Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Maidir Linne

Fáilte chuig Lárionad Léann na hEorpa i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bunaíodh i 1987. Is brat-riarachán é Lárionad Léann na hEorpa a chomhordaíonn an méid a chuireann Roinn na Fraincise, Roinn Léann na dTeangacha Gearmánacha, Roinn Léann na dTeangacha Easpáinneacha, Roinn na hIodáilise, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh (lena n-áirítear an Pholainnis), Roinn na Staire, Roinn na hEolaíochta Polaitiúla, Roinn na hEacnamaíochta agus Roinn na Socheolaíochta leis an gclár fochéime ildisciplíneach. Is cúrsa staidéir fochéime ceithre bliana lánaimseartha é an Mhodhnóireacht i Léann na hEorpa. Cúrsa leathan atá ann, ina chuimsítear ilchríoch na hEorpa, an Rúis san áireamh, ón Athbheochan go dtí an lá atá inniu ann. Maidir le disciplíní intleachtúla, tá sé bunaithe sna daonnachtaí agus tá gné mhór teangacha ag baint leis.

Reáchtálann an Lárionad clár múinte bliana MPhil i Léann na hEorpa freisin.

Is cúrsa staidéir fochéime ceithre bliana lánaimseartha é an Mhodhnóireacht i Léann na hEorpa. Cúrsa leathan atá ann, ina chuimsítear ilchríoch na hEorpa, an Rúis san áireamh, ón Athbheochan go dtí an lá atá inniu ann. Déanann mic léinn staidéar ar dhá theanga, chomh maith le raon leathan disciplíní daonnachtaí. Roghnaíonn mic léinn ceann den dá theanga mar phríomhtheanga sa dara bliain (an Chéad Bhliain Shinsearach); caitear an tríú bliain thar lear (bliain an tSofaistí Shóisearaigh) ag staidéar in institiúid tríú leibhéal i dtír na príomhtheanga.

Féach na naisc seo a leanas chun eolas a fháil ar gach bliain sa chlár:

Baill Foirne Léann na hEorpa

  • P. Arnds, M.A. (LMU München), Ph.D (Ollscoil Toronto), Litríocht agus Cultúr na Gearmáine, Litríocht Chomparáideach, Teoiric Chultúir, Cúrsaí Idirdisciplíne
  • J. Barkhoff, M.A., Dr.Phil. (Hamburg) Litríocht agus cultúr na Gearmáine san 18ú agus sa 20ú Aois.
  • Susana Bayó Belenguer: M.A., Ph.DStair, litríocht agus scannáin na Spáinne sa 20ú Aois. An Spáinn agus an Eoraip.
  • J. Clarke, M.A. (NUI)., Ph.D (Flórans) Stair pholaitíochta agus chultúir na Fraince san 18ú agus sa 19ú Aois, cultúr polaitíochta i rith Réabhlóid na Fraince.
  • J.F. Doherty, B.A., D.Phil. (Oxon)  Nualitríocht agus cultúr na Rúise.
  • D. Faas, M.A. Ollscoil Stuttgart (Béarla agus Tíreolaíocht), MPhil Ollscoil Cambridge (Taighde Oideachais), Ph.D. Ollscoil Cambridge (Socheolaíocht an Oideachais).  Socheolaíocht Chomparáideach; Domhandú; Polaitíocht Féiniúlachta agus Athrú Sóisialta; Imirce; Léann Cine agus Eitnigh; Mionchultúir na hEorpa agus Féiniúlachtaí
  • Katerina García: M.A. (Ollscoil Charles, Prág), Ph.D. (Ollscoil Charles, Prág) Spáinn na dtrí Chultúir: idirghníomhaíocht na gCríostaí, na Moslamach agus na nGiúdacha sna réimsí ealaíne, litríochta agus smaointeachais na hIbéire. The history, literature and art of the Jews prior to their expulsion in 1492.
  • J. Hanrahan, BCL (NUI), Ph.D. (Dún Éideann); stair litríochta, pholaitíochta agus chultúrtha na hEagnaíochta, go háirithe Voltaire agus cultúr polaitiúil Ancien Régime na Fraince.
  • J. Hayden, B.A. (N.U.I.), Ph.D.Daonlathú agus athrú in Oirthear na hEorpa;
     Gníomhaíochas Breithiúnach: Ról na nInstitiúidí san athrú chuig an daonlathas.
  • C. Leahy, B.A., M.A. Ph.D (NUI), Nua-aoiseachas, Iarnua-aoiseachas, Teoiric Liteartha, Banscríbhneoirí Comhaimseartha.
  • G. McElroy,  M.Sc. (LSE), M.A. (Rochester), Ph.D. Páirtithe Polaitíochta, Institiúidí Polaitíochta, Lánpháirtiú na hEorpa, Modhanna Taighde.
  • G. Murdock, Ph.D., Reiligiún Leasaithe san Eoraip sa Nua-aois Luath.
  • Ciara O’Hagan: B.A. (Béal Feirste), M.A., PGCE, Ph.D. (Béal Feirste) An Eagnaíocht sa Spáinn agus, go háirithe, an léiriú a thugtar ar Mheiriceá i litríocht na Leithinse san Ochtú Aois déag.
  • C. Ruthner, MAG. Phil., (Vín), Dr. Phil (Vín), litríocht agus stair chultúrtha na Gearmáine/na hOstaire, Léann na hEorpa Láir, teoiric chultúrtha agus liteartha, eileacht mar fheiniméan cultúir.
  • S. Smyth, M.A., H. Dip. Ed,  Ph.D. Litríocht na Rúise sa 19ú Aois.
  • A. Stępień, M.Litt (Glaschú). Prós an 20ú hAois; teoiric agus litríocht iarchoilíneach/iarchumannach; Staidéar Inscne agus critíc fheimineach; staidéar tráma agus náire.