Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide




Martin McAndrew, Oifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime

Is ball é an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime d'fhoireann Oifig an Oide Shinsearaigh agus ar a bhfuil freagracht maidir le Seirbhís Chomhairleach na nIarchéimithe a chomhordú (lena mbaineann bainistíocht cásanna, oibríochtaí gnó, riarachán & tuairisciú) agus tacaíocht agus eolas tús líne saor in aisce agus faoi rún a chur ar fáil do mhic léinn iarchéime.
I measc na ndualgas eile, tá rochtain ar lucht acadúil ainmnithe a chur ar fáil, ar atreorú, chun comhairle, abhcóideacht agus cúnamh neamhspleách a sholáthar trí phainéal na gComhairleoirí Iarchéime, mar aon le sraith tacaíochtaí comhlántacha do mhic léinn iarchéime lena n-áirítear eadráin, ceardlanna agus oiliúint neamhfhoirmiúil chomh maith le cúnamh airgeadas. 
Chomh maith leis sin, reáchtálann an t-oifigeach seo seisiúin tionscnaimh ghinearálta bhliantúla de chuid Choláiste na Tríonóide do mhic léinn iarchéime, is féidir leis tacú le mic léinn iarchéime i gcásanna Dínite agus Measa agus d'fhéadfadh sé feidhmiú mar Oifigeach um Fhiosrú Mhíchumais, más gá.
Oibríonn an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime go dlúth leis na Stiúrthóirí Teagaisc agus Foghlama (Iarchéime) agus le Comhordaitheoirí Cúrsaí ar chásanna mac léinn, agus téann i gcomhairle go rialta le hAontas na nIarchéimithe, Déan an Léinn Fochéime, an Chlárlann Acadúil agus seirbhísí gairmiúla i gColáiste na Tríonóide agus lasmuigh.
Freastalaíonn an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn ex officio ar chruinnithe, inter alia, de chuid Choiste an Léinn Iarchéime, an Ghrúpa Stiúrtha Tionscnaimh agus an Ghrúpa Comhairleach um Fheidhmiúlacht chun Staidéir. Tá an t-oifigeach seo mar Rúnaí ar Choiste Cúnaimh Airgeadais na Mac Léinn Iarchéime.
Is é Martin McAndrew an tOifigeach Tacaíochta do Mhic Léinn Iarchéime faoi láthair. Sa bhliain 2018 a thosaigh Martin ag obair in Oifig an Oide Shinsearaigh. Bhí sé ag obair roimhe sin le Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn agus le Seirbhísí do dhaoine faoi Mhíchumas.

Caroline Campbell, Oifigeach Feidhmiúcháin

Is post casta agus ilghnéitheach é post an Oifigigh Feidhmiúcháin in Oifig an Oide Shinsearaigh agus is í an phríomhfheidhm a bhaineann leis ná gníomhú mar phointe teagmhála do mhic léinn in anacair agus d’oidí a mbíonn eolas nó cúnamh ag teastáil uathu i ndáil le cás mic léinn, chomh maith le hoifig éifeachtach a rith.
Cuidíonn an tOifigeach Feidhmiúcháin leis na hOifigigh Tacaíochta do Mhic Léinn agus leis an Oide Sinsearach chun an tSeirbhís Teagascóireachta agus Seirbhís Chomhairleach na nIarchéimithe a riar. Déanann an tOide Sinsearach agus an Bainisteoir Oifige araon dualgais agus freagrachtaí sonracha a shannadh.
Tá an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach as tacú le mic léinn agus le líon méadaitheach na n-oidí, agus as Seirbhís Teagascóireachta éifeachtach a bheith i bhfeidhm lena n-áirítear gníomhú mar phointe tagartha do mhic léinn, tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil d’oidí, cuidiú leis an Oifigeach Riaracháin/Bainisteoir Oifige le dualgais cúnaimh airgeadais, príomhchaidrimh le ranna inmheánacha agus seachtracha a bhainistiú agus fáilteachas.
Is í Caroline Campbell an tOifigeach Feidhmiúcháin reatha. In Aibreán na bliana 2018 a thosaigh Caroline ag obair in Oifig an Oide Shinsearaigh. Bhí sí ag obair i Roinn Léinn na dTeangacha Easpáinneacha agus i Scoil an Leighis roimhe sin.