Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Sebastián 'Chac Mool', 2002, cruach bhog spréphéinteáilte

An t-ealaíontóir féin a bhronn sa bhliain 2004, cabhair ina leith sin ó Ambasáid Mheicsiceo in Éirinn


Láthair: Geata Phlás Lincoln, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

An Propast Patrick Prendergast agus A.S. an tAmbasadóir Carlos García de Alba a nocht an dealbh seo go foirmiúil i láthair an ealaíontóra an 18 Meán Fómhair 2015 mar chomóradh ar 40 bliain den Chaidreamh Taidhleoireachta idir Meicsiceo agus Éirinn

Sebastian 'Chac Mool Turquesa', lithograph

Blúirín Eolais:

Rugadh Enrique Carbajal González i Chihuahua i dtuaisceart Mheicsiceo go gairid tar éis dheireadh an dara cogadh domhanda.  Ghlac an t-ealaíontóir an leasainm ‘Sebastián’ chuige féin i ngeall ar phictiúr a phéinteáil Sandro Botticelli den mhairtíreach Naomh Sebastian. Is mar gheall ar na saothair mhóra dealbhóireachta poiblí, arna gcruthú as cruach nó coincréit, is fearr atá eolas air.  Tá saothair den chineál sin leis ar feiceáil ar fud an domhain faoin tráth seo agus tá ceithre cinn acu in Éirinn, iad ar fad bronnta go fial flaithiúil ag an ealaíontóir.


Tagraíonn an téarma Chac Mool do stíl dealbhóireachta Méisimheiriceánach i dteampaill agus in ionaid bheannaithe ar fud Mheicsiceo Láir.  Bhíodh sé mar fheithicil idir an duine agus na déithe agus ba ghnách dó a bheith i gcuma dhuine sínte leis na cosa in airde agus é ligthe anuas ar na huillinneacha, an aghaidh ag breathnú amach thar a ghualainn. D'ainmnigh an seandálaí a tháinig ar an gcineál seo dealbhóireachta sa 19ú céad as an ngaiscíoch ba mhó ag an gcine Máigheach é, Chac Mool.  Mar a mhíníonn an t-ealaíontóir, ba ghnách an dath gorm a úsáid in obair freascó agus i lámhscríbhinní mar chomhartha gur daoine den chléir sagartóireachta a bhí i gceist. D’fhéadfadh gur cruthaíodh an cineál dealbhóireachta sin i gcomóradh ar ghaiscígh a treascraíodh.

Anseo ar an gcampas, cuireann Chac Mool le Sebastián le hoidhreacht thréan dealbhóireachta, agus luíonn sé go háirithe leis an saothar de chuid Henry Moore dar teideal Reclining Connected Forms (1969). Mhaígh Moore go raibh an-spéis aige ó thús a shaoil i ndealbhóireacht Mheicsiceo, go háirithe i gcineál Chac Mool, rud a thug air a leagan féin den Chac Mool a dhéanamh as cloch Hornton sa bhliain 1929.  Dúirt sé go raibh sin ar cheann de na saothair ba bhuntábhachtaí ina shaol, agus is as sin a d’fhorbair a chuid daonfhíoracha sínte a bhfuil cáil orthu. Is deis an Chac Mool gorm le Sebastián dul i ngleic le fíor an duine, cruth, dath agus spás dealbhóireachta ar bhealach bríomhar comhaimseartha atá ina chuid de thraidisiún ársa na dearcealaíne.

Beathaisnéis Sebastián (PDF 154KB)