Liosta iomlán na gcúrsaí
Bheadh áthas orainne i gColáiste na Tríonóide cuairt a thabhairt ar do scoil le cur i láthair a dhéanamh agus/nó freastal ar d’aonach scoile.
Cuirimid turais treoraithe ag mic léinn ar fáil le linn na bliana scoile freisin agus is bealach iontach iad duitse agus do do dhaltaí cur amach a fháil ar Choláiste na Tríonóide agus foghlaim faoi shaol na mac léinn anseo ó na mic léinn iad féin.
Mura féidir leat teacht go dtí an Lá Oscailte nó turas a thabhairt ar an gcampas, tá turais fhíorúla treoraithe ag mic léinn againn chun léargas a thabhairt ar an saol sa Choláiste, ar na buntáistí ar fad agus ar na tacaíochtaí a chuireann an Coláiste ar fáil.