Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Fáilte chuig Láithreán Gréasáin Roinne na nAcmhainní Daonna

Ar Oifig na nAcmhainní Daonna atá an fhreagracht as foirne ar fad sa Choláiste a bhainistiú ar bhonn straitéiseach. An Stiúrthóir Acmhainní Daonna a stiúrann sin agus tacaíonn an fhoireann AD le daoine a bhainistiú i bhfoirm comhairle agus tacaíochta do bhainisteoirí i ngach gné den earcaíocht, forbairt agus bainistiú daoine trí phróisis agus nósanna imeachta AD a sholáthar agus trí sheirbhísí idirbheartaíochta AD a riaradh - pinsin, párolla agus riarachán.

Is uirlis thábhachtach an láithreán gréasáin seo chun an tseirbhís sin a sholáthar agus leagadh amach é go mbeadh sé ar fhoinse eolais agus cúnamh maidir le beartais, nósanna imeachta agus cleachtais AD.

Áirítear ar an láithreán gréasáin an leathanach Nuacht agus Imeachtaí a nua-shonraítear go rialta. Is féidir féachaint ar phríomhchoda an láithreáin gréasáin ach cliceáil ar na táib ar thaobh na láimhe clé.

Tríd an láithreán gréasáin, cuirimid an fhoireann ar an eolas faoi aon athrú ar bheartais a tharlódh de bharr reachtaíocht nó comhaontuithe nua. Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó formáidí éagsúla de na beartais nó cáipéisí de dhíth ort déan teagmháil le do thoil le Roinn na nAcmhainní Daonna.

Féachaimid le cuidiú leat chomh mór agus is féidir agus fáilteoimid roimh do thuairimí agus moltaí faoin mbealach a bhféadfaí an láithreán seo a fheabhsú nó a fhorbairt chun do shástachta.

Go raibh maith agat faoi chuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin na Roinne agus tá súil againn go mbeidh tú i dteagmháil linn arís go luath.