Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Baile

Faoi

Photo: Foteini - LoughshinnyStaidéar ar an domhan, a chuid próiseas, ábhar agus saoil, agus an chaoi a bhfuil athrú tagtha orthu seo thar 4.567 billiún bliain atá sa Gheolaíocht. Tá ríthábhacht leis an nGeolaíocht don tsochaí. Cabhraíonn an t-eolas a bhailíonn geolaithe linn an t-athrú ar an aeráid a thuiscint, creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha a thuar, teacht ar sholáthairtí breosla iontaise agus mianta, aer agus uisce glan a chothú, gluaiseacht screamh agus aigéan an domhain a thuiscint, agus éabhlóid na bpláinéad carraigeach agus na beatha a athchruthú.

I gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, déanann ár bhfoireann fiosrú ar bhunphrionsabail na bpróiseas geolaíoch, a tharlaíonn thar scálaí ollmhóra spáis agus ama. Tugaimid le chéile obair allamuigh in Éirinn, timpeall na hEorpa agus an domhain, mar aon le hanailísí saotharlainne, samhaltú uimhriúil agus teoiric. Glacann mic léinn páirt sa taighde ceannródaíoch seo agus scileanna breathnaitheacha agus anailíse géara á bhfoghlaim acu sa tsaotharlann agus lasmuigh. Cuireann ár gcéimithe na scileanna sin i bhfeidhm agus iad ag plé le réimse leathan ceisteanna geo-eolaíochta, atá dírithe ar stair agus todhchaí an Domhain a thuiscint, mar aon le hinbhuanaitheacht an fhuinnimh agus na n-acmhainní atá ag teastáil chun tacú le daonra atá ag fás.

An bhfuil suim agat taighde fochéime nó iarchéime a dhéanamh i Roinn na Geolaíochta? Déan teagmháil le do thoil le baill foirne aonair nó, níos fearr fós, tabhair cuairt orainn i bhFoirgneamh an Mhúsaeim.