Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide

Is é Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh an t-aon lárionad don Léann Rúiseach, Slavach agus Oirthear-Eorpach in Éirinn. Cuireann an Roinn cúrsaí fochéime ar fáil i dteanga, litríocht, stair, stair chultúrtha agus sochaí comhaimseartha na Rúise agus na Polainne. Cuirtear an Rúisis ar fáil sna cláir chéime seo a leanas: an Mhodhnóireacht Dhá Ábhar, Léann na hEorpa agus Staidéar Gnó agus Teanga. Tá an Pholainnis ar fáil i Léann na hEorpa agus i Staidéar Gnó agus Teanga. Chomh maith leis an Rúisis agus an Pholainnis, tá modúil ar fáil sa Bhulgáiris agus sa Chróitis.

Is féidir taighde iardhochtúireachta a dhéanamh sa Roinn, ar son M. Litt nó Ph.D, sa Léann Rúiseach, Slavach agus Oirthear-Eorpach. Glacann baill foirne na Roinne páirt ghníomhach i gCláir Máistreachta múinte i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.

Anuas ar sin, cuireann an Roinn réimse fairsing de chúrsaí seachtracha – teanga nó léachtaí – ar fáil. I réimse na dteangacha, tá an Rúisis (5 leibhéal), an Pholainnis (4 leibhéal), an Chróitis (4 leibhéal), an tSeicis (2 leibhéal) agus an Bhulgáiris (2 leibhéal) ar fáil. Éascaíonn an Roinn tástáil sna Scrúduithe Teistithe Stáit sa Rúisis freisin. Tá cúrsaí léachtaí ar fáil sa chultúr Rúiseach, sa chultúr Polannach, sa Phoblacht Sheiceach agus i gcultúr oirdheisceart na hEorpa chomh maith.

Ar fhoireann na Roinne faoi láthair tá Léachtóir Sinsearach agus ceathrar léachtóirí sa Rúisis, sa Pholainnis, sa Bhulgáiris agus sa Chróitis, agus roinnt cúntóirí teagaisc.

Tá thart ar 100 mac léinn lánaimseartha sa Roinn, ag déanamh clár fochéime nó ag staidéar le haghaidh na gcéimeanna taighde M. Litt agus Ph.D. Tá os cionn 100 mac léinn cláraithe do na cúrsaí seachtracha i dteangacha agus cultúir Shlavacha chomh maith.