Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



An Leas-Phropast/An Príomhoifigeach Acadúil

 

Is é an Leas-Phropast Leas-Uachtarán agus Príomhoifigeach Acadúil an Choláiste, ar a bhfuil freagracht foriomlán maidir le taighde agus oideachas san ollscoil agus ar a bhfuil freagracht speisialta maidir le nithe a bhaineann leis an bhfoireann acadúil. An Leas-Phropast agus Príomhoifigeach Acadúil atá freagrach as polasaí taighde agus acadúil, agus as pleanáil straitéiseach.

An Leas-Phropast/Príomhoifigeach Acadúil a bhíonn ina cathaoirleach ar na grúpaí seo a leanas:

I gcomhar le comhaltaí na ngrúpaí sin, déanann sí comhordú ar phleanáil straitéiseach, ar thaighde, ar oideachas fochéime agus iarchéime, ar cháilíocht agus ar thaithí an mhic-léinn.

Tuairiscíonn an Leas-Phropast/An Príomhoifigeach Acadúil go díreach chuig an bPropast agus tá sí ina ball ex officio de Bhord an Choláiste, de Chomhairle na hOllscoile agus den Ghrúpa Príomhoifigeach.