Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Email Archive

Update from Provost Linda Doyle to staff

24 January 2022

Téacs Gaeilge thíos

Dear colleagues,

The significant easing of Covid-19 public health restrictions is a major milestone on our journey through this pandemic. 

I want to briefly touch on two topics. 

The first relates to the return to work on campus for those who have been working remotely up to now. This will happen in a planned and staged way. Throughout the month of February, each area in Trinity will be supported to develop plans to suit local needs. In terms of remote working, this means continuing “as is” for now. HR will be following up with further details this week. 

Secondly, for those working on campus, your safety continues to be our priority. Mask wearing will continue to be required in all the areas where this was mandatory in Semester 1. We have FFP2 masks on order for those who have been advised to wear them, as mentioned in the C-19 weekly email on 21 January. Twice-weekly antigen testing will continue to be available to all through UniCov. And another onsite HSE pop-up Vaccination Clinic will run during the week of 7 February in the Public Theatre, Front Square, for all students and staff.

I know this has been a tough two years. Thanks for all you continue to do. 

Brighter days are coming.

Best regards,

Linda

 

A chomhghleacaithe,

Is cloch mhíle shuntasach ar ár n-aistear tríd an bpaindéim seo é maolú mór na srianta sláinte poiblí COVID-19.

Ba mhaith liom plé gairid a dhéanamh ar dhá ábhar.

Baineann an chéad cheann le filleadh ar an obair ar an gcampas dóibh siúd a bhí ag obair go cianda go dtí seo. Tarlóidh sé seo ar bhealach pleanáilte agus céimnithe. I rith mhí Feabhra, tabharfar tacaíocht do gach limistéir i gColáiste na Tríonóide chun pleananna a fhorbairt a oirfidh do riachtanais áitiúla. Ó thaobh cianoibre de, ciallaíonn sé sin leanúint ar aghaidh “mar atá” faoi láthair. Cuirfidh Acmhainní Daonna tuilleadh sonraí ar fáil an tseachtain seo.

Ar an dara dul síos, dóibh siúd atá ag obair ar an gcampas, tá do shábháilteacht fíorthábhachtach dúinn i gcónaí. Beidh gá fós le masc a chaitheamh i ngach áit ina raibh sé éigeantach sa chéad seimeastar. Tá maisc FFP2 ordaithe againn dóibh siúd ar cuireadh comhairle orthu iad a chaitheamh, mar a luadh sa ríomhphost seachtainiúil C-19 an 21 Eanáir. Leanfar le tástáil antaigine a chur ar fáil do chách dhá uair sa tseachtain trí UniCov. Ina theannta sin beidh Preabchlinic Vacsaínithe FSS eile ar an láthair i rith na seachtaine 7 Feabhra sa Téatar Poiblí, an Chearnóg Thosaigh, do gach mac léinn agus ball foirne.

Tuigim go bhfuil dhá bhliain dheacair curtha isteach. Go raibh maith agaibh as an méid atá á dhéanamh agaibh i gcónaí.

Tá laethanta níos gile ag teacht. 

Le gach dea-ghuí,

Linda