Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Home.

Welcome

Fáilte go Scoil na dTeangacha,
na Litríochtaí agus na gCultúr
i gColáiste na Tríonóide,
Baile Átha Cliath

Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr


Is ag Coláiste na Tríonóide atá an traidisiún is sine de léann nua-theangacha sa domhan is ollúnachtaí ann ó 1776. Sa lá atá inniu ann i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr tugtar le chéile láidreachtaí an traidisiúin seo i bhfoirm grúpa de Ranna seanbhunaithe a mhúineann, idir iad, beagnach dhá theanga déag ag leibhéal céime agus fochéime. Féadfaidh mic léinn tabhairt faoi theangacha faoi chéim ar leith dhá-ábhar Choláiste na Tríonóide nó faoi chúrsaí onóra aon-ábhar sa Nua-Ghaeilge & Luath-Ghaeilge, sa Léann Éireannach nó céim i Léann na hEorpa a réachtáiltear faoi Lárionad Léann na hEorpa. Is féidir le mic léinn freisin dul i mbun staidéir ar theanga agus an Dlí, Staidéar Gnó nó Ríomhaireacht agus Teangeolaíocht. Tá cnuasach céimeanna iarchéime ar fáil ina bhfuil deiseanna go leor ar fáil lena n-áirítear deiseanna taighde nó cleachtas gairmiúil i réimsí na teanga, na litríochta agus an chultúir. Tugann an Scoil faoi thaighde idir thaighde litríochta, teanga agus i léinn an chultúir ón mheánaois go dtí an lá atá inniu ann.

An tOllamh Anne Fitzpatrick Ceann na Scoile agus is cuid den Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences í an scoil.