Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Conas Iarratas a Dhéanamh

Welcome

Chun Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide a roghnú don bhliain 2022/23, iarrfar ort rogha a dhéanamh ar líne i mí Iúil 2022 ar my.tcd.ie trí ‘My Programme’ a roghnú ón roghchlár. Cuirfidh An Chlárlann Acadúil tuilleadh sonraí ar fáil duit. Ní féidir d’aigne a athrú ó Mhodúl Roghnach amháin go Modúl Roghnach eile, mar sin, bí cúramach agus cinneadh a dhéanamh agat!

Déan Iarratas

Ceisteanna Coitianta

Ní mór duit dul i dteagmháíl leis an gClárlann Acadúil, agus ‘Trinity Electives 2022’ a chur sa líne ábhair, má tá aon deacaireacht agat leis an bpróiseas roghnúcháin.

Céard é Modúl Roghnach de chuid Choláiste na Tríonóide?

  • Is éard atá i Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide ná modúil aonair ar luach 5 chreidiúint ECTS iad atá ar fáil don chuid is mó de mhic léinn chun a gcuraclam fochéime a leathnú. Is gnách leo a bheith idirdhisciplíneach agus bíonn siad ceangailte le téamaí taighde na hOllscoile nó le príomhdhúshláin na sochaí nó cuimsíonn siad teangacha agus cultúir.
  • Ní hionann iad agus Modúil Oscailte, a leathnaíonn léann an mhic léinn chomh maith, ach i réimsí a bhaineann le nó a chuireann lena gclár baile go minic. Tá tuilleadh eolais ar Modúil Oscailte le fáil ar https://www.tcd.ie/tjh/open-modules/.

Cén clár ama a bhaineann le gach Modúil Roghnach de chuid Choláiste na Tríonóide?

Bíonn Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide á thabhairt i rith na huaireanta thíos:

  • Dé Máirt: 9-10 r.n. & 10-11 r.n.
  • Déardaoin: 4-5 i.n. & 5-6 i.n.
  • Dé hAoine: 9-10 r.n.

Is féidir leis na comhordaitheoirí modúil roinnt uair nó gach uair thuas a úsáid go seachtainiúil le linn tabhairt a Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

  • Téigh chuig my.tcd.ie agus roghnaigh ‘My Programme’ ón roghchlár chun an Modúl Roghnach de chuid Choláiste na Tríonóide ar mhaith leat a dhéanamh a chur in iúl. Tá tuilleadh sonraí ar an bpróiseas iarratais ar fáil sa 'Quick Guide'. Má bhíonn deacrachtaí teicniúla agat is féidir ríómhphost a sheoladh go academic.registry@tcd.ie agus ‘Trinity Electives 2022’ a chur sa líne ábhair chun freagairt tapaidh a aimsiú.
  • Déanfaidh An Chlárlann Acadúil teagmháil leat le tuilleadh eolais do gach mac léinn incháilithe i ngar don tréimhse roghnúcháin. Seolfar ríomh-phost chugat agus chomh maith le sin, bí ag faire amach do phostálacha meán sóisialta.
  • Tabhair aire nach féidir d’aigne a athrú, mar sin, bí cúramach agus cinneadh a dhéanamh agat! Déanfar Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide a dháileadh ina dhiaidh sin. Beidh dátaí agus imeachtaí a bhaineann leo ar amlíne na bpríomhghníomhaíochtaí.

Cén uair a dhéanfaidh mé iarratas?

  • Déanfaidh mic léinn iarratas ar Mhodúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide don bhliain 2022/23 i mí Iúil.
  • Déanfaidh An Chlárlann Acadúil teagmháil leat go díreach chun tuilleadh sonraí a chur ar fáil. Tabhair faoi deara má tá dhá Mhodúl Roghnach á thógáil agat (modúl amháin in aghaidh an tseimeastair), beidh an rogha de Mhodúil Roghnacha don dá seimeastar le déanamh ag an am céanna.
  • Déanfaidh mic léinn a bhfuil saoirse ó léachtaí acu nó a bhfuil orthu measúnuithe a dhéanamh arís nó measúnuithe iarchurtha a dhéanamh i mí Lúnasa/ Mheán Fómhair iarratas ar a Modú(i)l Roghnach(a) i mí Mheán Fómhair 2022.
  • Déanfaidh Mic Léinn ar Cuairt i Seimeastar 1 2022/23 rogha i mí Mheán Fómhair 2022 agus déanfaidh Mic Léinn ar Cuairt i Seimeastar 2 rogha i mí Eanáir 2023.

Cad a tharlaíonn má tá athmheasúnuithe nó measúnuithe iarchurtha agam, nó má tá saoirse ó léachtaí gan measúnuithe agam?

Cláróidh mic léinn incháilithe do Mhodúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide tríd an nasc ‘My Programme’ a roghnú ar my.tcd.ie. Gheobhaidh tú fógra i mí Mheán Fómhair. Tá cur síos ar an bpróiseas cláraithe ar an leathanach gréasáin maidir le clárú ar líne do mhodúl.

Cén seimeastar ina bhfuil gach Modúl Roghnach le fáil?

Cén uair a bheidh sé ar eolas agam cén Modúl Roghnach a bheidh á dhéanamh agam?

  • Má tá rogha á dhéanamh agat i mí Iúil 2022, cuirfear in iúl duit cén Modúl Roghnach atá leithdháilte ort ina dhiaidh sin. Ní féidir d’aigne a athrú ag an bpointe sin, mar sin, tabhair aire agus cinneadh a dhéanamh agat! Deimhneofar leithdháileadh na mac léinn ar cuairt ar an bpointe nuair a dhéanfaidh siad rogha.

An féidir liom aon Mhodúl Roghnach a dhéanamh?

  • Tá an chuid is mó de Mhodúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide ar fáil d’aon mhac léinn. Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach – chun tuilleadh sonraí a fháil, léigh an t-alt ‘Cé hiad na daoine ar féidir leo an Modúl Roghnach seo a dhéanamh?’ atá ag bun an leathanaigh ghréasáin do gach Modúil Roghnach.

Céard is féidir liom a dhéanamh má theastaíonn uaim mo rogha Modúl Roghnach a athrú?

  • Ní dhéanfar athrú aigne a éascú. Dá bhrí sin, ní mór a bheith an-chúramach agus do rogha á chur in iúl agat mar beidh an leithdháileadh bunaithe air seo. An fáth atá leis seo ná má chailleann tú fiú an chéad seachtain de Mhodúl Roghnach, beidh sé deacair teacht suas leis an obair. Tá go leor i gceist leis na chéad seachtainí a bhaineann le mórán de na Modúil Roghnacha chun eolas bunúsach ar an ábhar a mhúineadh. Má bhíonn aon deacrachtaí agat, ba chóir teagmhail a dhéanamh le do Chomhordaitheoir Modúl agus le d’Oide.

Conas a dhéantar measúnú ar Mhodúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide?

  • Tá éagsúlacht de mhodhanna measúnaithe nuálacha á n-úsáid le Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide. Ba cheart féachaint ar an leathanach gréasáin a bhaineann le gach Modúl Roghnach le haghaidh sonraí ar na modhanna measúnaithe a úsáidfear.

An féidir níos mó ná Modúl Roghnach amháin a dhéanamh in aon seimeastar?

  • Ní féidir ach Modúl Roghnach amháin a dhéanamh in aghaidh an tseimeastair. Má tá dhá cheann á dhéanamh agat i mbliain acadúil, roghnaíonn tú na modúil don dá sheimeastar nuair a dhéanann tú roghnúchán i mí Iúil.

Cé mhéad Modúl Roghnach ar féidir liom a dhéanamh?

  • Braitheann an líon Modúl Roghnach ar féidir a dhéanamh ar do chlár. Tá sé éigeantach do chláir áirithe – e.g., ní mór do mhic léinn Innealtóireachta sa dara bliain agus sa tríú bliain Modúl Roghnach amháin a dhéanamh sa dara bliain agus Modúl Roghnach amháin sa tríú bliain. Maidir le cláir eile, braitheann sé ar na roghanna conaire a chuirtear ar fáil. Ba cheart é seo a sheiceáil le comhordaitheoir do chláir nó i do lámhleabhar. I gcás an chuid is mó de na mic léinn atá i dteideal Modúl Roghnach a dhéanamh, is féidir dhá Mhodúl Roghnach ar a mhéid a dhéanamh i rith an chláir agus ceann amháin in aghaidh an tseimeastair más é go bhfuil dhá Modúl Roghnach á dhéanamh in aon chlárbhliain amháin.

Cén bhliain inar féidir liom Modúl Roghnach Choláiste na Tríonóide a dhéanamh?

  • Déantar Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide sa dara agus/nó sa tríú bliain. Braithfidh an clár staidéir atá ar bun agat ar cén uair go díreach a dhéanfaidh tú do Mhodúl Roghnach. Ba cheart é seo a sheiceáil le comhordaitheoir do chláir nó i do lámhleabhar.

An bhfuil sé éigeantach Modúl Roghnach a dhéanamh agus mé sa Choláiste?

  • Braitheann freagra na ceiste sin ar do chlár staidéir. Tá sé éigeantach i gcás roinnt clár, e.g. Innealtóireacht, Innealtóireacht le Bainistíocht, Eolaíocht Ríomhaireachta Chomhtháite. Déanfar iad seo sa dara agus nó sa tríú bliain, ag brath ar do chlár. I gcás cláir eile, e.g., sna hEalaíona, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta, is féidir rogha a dhéanamh idir Modúl Roghnach amháin nó dhá Mhodúl Roghnach a dhéanamh, ag brath ar na conairí atá ar fáil duit. Ní dhéanann mic léinn sna hEolaíochtaí Sláinte Modúl Roghnach (seachas mic léinn Sláinte agus Easláinte an Duine, a dhéanann dhá Mhodúl Roghnach sa dara bliain).

An mbeidh athrú ar Mhodúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide atá leagtha síos?

  • Tá ceathair Mhodúl Roghnach nua sa bhreis á dtairiscint ón mbliain 2022/23 ar aghaidh. D’fhéadfadh athrú teacht ar na Modúil Roghnacha atá á dtairiscint gach bliain agus déanfar Modúil Roghnacha Choláiste na Tríonóide a athbhreithniú ar bhonn bliantúil.

Cén ualú a bheidh i gceist le Modúl Roghnach de chuid Choláiste na Tríonóide i ndáil le mo chéim?

  • Cuirfear na torthaí ó aon Mhodúl Roghnach a dhéantar sa tríú bliain san áireamh do do chéim iomlán. Déileálfar leo sa chaoi chéanna agus a dhéantar le haon mhodúil lárnacha éigeantacha nó roghnacha a dhéantar sa tríú bliain, i.e., déanfar marc do chéime a ríomh bunaithe ar na torthaí a bhaintear amach sa dá bhliain dheireanach, arna n-ualú ag 30% agus 70% faoi seach.

Is Mac Léinn ar Cuairt mé – an féidir liom Modúl Roghnach de chuid Choláiste na Tríonóide a dhéanamh?

  • Ag brath ar do chúrsa staidéir – is féidir le mic léinn ar cuairt suas le dhá Mhodúl Roghnach a dhéanamh, ceann amháin in aghaidh an tseimeastair. Reáchtáiltear an próiseas iarratais a bhaineann leatsa i lár mí Mheán Fómhair (mic léinn ar cuairt i Seimeastar 1) agus i mí Eanáir (mic léinn ar cuairt i Seimeastar 2).