Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Stair Choláiste na Tríonóide

Stair Choláiste na Tríonóide

Is féidir stair Choláiste na Tríonóide a roinnt ina ceithre thréimhse – céad bliain nó mar sin inar leagadh  an bhunchloch, tréimhse inar tharla leathnú mór san ochtú aois déag, tréimhse chomhdhlúthaithe agus forbartha sa naoú aois déag, agus céad bliain ina ndeachthas in oiriúint do dhomhan a bhí ag athrú go tapa.

An Bhunchloch a Leagan (1592–1700)

Bunaíodh Coláiste na Tríonóide díreach sular éirigh leis an mhonarcacht Túdarach an tasc a bhí aici, eadhon ceannas a ghlacadh ar Éirinn go léir, a thabhairt i gcrích. Bhíothas ag smaoineamh ar ollscoil a bhunú in Éirinn le tamall agus sa bhliain 1592 fuair grúpa beag saoránach i mBaile Átha Cliath cairt ón mBanríon Eilís a chorpraigh Coláiste na Tríonóide gar do Bhaile Átha Cliath. Bhronn Bardas Bhaile Átha Cliath tailte agus seanfhoirgnimh mhainistir na Naomh Uile, a bhí thart ar ceathrú míle soir ó dheas de bhallaí na cathrach, ar an bhfondúireacht nua. Dhá bhliain ina dhiaidh sin thosaigh roinnt Comhalta agus mac léinn ag obair sa Choláiste nua, nach raibh ann ach cearnóg bheag amháin an t-am sin.s Tháinig méadú ar phobal an choláiste sa chaoga bliain ina dhiaidh sin. Fuarthas dearlaicí, lena n-áirítear roinnt eastát mór, bunaíodh comhaltais nua, ceannaíodh na chéad leabhair don leabharlann mhór, leagadh síos curaclam agus dréachtaíodh reachtanna.

Am suaite a bhí gcaoga bliain ina dhiaidh sin i stair an Choláiste. Tharla idir-riocht agus dhá chogadh shibhialta in Éirinn i rith na tréimhse sin. Theith an Propast sa bhliain 1641 agus bhí ar an gColáiste a phláta a dhíol dhá bhliain ina dhiaidh sin. Dhíbir údaráis an Chomhlathais roinnt comhaltaí, níor glacadh le comhaltaí eile sa Reistiréisean, agus díbríodh na Comhaltaí agus na mic léinn go léir i 1689 nuair a rinneadh dún den Choláiste do shaighdiúirí James II. Ach rinneadh foghlaim as cuimse sa seachtú aois déag freisin; sampla maith de scoláireacht leathan agus nuálach na linne i gColáiste na Tríonóide iad Ussher, ileolaí lách, an t-oirthearach Marsh, an staraí Dodwell, Stearne, a bhunaigh Coláiste na Lianna in Éirinn, agus Molyneux, comhfhreagraí Locke.

Leathnú (1700–1831)

Ba thréimhse chiúin den chuid is mó a bhí san ochtú aois déag in Éirinn agus b’amhlaidh a bhí cúrsaí i gColáiste na Tríonóide ach gur chuir roinnt Seacaibíteach isteach go mór ar údaráis an Choláiste ag tús na tréimhse sin, agus rinne grúpa beag radacaithe polaitiúla an rud céanna ag deireadh na tréimhse. Ollscoil don Chinsealacht Phrotastúnach a bhí i gColáiste na Tríonóide le linn na haoise sin. Bhí dea-mhéin ag an bParlaimint, a bhí ar an taobh eile d’Fhaiche an Choláiste, don Choláiste agus bhronn sí deontais fhlaithiúla tógála air. Cuireadh tús leis an Leabharlann, an chéad fhoirgneamh den ré nua, sa bhliain 1712; ansin tógadh Teach na Clódóireachta agus Halla an Bhia; agus tugadh Cearnóg na Parliaminte chun críche de réir a chéile le linn an dara leath den chéad.s Tháinig deireadh leis an tréimhse mhór tógála go luath sa naoú aois déag le Botany Bay, an chearnóg a hainmníodh i bpáirt de bharr gairdín luibheanna a bhí inti tráth.

Léirigh na foirgnimh sin fuinneamh eagraithe shaol an Choláiste. Ní hionann is ollscoileanna Shasana, bhí Coláiste na Tríonóide dáiríre faoina chuid dualgas. D’oibrigh na Comhaltaí go crua, mar theagascóirí agus mar riarthóirí. Coinníodh an curaclam cothrom le dáta, bhí scrúduithe ann gach ráithe inar bronnadh duaiseanna ar na hiarrthóirí ar éirigh leo, agus ba choimhlint laochúil a bhí sa scrúdú comhaltachta. Ba chéimithe ó Choláiste na Tríonóide iad formhór na nÉireannach mór le rá san ochtú aois déag, ina measc Swift, Berkeley, Burke, Goldsmith, Grattan agus Tone, agus is féidir tionchar na hollscoile a bhrath ina gcuid scríbhneoireachta agus óráidí.

Daoine den scoth a bhí i dtriúr de na propaist san ochtú aois déag.  Smachtaí láidir a bhí i Richard Baldwin (1717-58), duine a rinne sár-iarracht gan ligean don spleodar a bhí mar shaintréith de shochaí Angla-Éireannach na linne cur isteach ar an suaimhneas acadúil. Comhalta den Pharlaimint a bhí ina chomharba, Francis Andrews (1758-74), fear a thaistil an domhan agus a raibh ardmheas air agus a bhfuil a stíl agus a uaillmhianta le brath i dTeach an Phropaist, a tógadh i 1759. Rinne sé socrú ina uacht d’ollúnacht réalteolaíochta agus do réadlann a bhunú. Ba é John Hely-Hutchinson (1774-94), abhcóide agus polaiteoir a bhí eagnaí agus féinspéiseach, a tháinig i gcomharbacht air. Bhí fonn láidir air an curaclam a leathnú agus ba é ba chúis le hollúnacht nuatheangacha a bhunú , agus ba é a bhrúigh clár tógála an ochtú aois déag chun cinn. Thit sé amach le go leor de na Comhaltaí mar gheall ar a chur chuige neamhchúramach i leith fhadhbanna an Choláiste, agus bhí cosúlachtaí idir a théarma ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide agus téarma toirmeascach Bentley ar Trinity, Cambridge, ina raibh go leor suaite agus cásanna dlí.

Forbairt Acadúil (1831–1918)

Fad a bhain sé le Coláiste na Tríonóide, níor thosaigh an naoú aois déag go dtí go ndearnadh Propast de Bartholomew Lloyd sa bhliain 1831. Leasaitheoir tiomanta ach muinteartha a bhí ann agus tharla roinnt athruithe móra le linn dó bheith ina phropast. An ceann ba shuntasaí ná an córas nua-aimseartha de staidéar onóracha a thabhairt isteach sa bhliain 1833. Go dtí sin ní raibh ach cúrsa amháin ann don chéim B.A., an gnáthchúrsa ealaíon a chuimsigh na clasaicí, matamaitic, beagán eolaíochta agus roinnt fealsúnachta. Nuair a tugadh isteach scrúduithe do chéimeanna onóracha, nó modhnóireachtaí, i matamaitic, eitic nó loighic agus sna clasaicí i 1834, bhí fochéimí in ann sainstaidéar a dhéanamh. Bunaíodh modhnóireacht san eolaíocht thurgnamhach i 1851; ba iad fisic, ceimic agus mianreolaíocht na chéad ábhair, agus cuireadh geolaíocht, zó-eolaíocht agus luibheolaíocht leo sin ina dhiaidh sin. Rinneadh an mhodhnóireacht a dheighilt i 1871 agus tairgeadh péire; ceann san eolaíocht nádúrtha agus ceann san eolaíocht thurgnamhach. Cloíodh leis an socrú sin go dtí 1955, nuair a ceanglaíodh an dá ghrúpa le chéile arís ina modhnóireacht sna heolaíochtaí nádúrtha. Bunaíodh modhnóireacht i stair agus i litríocht an Bhéarla i 1856, agus leanadh leis sin go dtí 1873, nuair a bunaíodh modhnóireachtaí ar leithligh sa stair, san eolaíocht pholaitiúil agus sa nualitríocht. Tugadh modhnóireacht sa Bhéarla agus sa litríocht Bhéarla isteach i 1961.  An t-am céanna inar thug na scrúduithe modhnóireachta sin isteach rinneadh forbairt ar chúrsaí onóracha agus ar chóras ‘pribhléidí onóracha’ a thug deis do mhic léinn onóracha, ar deireadh, freastal ar léachtaí onóracha seachas ar ghnáthléachtaí agus tabhairt faoi scrúduithe ag leibhéal onóracha seachas ag gnáthleibhéal, ach amháin scrúdú deiridh an chéad bliana a tugadh an 'Little-go' air sa Bhéarla. Cuireadh deireadh leis an scrúdú 'Little-go' do mhic léinn onóracha i 1959 agus mar sin rinneadh deighilt iomlán idir an curaclam ag leibhéal onóracha agus ag gnáthleibhéal; rinneadh athchóiriú ar an ngnáthchúrsa ealaíon cúpla uair ó shin i leith agus cuireadh deireadh ar fad leis sa bhliain 1978. Cuireann cúrsaí modhnóireachta dhá ábhar, a tosaíodh an bhliain sin, rogha malartach ar na sainchúrsaí onóracha aon-ábhair, ar fáil.

Tharla roinnt forbairtí tábhachtacha sna scoileanna gairmiúla sa naoú aois déag chomh maith. Bhí diagacht á múineadh sa Choláiste ó bunaíodh é agus sa naoú haois déag tugadh isteach córas lena múineadh.  Rinneadh ath-eagrú ar an Scoil Dlí sa dara leath den chéad. Bhí teagasc liachta ar bun sa choláiste ó 1711, ach ní bheadh sé páirteach go hiomlán i ré órga an leighis i mBaile Átha Cliath, le teagascóirí ar nós Graves agus Stokes, go dtí gur bunaíodh an scoil liachta ar bhonn seasmhach trí reachtaíocht sa bhliain 1800, a bhuíochas do Macartney, anatamaí éirimiúil agus achrannach. Sa bhliain 1842 a bunaíodh an Scoil Innealtóireachta, scoil cheannródaíoch a bhí inti in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Sa bhliain 1925 a bunaíodh an Scoil Tráchtála, agus sa bhliain 1934 a bunaíodh Scoil na Staidéar Sóisialta.  Cónascadh an Scoil Tráchtála agus Scoil na Staidéar Sóisialta i 1962 chun Scoil an Ghnó agus na Staidéar Sóisialta a chruthú. Sa bhliain 1977 a bunaíodh Scoil na Cógaisíochta. Rinneadh Dámha ar leithligh as grúpaí de na scoileanna agus de na ranna éagsúla i 1969 mar seo a leanas: Na hEalaíona (Daonnachtaí agus Léann); Gnó, Staidéar Eacnamaíochta agus Sóisialta; Innealtóireacht agus Eolaíocht Córas; na hEolaíochtaí Sláinte (is i gColáiste na Tríonóide atá an teagasc fochéime go léir san eolaíocht fiaclóireachta i limistéar Bhaile Átha Cliath lonnaithe ó Dheireadh Fómhair 1977); Eolaíocht. Aistríodh Dámh an Leighis Tréidliachta go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1977.

Ba léir an leathnú a bhí ar ghníomhaíochtaí an Choláiste leis na foirgnimh a tógadh tar éis 1800. Tugadh an Chearnóg Nua chun críche nuair a tógadh Foirgneamh an Mhúsaeim díreach tar éis lár na haoise; agus ba léiriú iad na foirgnimh nua ar an taobh thoir de Pháirc an Choláiste an fás a bhí ag teacht ar thábhacht na n-eolaíochtaí nádúrtha agus an leighis i saol an Choláiste.

Bunaíodh fiche ollúnacht nua idir 1830 agus 1900, agus léirigh scoláireacht Choláiste na Tríonóide ildánacht, díograis agus féinmhuinín na ré Victeoirí go hiomlán. D’imir traidisiún Choláiste na Tríonóide, a raibh raon leathan ábhar spéise ar shaintréith de, fiú i dtréimhse ina raibh níos mó agus níos mó speisialaithe ag tarlú, tionchar spreagúil ar chomhaltaí an CholáisteAg tarraingt ar dheireadh an naoú aois déag bhí scoláirí clasaiceacha mór le rá leithéid Palmer agus Purser i Scoil na gClasaicí, chomh maith le daoine mar Tyrrell agus Mahaffy, ar mba spéis leo ábhair a réimnigh ón Éigipt ársa go dtí an ré Seoirseach in Éirinn; agus Bury a rinne staidéar ar an ré Bhiosántach chlasaiceach agus nua-aimseartha

Sa réimse matamaitice agus eolaíochta bhí Rowan Hamilton, Humphrey Lloyd, Salmon, Fitzgerald agus Joly.

 Sa Bhéarla bhí Dowden, criticeoir goilliúnach agus polaiteoir cantalach, san eacnamaíocht bhí Ingram, duine de na posaitíbhigh ba mhó le rá a bhí in Éirinn. Ón gCogadh Mór go dtí Anois (1918–2005)

Níor cheart samhlú go raibh na fir sin agus a gcomhghleacaithe ag obair i suaimhneas acadúil gan suaitheadh. Bhí athruithe ollmhóra ag tarlú in Éirinn agus chonacthas a rian sna conspóidí a bhí ar bun maidir le polasaí rialtas na hÉireann ó thaobh ollscoileanna. Idir 1873 agus 1908, mhol rialtas na linne scéimeanna a dhéanfadh ollscoil chónasctha den Choláiste, a mbeadh roinnt comhlachtaí acadúla Éireannacha eile i gceist leis. Chuir Coláiste na Tríonóide in aghaidh na scéimeanna sin go láidir mar breathnaíodh orthu mar bhagairt ar a neamhspleáchas. Ar an taobh eile de, chuir an Coláiste deireadh leis an meon reiligiúnach a bhíodh aige, faoi mar a bhí ag Oxford agus ag Cambridge. Chomh fada siar le 1793 tugadh cead do Chaitlicigh Rómhánacha freastal ar Choláiste na Tríonóide agus céimeanna a bhaint amach ansin. Bunaíodh scoláireachtaí neamh-fhondúireachta sa bhliain 1854 agus bhí cead ag iarrthóirí de gach creideamh cur isteach orthu. Cuireadh deireadh le gach scrúdú creidimh, ach amháin iad sin a bhain le Scoil na Diagachta, i 1873.

Chonacthas athruithe ollmhóra a raibh tionchar mór acu ar rialtas an Choláiste le céad bliain anuas. Bunaíodh Comhairle na hOllscoile, comhlacht ionadaíochta, i 1874 agus leis sin bhí smacht ag na ranna teagaisc ar chúrsaí a leagan amach agus ar cheapacháin a dhéanamh. Ón mbliain 1900, mar a fheictear ón bhfianaise a tugadh don choimisiún ríoga i 1906, bhí comhdhéanamh an Bhoird á cháineadh ag ranna tábhachtacha sa Choláiste, agus leasaíodh an bunreacht i 1911 agus rinneadh beirt ionadaithe de chuid na gComhaltaí Sóisearacha agus beirt ionadaithe de chuid na nOllamh neamh-chomhalta a cheapadh ar an mBord. Méadaíodh an ionadaíocht na gComhaltaí Sóisearacha go dtí ceathrar comhaltaí i 1958. Leasaíodh na Reachtanna an t-am céanna ionas gur Comhaltaí a bheadh i leath de na hOllaimh.

Aisteach go leor, níor tugadh mórán airde ar leasú suntasach amháin a mbeadh tionchar fadréimseach aige. Scaoileadh mná isteach san Ollscoil sa bhliain 1904 agus faoi 1914 mná a bhí i 16 faoin gcéad de na mic léinn sa Choláiste. Bunaíodh halla cónaithe do mhná, Halla na Tríonóide, i 1908. Sa bhliain 1934 a ceapadh an chéad ollamh mná agus is tá níos mó agus níos mó rólanna ag mná in go leor réimsí i saol an Choláiste sa lá atá inniu ann.  Bronnadh Comhaltacht ar mhná sa bhliain i 1968. Tá fir agus mná ag cónaí sa Choláiste agus i Halla na Tríonóide ó 1972 i leith.

B’ionann an Cogadh Mór 1914-18 agus deireadh ré do Choláiste na Tríonóide, ar go leor bealaí. Faoin am ar shocraigh rudaí síos arís, bhí réabhlóid bhunreachtúil tar éis tarlú in Éirinn agus bhí an Coláiste anois lonnaithe in Éirinn a bhí deighilte agus lasmuigh den Ríocht Aontaithe. Chomh maith leis sin, ag tráth ina raibh na hollscoileanna nua sa Bhreatain ag fás ó thaobh méid agus cáil de, ní raibh na hacmhainní ag Coláiste na Tríonóide leis an áit a bhí aige sa ré nua a choinneáil. Sa bhliain 1920 mhol coimisiún ríoga go raibh deontas mór caipitil agus fóirdheontas bliantúil de dhíth ón gColáiste. Ach tháinig athrú ar an gcóras sula bhféadfaí na moltaí a chur i bhfeidhm agus ní bhfuair an Coláiste deontas bliantúil ón Stát go dtí 1947. Is ionann an deontas agus thart ar 53 faoin gcéad den ioncam atarlaithe iomlán anois (gan deontais taighde agus conarthaí san áireamh) Cruthaíodh nócha naoi ollúnacht nua idir 1900 agus 1999.

Le blianta beaga anuas tá ardú tagtha ar an líon mac léinn, go maith os cionn an mhéid a mheastar a bheith ar ghnáthuimhreacha. 13,700 a bhí ann i 1998-9, i gcomparáid le 1,500 i 1939. Tá níos mó éagsúlachta ann mar gheall ar an ardú sin, agus tá mic léinn ann as 70 tír agus go minic as an sé ilchríoch. Mar gheall ar an éileamh ar áiteanna ó iarrthóirí as Éirinn, tháinig laghdú de réir a chéile ar na folúntais atá ar fáil do mhic léinn nach as Éirinn iad. B’ionann Éireannaigh agus thart ar 90 faoin gcéad de na mic léinn fochéime sa bhliain 1998-9. Táthar ag súil nach dtitfidh an cion de mhic léinn nach Éireannaigh iad a nglacfar leo amach anseo níos ísle ná 10 faoin gcéad den líon iomlán iontrálacha gach bliain. Níl srian ar an líon mac léinn iarchéime ná aonbhliana, faoi réir ag áiteanna a bheith ar fáil i réimsí áirithe. Chomh maith leis an athrú seo ar chomhdhéanamh chorpas na mac léinn, tháinig athrú comhchosúil ar chomhdhéanamh na foirne acadúla. B’Éireannaigh agus iarchéimithe d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath a bhí i bhformhór na sealbhóirí post acadúil i gColáiste na Tríonóide go dtí na 1930idí. Is as ollscoileanna eile atá go leor de na daoine a ceapadh ar an bhfoireann ó 1945 i leith, áfach. Is dócha gur ceann de na cúiseanna é sin le luas géaraithe an athraithe atá mar shaintréith suntasach na tréimhse ó dheireadh an chogaidh – athrú atá le brath san ardú ar an éagsúlacht ionadaíochta ar an mBord, sa leasú ollmhór a rinneadh ar churaclam na n-ealaíon, sna foirgnimh nua a tógadh agus san athchóiriú a rinneadh ar sheanfhoirgnimh chun iad a chur in oiriúint do riachtanais nua, san fheabhsú a rinneadh ar sheomraí an Choláiste agus i soláthar saoráidí nua d’fhochéimithe, sna cearta a bhíodh ag fir amháin a bheith ag mná freisin, agus i mbunú comhchoistí comhairleacha comhdhéanta de mhic léinn agus de bhaill foirne a chlúdaíonn formhór na ngnéithe de shaol an Choláiste.