Ról an Sparánaí

Eleanor Denney, tcd bursar

Ceapadh an tOllamh Eleanor Denny mar Sparánaí agus Príomhoifigeach um Fhorbairtí Straitéiseacha ar an 3 Meán Fómhair 2021. Tá freagracht fhoriomlán ar an Sparánaí agus an Príomhoifigeach um Fhorbairtí Straitéiseacha maidir le cúrsaí príomh-bhonneagair san ollscoil cosúil le mórthionscadail chaipitiúla, riaradh spáis agus cúrsaí airgeadais a bhaineann leo sin. Tá an Sparánaí agus Príomhoifigeach um Fhorbairtí Straitéiseacha freagrach go díreach don Phropast agus freastalaíonn sí ar gach cruinniú de chuid Bhord an Choláiste de bhrí oifige, agus is ball í de Ghrúpa na bPríomhoifigeach agus de Ghrúpa na nOifigeach Feidhmiúcháin chomh maith leis na grúpaí rialachais agus bainistíochta feidhmiúcháin seo a leanas:

· An Coiste Príomh-bhonneagair, Príomhchoiste de chuid an Bhoird (Rúnaí)

· An Coiste Airgeadais, Príomhchoiste de chuid an Bhoird

· An Coiste Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta, Príomhchoiste de chuid an Bhoird

· An Coiste Infheistíochta

· An Grúpa Athbhreithnithe Caipitil (Cathaoirleach)

· An Grúpa Riartha Spáis (Cathaoirleach)

· An Coiste Glactha Bronntanas

Tá an Sparánaí ina hiontaobhaí de chuid Fondúireacht Choláiste na Tríonóide agus ina cathaoirleach ar Bhord Comhairleach an Aonaid Ioncaim Tráchtála. Féach an bheathaisnéis iomlán don Ollamh Eleanor Denny.