Is ball é an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime d'fhoireann Oifig an Oide Shinsearaigh agus ar a bhfuil freagracht maidir le Seirbhís Chomhairleach na nIarchéimithe a chomhordú (lena mbaineann bainistíocht cásanna, oibríochtaí gnó, riarachán & tuairisciú) agus tacaíocht agus eolas tús líne saor in aisce agus faoi rún a chur ar fáil do mhic léinn iarchéime.I measc na ndualgas eile, tá rochtain ar lucht acadúil ainmnithe a chur ar fáil, ar atreorú, chun comhairle, abhcóideacht agus cúnamh neamhspleách a sholáthar trí phainéal na gComhairleoirí Iarchéime, mar aon le sraith tacaíochtaí comhlántacha do mhic léinn iarchéime lena n-áirítear eadráin, ceardlanna agus oiliúint neamhfhoirmiúil chomh maith le cúnamh airgeadas. Chomh maith leis sin, reáchtálann an t-oifigeach seo seisiúin tionscnaimh ghinearálta bhliantúla de chuid Choláiste na Tríonóide do mhic léinn iarchéime, is féidir leis tacú le mic léinn iarchéime i gcásanna Dínite agus Measa agus d'fhéadfadh sé feidhmiú mar Oifigeach um Fhiosrú Mhíchumais, más gá.Oibríonn an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime go dlúth leis na Stiúrthóirí Teagaisc agus Foghlama (Iarchéime) agus le Comhordaitheoirí Cúrsaí ar chásanna mac léinn, agus téann i gcomhairle go rialta le hAontas na nIarchéimithe, Déan an Léinn Fochéime, an Chlárlann Acadúil agus seirbhísí gairmiúla i gColáiste na Tríonóide agus lasmuigh.Freastalaíonn an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn ex officio ar chruinnithe, inter alia, de chuid Choiste an Léinn Iarchéime, an Ghrúpa Stiúrtha Tionscnaimh agus an Ghrúpa Comhairleach um Fheidhmiúlacht chun Staidéir. Tá an t-oifigeach seo mar Rúnaí ar Choiste Cúnaimh Airgeadais na Mac Léinn Iarchéime.Is é Martin McAndrew an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime faoi láthair. Sa bhliain 2018 a thosaigh Martin ag obair in Oifig an Oide Shinsearaigh. Bhí sé ag obair roimhe sin le Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn agus le Seirbhísí do dhaoine faoi Mhíchumas.