Dáta / Date: Dé Céadaoin 25 Samhain 2026 / Wednesday 25 November 2026

Am / Time: 14.00

Suíomh / Location: Seomra na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

Tá saorchead isteach agus tá fáilte roimh mhic léinn agus roimh bhaill foirne araon.

Admission is free and both students and staff are welcome to attend.

Event details for Ceardlann amhránaíochta le Máire Ní Churraoin on 25/11/2026 at 14.00 in TCD.

[Béarla thíos: English below]

Cur síos ar an imeacht:

Is amhránaí ar an sean-nós agus taighdeoir acadúil í Máire Ní Churraoin. Tá sí ina ball den ghrúpa An Chéad Ghlúin Eile, a bhfuil dhá albam eisithe acu go dtí seo: Cá’il an Bheirt? (2024) agus ACGE (2026). Sa cheardlann seo, tarraingeoidh Máire ar a cleachtas cruthaitheach féin agus ar thaighde acadúil i réimse an cheoil chun léargas a thabhairt don lucht éisteachta ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Deis iontach atá san imeacht seo blaiseadh a fháil d’amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge agus cloisteáil ó dhuine de na hamhránaithe Gaeilge is fearr dá bhfuil ag saothrú i láthair na huaire.

Reáchtálfar an t-imeacht seo trí mheán na Gaeilge.

Má tá ceisteanna agat faoin imeacht, nó más mian leat freastal ar an imeacht agus má tá riachtanais inrochtaineachta agat, téigh i dteagmháil leis an Dr Peter Weakliam ag pweaklia@tcd.ie.

Tá an t-imeacht seo maoinithe ag Dámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta agus tá sé mar chuid de 'Teangacha 250 i gColáiste na Tríonóide (1776-2026)'.

 

Description:

Máire Ní Churraoin is a sean-nós singer and academic researcher. She is a member of the group An Chéad Ghlúin Eile, who have released two albums to date: Cá’il an Bheirt? (2024) and ACGE (2026). In this workshop, Máire will draw on her own creative practice and on research in the field of music to give attendees an insight into traditional Irish-language song. This event is a great opportunity to get a taste of traditional Irish-language song and to hear from one of the finest Irish-language singers at work today.

This event will be conducted through the medium of Irish.

If you have questions about this event, or if you wish to attend this event and have accessibility requirements, please contact Dr Peter Weakliam at pweaklia@tcd.ie.

The event is generously supported by the Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences and is part of 'Languages 250 at Trinity College Dublin (1776-2026)'.