Anailís Gnó agus Tacaíocht Córais
Cuireann an tAonad Tacaíochta Úsáideora SAS (Córas Riaracháin Mac Léinn) anailís gnó agus tacaíocht córas ar fáil maidir le riarachán acadúil. Tá sé freagrach as córas riaracháin na mac léinn, córas amchláraithe agus Córas Iarratais Iarchéime an Choláiste a chumrú.
Tá an tAonad comhdhéanta d'fhoireann anailísithe gnó a dhéanann idirchaidreamh go rialta le húsáideoirí córas agus leis an nGrúpa Bainistíochta Córas Faisnéise laistigh de Sheirbhísí IS.
Cuireann an tAonad seirbhís anailíse gnó ar fáil maidir le riarachán acadúil agus tacaíonn sé leis an gColáiste a oibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le tuairisc a dhéanamh le comhlachtaí reachtúla. Cuireann sé tuairiscí faisnéise bainistíochta ar fáil freisin, i gcomhar le Seirbhísí IS.
Áirítear ar na seirbhísí anailíse gnó a chuirtear ar fáil:
- Oiliúint agus tacaíocht a sholáthar maidir le hamchlárú an Choláiste, seomraí a chur in áirithe agus an córas scrúduithe a úsáid – an tSaoráid CMIS
- Taispeántais agus tacaíocht a sholáthar maidir le húsáid an Chórais Iarratais Iarchéime (PAC)
- A chinntiú go mbeidh na riachtanais próisis ghnó go léir a thagann chun cinn léirmhínithe agus curtha i bhfeidhm go hiomlán
- Cumrú bogearraí
- Tástáil ar réitigh bhogearraí, e.g. réiteach Forlíonta Dioplóma
- Sonraíocht agus tástáil ar athruithe nach mór a dhéanamh ar chórais eile
- Sonraíocht tuarascála maidir le struchtúr an chúrsa
- Anailís ar phróisis ghnó agus iad a shruthlíniú
- Réitigh bogearraí logánaithe a sholáthar le SQL agus MS Access
- Tástáil agus oiliúint úsáideoirí i ndáil le tionscadail MIS, e.g. ExamR
- Cúnamh le fiosrúcháin staitistiúla ad hoc
- Comhairle a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le IT de réir mar is gá
- Comhordú a dhéanamh ar chothabháil láithreán gréasáin Oifig an Leas-Phropaist
Cuireann an t-aonad tacaíocht ar fáil d’oifigí laistigh d’Oifig an Leas-Phopaist i ndáil le saincheisteanna ar bith eile a bhaineann le córais ríomhaireachta.
Imreoidh an tAonad Tacaíochta d'Úsáideoirí SAS ról lárnach i gcóras riaracháin mac léinn nua a fháil agus a chur i bhfeidhm.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an aonad ag sas-user-support-unit@tcd.ie nó trí chliceáil anseo.