Baile

Fáilte chuig Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais (TCMCR) 

Tá Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais tiomanta don bharr feabhais a bhaint amach i mbuntaighde faoi chúram máithreachais ionas go dtugtar feabhas i dtreis maidir le toircheas, breith clainne, tuismitheoireacht luath agus cúram luathóige. Tugann an Lárionad tús áite do thaighde i gcomhar le mná agus le teaghlaigh, le lucht clinice sna hospidéil mháithreachais chomhpháirtíochta, le comhghleacaithe in Éirinn agus thar lear, agus le lucht tionscail, d’fhonn ábhar taighde a thabhairt chun aire a bhfuil tábhacht go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta leis do mhná atá torrach, agus tabhairt faoin taighde sin. 

Is é cuspóir Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais go dtabharfaí ardú ar chaighdeán an tsaoil agus torthaí níos fearr i gcrích do mhná, dá gcuid naíonán, dá bpáirtithe agus do na teaghlaigh i rith chéimeanna uile thimthriall an tsíolraithe, i dtimpeallachtaí éagsúla sóisialta. Is le taighde agus forbairt cleachtais, oideachas taighde, agus craobhscaoileadh torthaí taighde a thugtar an cuspóir i gcrích. 

Fís 

Tá Lárionad Choláiste na Tríonóide don Taighde ar Chúram Máithreachais tiomanta don bharr feabhais a bhaint amach i mbuntaighde faoi chúram máithreachais ionas go dtugtar feabhas i dtreis maidir le toircheas, breith clainne, tuismitheoireacht luath agus cúram luathóige. Tugann an Lárionad tús áite do thaighde i gcomhar le mná agus le teaghlaigh, le lucht clinice sna hospidéil mháithreachais chomhpháirtíochta, le comhghleacaithe in Éirinn agus thar lear, agus le lucht tionscail, d’fhonn ábhar taighde a thabhairt chun aire a bhfuil tábhacht go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta leis do mhná atá torrach, agus tabhairt faoin taighde sin. 

Cuspóir 

Ardú ar chaighdeán an tsaoil agus torthaí níos fearr a thabhairt i gcrích do mhná, dá gcuid naíonán, dá bpáirtithe agus do na teaghlaigh i rith chéimeanna uile thimthriall an tsíolraithe, i dtimpeallachtaí éagsúla sóisialta. Is le taighde agus forbairt cleachtais, oideachas taighde, agus craobhscaoileadh torthaí taighde a thugtar an cuspóir i gcrích.