosáin, An tÉireannach 1934-7, 64-6 agus passim; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Guairim, Sorcha’, Beathaisnéis a ceathair, Baile Átha Cliath 1994, 125-6; Ríonach uí Ógáin, ‘“Is í an fhilíocht anam an cheoil – Sorcha Ní Ghuairim, amhránaí Roisín na Mainiach”’, Bliainiris 2002 (eag. Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil), Baile Átha Cliath 2002, 84-107.

(9) Féach Breandán Ó Buachalla, ‘Dáithí Ó hUaithne’, Scríobh 5 (1981, eag. Seán Ó Mórdha), 11-29; Proinsias Mac Cana agus Rolf Baumgarten, ‘David Greene’, Ériu 34 (1983), 1-19; Máirtín Ó Murchú, ‘Matters of record’, Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh 5 (Márta 1992, eag. Rolf Baumgarten), 16-19; Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Greene, David William’, Beathaisnéis a trí (Baile Átha Cliath 1992), 36-39.

(10) Féach Alan Titley, Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975); An tSiúr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin, De ghlaschloich an oileáin (1987); Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, ‘Ó Cadhain, Máirtín’, Beathaisnéis a ceathair, 85-88; Aindrias Ó Cathasaigh, Ag samhlú troda (2002); Cathal Ó Háinle, ‘Ó Cadhain, Máirtín’, Dictionary of Irish biography.

(11) Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, 1983-2002 Beathaisnéis, Baile Átha Cliath 2003, 229.

(12) Féach Risteárd Ó Glaisne, Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 90-91.