Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Fúinn
Is ionad taighde lonnaithe i Roinn na hEacnamaíochta é Aonad Choláiste na Tríonóide um Meastóireacht Tionchair (TIME). Tugann TIME taighdeoirí eacnamaíochta, cleachtóirí forbartha agus lucht déanta beartas le chéile i gcomhiarracht chun an tionchar atá ag na bunmheicníochtaí a bhaineann le tionscadail forbartha, cúnamh agus infheistíochtaí a mheas agus a thuiscint.
Cuireann TIME leis an díospóireacht dhomhanda ar fhorbairt. Is í an fhís atá againn fianaise láidir a chur ar fáil chun bonn a chur faoi bheartais, ionas go mbeifear ábalta infheistíochtaí níos fearr a mbeidh fíorthionchar acu ar an bpróiseas forbartha a dhéanamh.
Is é cuspóir lárnach TIME taighde den chaighdeán acadúil is airde a chur ar fáil agus, ag an am céanna, scaipeadh níos forleithne an taighde sin a éascú agus oiliúint a chur ar fáil do chleachtóirí forbartha maidir le dianmhodhanna an mheasúnaithe tionchair.
Tá naonúr eacnamaithe forbartha agus polaitíochta in Aonad TIME i láthair na huaire. Is iad seo a leanas príomhchomhaltaí TIME - an tOllamh Andrea Guariso, an tOllamh Fadi Hassan, an tOllamh Martina Kirchberger, an tOllamh Michael King, an tOllamh Nicola Mastrorocco, an tOllamh Tara Mitchell, an tOllamh Gaia Narciso, an tOllamh Carol Newman agus an tOllamh Alejandra Ramos. Ina theannta sin, tá ochtar mic léinn PhD agus beirt taighdeoirí iardhochtúireachta comhcheangailte le TIME. Is ionann sin agus ceann de na cnuasaigh taighde is mó d'eacnamaithe forbartha san Eoraip.
Cuimsítear i bpunann tionscadal reatha TIME réimse leathan de shaincheisteanna ábhartha cosúil le táirgí agus teicneolaíocht airgeadais, idirghabhálacha sláinte agus cothaithe, rannpháirtíocht an phobail agus truailliú uirbeach, soilsiú gréine agus oideachas, coiriúlacht eagraithe agus claonadh na meán.
Tá TIME ag obair i gcomhpháirtíocht le Cúnamh Éireann/An Roinn Gnóthaí Eachtracha (DFA) agus cuideoidh sin chun Éire a bhunú mar phríomhghníomhaí i ndáil le taighde forbartha idirnáisiúnta san Eoraip.
Cuireann an chomhpháirtíocht le Cúnamh Éireann/DFA tacaíocht ar fáil do Cheardlann bhliantúil san Eacnamaíocht Forbartha agus do Scoil Samhraidh ar Mheastóireacht Tionchair trína ndírítear ar na scileanna atá de dhíth chun forbairt na gclár ar mheastóireacht tionchair a stiúradh, a mheas agus a bhainistiú. Déantar saincheisteanna mar athrú aeráide, coimhlint agus imirce a scrúdú sa cheardlann seo, ceardlann a mheallann príomheacnamaithe forbartha ó ar fud na cruinne.


Déan teagmháil linn
Tugaimid cuireadh d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, do lucht déanta beartas agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil sé i gceist acu tionscadal forbartha a chur i dtoll a chéile teagmháil a dhéanamh linn. Is féidir linn cuidiú maidir le leagan amach na n-idirghabhálacha agus na meastóireachtaí tionchair i gcomhréir leis na dea-chleachtais atá bunaithe ag taighde acadúil. Tugaimid cuireadh chomh maith do lucht taighde atá ag obair ar thionscadail atá cosúil lenár gcuid tionscadal féin scríobh chugainn. Treiseoidh sin an t-eolas atá ag an dá dhream againn ar théamaí agus ar idirghabhálacha sonracha.