Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

'Úlla agus Adaimh' le Eilís O’Connell RHA
Ag Comóradh Ernest T.S. Walton 1903-95, Buaiteoir Dhuais Nobel

Cruach dhosmálta, 2013

Ollamh Erasmus Smith le Fealsúnacht Nádúrtha agus Thurgnamhach, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (1946-74)

Bronnadh Duais Nobel san Fhisic air féin agus ar Sir John D. Cockcroft in 1951 as an obair cheannródaíoch a rinne siad ar núicléis adamhacha a chlaochlú le cáithníní adamhacha a luathaíodh go saorga.

Láthair: Áras FitzGerald, Scoil na Fisice, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

Apples and Atoms by Eilís O’Connell RHA

In 1932, scoilt Ernest Walton agus John Cockcroft núicléas adamh Li (litiam), rud a dtugtar ‘scoilt an adaimh' air go minic. Rinneadh an turgnamh i Saotharlann Cavendish in Ollscoil Cambridge Shasana. Dúirt Albert Einstein gurbh é sin an chéad turgnamh inar léiríodh a chothromóid cháiliúil E=mc2.

Nuair a bhí Coláiste na Tríonóide ag déanamh comóradh 80 bliain ar an turgnamh, tugadh cuireadh do sheisear ealaíontóirí dearadh a chur ar fáil a dhéanfadh comóradh ar éachtaí taighde Ernest Walton agus ar 30 bliain d'oideachas eolaíochta. Roghnaigh painéal idirdhisciplíneach ar a raibh ionadaithe ag muintir Walton, Scoil na Fisice, Bailiúcháin Ealaíne an Choláiste, na mic léinn agus amharcealaíontóirí gairmiúla seachtracha dearadh Eilís O’Connell.

Tagann an Ealaín agus an Eolaíocht le chéile, focal ón dealbhóir Eilís O’Connell RHA

“Nuair a rinne mé taighde ar líníochtaí Walton i gCartlanna Churchill in Cambridge, thug mé faoi deara go raibh sé ábalta go leor eolais a chur i láthair le fíorbheagán líníochta agus téacs. Bhí tionchar ag an gcur chuige glan, mion-aeistéitiúil sin ar an saothar a shocraigh mé a dhéanamh.

Thaitin sféir liom mar ghné fhoirmiúil sa dealbhóireacht mar úsáideadh iad chun spréachbhearnaí a chruthú don luasaire cáithníní a d'úsáid Walton and Cockcroft chun ‘an t-adamh a scoilteadh’ in 1932.

Tá scáil chrann úll na hÉireann le feiceáil sa charn sféar agus cuireadh iad seo ag fás go speisialta mar léargas ar an bhfear príobháideach agus an dúil a bhí aige bheith ag fás crainn torthaí.
Tugann an saothar ómós do na buanna ba mhó a bhí ag Walton - an díocas intleachtúil agus an deaslámhacht a chuir ar a chumas an luasaire cáithníní a dhéanamh lena dhá lámh féin agus an cúram lách a rinne sé dá mhic léinn agus dá chlann. Tá níos mó ná éachtaí acadúla ag baint le fear, tá sé beo chomh maith sna cuimhní a bhíonn ag daoine air.”

Is a bhuíochas do Mhuintir Walton, An Propast, Scoil na Fisice, Cumann agus Iontaobhas Choláiste na Tríonóide, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Ánraí agus alumni Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Gailearaí na hEolaíochta a bhíothas ábalta an saothar seo a choimisiúnú.

Bailiúcháin Ealaíne Choláiste na Tríonóide a rinne bainistiú ar an gcoimisiúnú.