Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Cleachtas Acadúil & Ríomhfhoghlaim

Fáilte chuig láithreán gréasáin Chleachtas Acadúil & Ríomhfhoghlaim. Bunaíodh Cleachtas Acadúil & Ríomhfhoghlaim in 2003 chun cabhrú leis an gColáiste creat láidir comhtháite a fhorbairt a thacódh le dea-chleachtas acadúil agus le hardléann de réir mar atá leagtha amach sa Phlean Straitéiseach.

Tá Teagasc & Foghlaim Choláiste na Tríonóide (TT&L), arna riaradh ag an Rúnaí Acadúil, freagrach as gníomhaíochtaí a chur ar bun chun tacú le hoideachas fochéime agus iarchéime trí ghníomhaíochtaí chúig cinn dá chuid ranna, is iad sin: Gnóthaí Acadúla; Cleachtas Acadúil & Ríomhfhoghlaim; an tSeirbhís Ghairmchomhairle; Dearbhú Cáilíochta agus Feabhais agus Cláir Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP).

Forbairt Ghairmiúil

Tacaíonn Cleachtas Acadúil & Ríomhfhoghlaim le forbairt ghairmiúil na foirne acadúla agus leosan a thacaíonn le teagasc agus foghlaim i gColáiste na Tríonóide feadh a ngairme.   Cuirimid réimse leathan clár, ceardlann, comhairliúchán agus imeachtaí taighde-threoraithe i ndáil le cleachtas acadúil agus ríomhFhoghlaim ar fáil, lena n-áirítear clár iarchéime acadúil solúbtha agus an teastas gairmiúil sainchuspóireach i gcleachtas acadúil.

Cuirtear cleachtas Choláiste na Tríonóide faoi bhráid an phobail trí sheimineáir agus trí fhóraim plé arna riaradh ag lucht acadúil ó laistigh de na disciplíní, agus tacaímid le cleachtas acadúil trí réimse acmhainní a chur ar fáil.

Féach ar rannóg na gclár agus imeachtaí chun eolas a fháil ar na deiseanna gairmiúla a bheidh ar fáil nó déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil.