Aonad an Leigheas Comparáideach

Is é Aonad an Leighis Chomparáidigh (CMU) an t-aonad lárnaithe maidir le taighde ar ainmhithe sa Choláiste. Is é misean CMU i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cur leis an eolas agus feabhas a dhéanamh maidir le sláinte agus maitheas an duine agus an ainmhí trí shaoráidí, infreastruchtúr agus seirbhís de scoth a chur ar fáil do lucht taighde an choláiste. Bítear ag féachaint le bonn treise a chur faoin taighde a dhéantar sa choláiste agus cion tairbhe a dhéanamh maidir leis an aidhm cur le seasamh idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide i measc ollscoileanna móra an domhain. Is de bhunmheon CMU: oibriú de réir bunús fianaise, nós oibre a bhfuil bonn láidir eitice agus eolaíochta faoi a chur chun cinn trí na caighdeáin is airde maidir le leas an ainmhí agus íoslaghdú, mionchoigeartú agus athsholáthar a chothú sa staidéar ar ainmhithe, féachaint leis an sárfheabhas a bhaint amach sa taighde ar ainmhithe trí chúnamh taca ó phobal eolaíochta sárcháilithe dúthrachtach Choláiste na Tríonóide agus an t-eolas is nua sa Leigheas Comparáideach a chur chun cinn trí na cúrsaí iomadúla a chuirtear ar fáil agus an Clár Cónaitheach atá ar bun maidir le sainoiliúint sa tréidliacht.


Ainmhithe a úsáid don Taighde i réimse an Bhithleighis

Déantar ainmhithe a úsáid don taighde i réimse an bhithleighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar a dhéantar in ollscoileanna eile in Éirinn agus thar lear. Ní thugtar faoi staidéar maidir le hainmhithe ach amháin sa chás go gcuirfidh sin leis an eolas agus gurb é is dócha go dtiocfaidh feabhas dá bharr maidir le sláinte agus leas ainmhithe agus an duine. Is ar bhonn aidhmeanna eolaíochta sainsonraithe a dhéantar staidéar ar bith den sórt sin agus leis an aird chuí ar leas na n-ainmhithe. Úsáidtear a laghad ainmhithe is féidir agus baintear úsáid as fíochán ainmhí, seachas ainmhí beo, i ngach cás inar féidir sin. Éilítear ar lucht eolaíochta i gColáiste na Tríonóide a léiriú nach bhfuil malairt modh oibre ar fáil sula n-aontaítear trí phróiseas athbhreithnithe eitice na modhanna seo a cheadú.
Tugann lucht foirne teicniúil oilte faoi mhaoirseacht thréidlia aire do na hainmhithe atá i gceist. Ní mór ceadúnas roimh ré ag an taighdeoir agus ar an tionscnamh ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte maidir le taighde ar bith a dhéantar ar ainmhithe.
Déanann Coiste Eitice an Choláiste maidir le Taighde ar Ainmhithe gach iarratas ar cheadúnas a bhreithniú i ndáil leis an eitic sula gcuirtear faoi bhráid an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte é. Tagann an aire do leas na n-ainmhithe agus an chúis ó thaobh na heolaíochta de leis an obair bheartaithe faoi scáth na scagthástála sin. Bíonn an lucht bainistíochta agus an t-áitreabh ina gcoinnítear na hainmhithe cláraithe freisin leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte agus déanann coiste feidhmiúcháin an Aonaid Leighis Chomparáidigh soláthar don phleanáil straitéiseach agus don chomhchaidreamh maidir le riachtanais, acmhainní agus comhlíonadh coinníollacha an aonaid. Coinnítear na cúiseanna le hainmhithe a úsáid don taighde i réimse an bhithleighis faoi athbhreithniú seasta sa choláiste.