Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Scoil an Dlí

Is í Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide an Scoil Dlí is sine agus is airde gradam in Éirinn. Tá aitheantas againn go forleathan mar gheall ar an timpeallacht liobrálach a chuirimid ar fáil, áit a dtugtar spreagadh láidir don smaointeoireacht neamhspleách agus a gcuirtear chun cinn barrshamhlacha sin an chuimsithe shóisialta agus an chomhionannais. Cuirimid oideachas ar dhaoine le cinntiú go mbeidh siad ina gceannairí i ngairm an dlí, sa tseirbhís phoiblí agus sa tsochaí. Baineann na caighdeáin is airde lenár gcéimithe maidir le macántacht phearsanta agus eitic ghairmiúil, agus bíonn an ceartas sóisialta mar bhunchúram acu sa chleachtas dlí agus sa tseirbhís phoiblí.

Meallann an Scoil mic léinn ardchumais. Tá timpeall 700 fochéimí agus 150 iarchéimí ar fad againn. Tá an scoil beag i gcomparáid le cinn eile sa tír seo agus i dtíortha eile. Mar gheall ar na grúpaí beaga foghlama atá againn, tá an caidreamh idir an fhoireann agus na mic léinn cairdiúil agus beoga, agus cuireann an cóimheas agus an comhoibriú leis seo. Tá leas na mac léinn mar chuid lárnach de ghníomhaíochtaí na Scoile.

Reáchtálaimid cúig chlár fochéime: Dlí, Dlí agus Fraincis, Dlí agus Gearmáinis, Dlí agus Gnó, agus Dlí agus Eolaíocht Pholaitiúil. Tá gach clár curtha le chéile ar shlí a chinntíonn go gcuirtear réimse modúl ar fáil a bhaineann le hábhar agus atá dúshlánach go hintleachtúil.

Cuirimid ar fáil líon modúl roghnach sna blianta deireanacha de na céimeanna nach bhfuil a sárú le fáil, rud a thugann deis do na céimithe speisialtóireacht a dhéanamh agus buntáiste iomaíoch a bhaint amach nach bhfuil ag céimithe ó ollscoileanna eile.