Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

Margaret Corcoran 'Filleadh ar Cythera' (2014) ola ar chanbhás


Láthair: TRIARC - Trinity Irish Art Research Centre, located at the Provost's House Stables

Previous Location: This painting was on display in the Arts Building concourse, near the entrance to Fellows' Square, from November 2014 to October 2017 when it was transferred to a special display to celebrate TRIARC's 15th anniversary. TRIARC is Trinity's Irish Art Research Centre and is located at the Provost's House Stables.

Margaret Corcoran 'Filleadh ar Cythera' (2014) ola ar chanbhás

I mBaile Átha Cliath atá cónaí ar Margaret Corcoran agus is ann a shaothraíonn sí a cuid ealaíne. Tá saothar dá cuid á chur ar taispeáint go rialta leanúnach i dtaispeántais grúpaí agus i dtaispeántais aonair, in Éirinn agus thar lear, ón mbliain 1999 i leith nuair a roghnaíodh saothar léi do EV+A, an biennale don ealaín chomhaimseartha idirnáisiúnta a eagraítear i Luimneach. Sa bhliain 2003, bhuaigh sí gradam an Golden Fleece mar gheall ar an bpictiúr ‘An Enquiry II: A Moment of Youth’. Is céimí í de chuid an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD), i mBaile Átha Cliath. Chaith sí trí mhí i mbun staidéir freisin sa Chelsea School of Art agus tá céim Mháistreachta aici sa Phéintéireacht Mínealaíne ó NCAD.

Ábhar ríméid i bpéintéireacht Corcoran aon tuiscint ar idirdhealú idir nós amharcealaíne na linne seo agus nósanna oibre na haimsire atá caite a chur ar neamhní, nó neamhaird a dhéanamh díobh, dul go pearsanta i mbun agallaimh le healaíontóirí na seanaimsire agus i ngleic lena gcuid saothair. Bíonn dlús sraitheanna íocónagrafaíochta a eascraíonn ó mhodh fiosrúcháin de chineál shruth an chomhfheasa, ó thaobh an choincheapa agus na ceapadóireachta, de bhun leis an saothar ar an gcanbhás. Cé gur teist pictiúir faoi leith ar thoradh a cuid fiosrúcháin ag tráthanna faoi leith, déanann an t-ealaíontóir freisin sruthanna éagsúla a chur i láthair ar fud réimse saothar éagsúil. Coimrítear i ngach ceann acu an t-iliomad comhrá inmheánach, iad leanúnach síorathraitheach; ní chuirtear gach uile cheann acu i láthair ar dhroim an chanbháis, ach ní léir údar na péintéireachta dá uireasa. Tá le sonrú go leanann an saothar, i bhfad tar éis don ealaíontóir an scuab a ghlanadh, i mbun cur agus cúiteamh faoi ghnás oibre an ealaíontóra ar feadh achar ama agus spáis; tá borradh chomh bunúsach i ngach saothar faoi leith go mbíonn duine ag tnúth le hathrú a fheiceáil air ó am go chéile.

Sa phictiúr seo, dár teideal ‘Return to Cythera’, tá an t-ealaíontóir ag plé le roinnt téamaí uileghabhálacha a bhí ina n-ábhar spéise ag ealaíontóirí leis na céadta bliain, agus iad mar lionsa aicise agus í ag breathnú agus ag machnamh ar nithe a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo lena linn féin. Go sonrach, tá cíoradh á dhéanamh ag Corcoran le roinnt blianta anuas ar an méid den siombalachas creidimh atá ag gabháil leis an gCríostaíocht agus leis an Ioslamachas araon agus í ag féachaint leis an rud a dtugann sí “healing post 9/11 theme”1 air a chothú. Ábhar spéise di go bhfuil Ádhamh agus Éabha, aingil agus an suntas íocónagrafaíochta le péacóga, siombail ar an neamhbhásmhaireacht i ré na luath-Chríostaíochta, ag gabháil leis an dá chreideamh, chomh maith le cosúlachtaí eile. Sa léiriú áirithe seo ar an bhfiosrúchán leanúnach, tá cíoradh agus tiomsú déanta aici, mar lón tionscanta dá saothar comhaimseartha féin, ar shnáthanna inste agus ar leagan amach foirmiúil thrí cinn de shaothair níos sine. Tosaíonn sí trí ligean don scuab cruthanna den chineál céanna lenar thiomsaigh sí as na seanphictiúir a leagan amach agus ligeann sí di féin ansin éalú, gan srian, ón gceangal sin ionas go ligeann sí scód lena cuid fiosrúcháin agus lena cuid teoiricí féin d'fhonn línte tadhaill de chuid na linne seo agus an cur i gcás a fhorbairt ina cuid línte, cruthanna agus dathanna. Ní miméis ná paistís atá anseo; tá ionramháil amharcealaíne an-phearsanta ar siúl a théann idir cultúir agus réanna éagsúla.

Tagann an t-ardán nó an stáitse ar a gcuirtear coincheap an phictiúir seo i láthair faoi anáil Jean-Antoine Watteau (1684-1721) agus an pictiúr a chuir seisean isteach mar shaothar tionscanta agus é á ghlacadh isteach san Acadamh Ríoga Péintéireachta agus Dealbhóireachta sa bhliain 1717, ‘The Pilgrimage to Cythera’, atá anois i mbailiúcháin an Louvre. I miotaseolaíocht na Gréige, is i ‘Cythera’ a rugadh Aphrodite, nó Véineas mar a tháinig sí i gceist ag na Rómhánaigh, agus is é oileán an ghrá é mar sin nó oileán an chumainn. Ní heol dúinn an ar a mbealach go Cythera atá an dream a léiríonn sé i láthair sárálainn nó an bhfuil siad díreach tar éis Cythera a bhaint amach, ach tuigtear go soiléir gurb é an cumann foirfe atá á lorg acu, parthas foirfe nó “an Eden”2, mar a thugann an t-ealaíontóir féin air. Is léir tréithe fisiciúla na ceapadóireachta i bpictiúr Watteau i saothair níos luaithe de chuid Corcoran ar an téama céanna seo ach, cé go bhfuil a mhacalla ar éigean ar fáil anseo i gcónaí, tá gnéithe suntasacha eile ar fáil chomh maith, mar shampla flúirse ainmhithe, Ádhamh agus Éabha le taobh péacóige, agus bean eile ar thaobh na láimhe clé, Daphne, bandia na Gréige, sa chás áirithe seo.

Tá buntábhacht le húsáid na gcrann sa phictiúr chomh maith, mar shiombail fhoirmiúla agus mar shiombail choincheapa araon; is minic in íocónagrafaíocht ealaíne go gceaptar tréithe baineanna le crainn agus go gceanglaítear le torthúlacht agus athnuachan iad. I gcroílár an chomhrá péintéireachta seo, mar a shonraítear le hÁdhamh agus Éabha ar aon láthair, tá 'Crann na hAithne', comhartha ar réimse eile d'fhiosrúchán leanúnach an ealaíontóra, arna spreagadh ag an bpictiúr ‘Radharc ar an Loch Íochtarach, Cill Airne’ le Jonathan Fisher a bhreathnú sa Ghailearaí Náisiúnta. Áitíonn Corcoran go bhfuil na crainn i bpictiúr Fisher, seachas a bheith ina gcuid de threalamh an stáitse, le háireamh ar na príomhphearsana, nó mar a chuireann an léirmheastóir Aidan Dunne i gceist – “an almost Beckettian character”3. Tá ceangal chomh mór céanna idir tábhacht na gcrann agus Daphne a bheith ar fáil mar arb é Gairdín Pharthais a bhí á chur i láthair ar dtús. Sna Metamorphoses le Ovid, tá Apollo ag leanúint Daphne in aghaidh a tola agus is é a thugann slán í go ndéantar a hiompú ina crann labhrais ar an bpointe a leagann sé lámh uirthi. I saothar Corcoran, is féidir le hÉabha agus le Daphne sealaíocht a dhéanamh ar a chéile, ach tá an bheirt acu i láthair sa chás seo ionas go dtarraingítear amhras ar an gcothromaíocht i nGairdín Pharthais tríd an nóisean go mbeadh bean bhreise ann a thabhairt i gceist, tagairt de réir mar a deir an t-ealaíontóir do Lillith an Ghiúdachais, an chéad bhean a bhí ag Ádhamh, pearsa a ceanglaíodh leisean d'fhonn leaganacha éagsúla de scéal Chruthú na Cruinne i leabhar Gheineasas a thabhairt le chéile.

Luann an t-ealaíontóir go fonnmhar chomh maith go bhfuil dhá shaothar péintéireachta eile a thug sí san áireamh i mbun a cuid fiosrúcháin di - mionsaothar péintéireacht de chuid na Peirse ó thús an 17ú aois, ‘The Conference of the Birds’, ar léiriú atá ann, a phéinteáil Habiballah as Sava (gníomhach c. 1590-1610), ar dhán mistéireach ón 12ú aois le Farid al-Din `Attar, agus é faoi choimeád i mbailiúchán an Metropolitan Museum of Art, Nua-Eabhrac agus ‘Ádhamh agus Éabha’ le Peter Wenzel atá ar bhuantaispeáint sa Pinacoteca in Iarsmalanna na Vatacáine. Sa phictiúr ón bPeirs tá scata éan agus iad ar tí dul ar oilithreacht ar lorg an ‘Simurgh’, éan mistéireach a sheasann don aontas spioradáltachta. Cruinníonn siad le chéile, mar a dhéanann dream Cythera, ar thóir an aontais ach tugann siad faoi deara ag ceann scríbe gurb é a bhí á lorg acu an rud céanna a bhí cruthaithe acu féin ag tús an aistir, aontas na n-anamacha. Ciallaíonn simurgh 'tríocha éan', an líon díreach a bhí i láthair ón tús. Léiríonn Corcoran an t-imeartas idir scéal Iarthar na hEorpa agus scéal an Ioslamachais trína dtabhairt le chéile chomh mór agus go bhfuil íomhánna phictiúr na Peirse chomh dlúth sa phéintéireacht agus sna dathanna nach furasta iad a aithint. Ina ainneoin sin, tá a leas féin bainte ag an ealaíontóir as a dtabhairt le chéile ó thaobh cuma agus coincheapa:

“… looking for an explanation to the chaos of life and the universe, and a suggestion for the respect of all our versions [to] be given … that Eden is a far more complex imagined terrain than usually depicted. And often those claiming it can clash, as can the inhabitants, but that hopefully that peace prevails.”4

1, 2, & 4. Comhfhreagras ríomhphoist idir Margaret Corcoran agus Catherine Giltrap, an 2 Márta 2015

3. Aidan Dunne, ‘A Fruitful Tree for Margaret Corcoran’, The Irish Times, am 5 Bealtaine 2014
Catherine Giltrap, Coimeádaí a rinne an taighde agus an scríobh

Beathaisnéis Margaret Corcoran