Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Scoil na Bithcheimice agus na hImdhíoneolaíochta

Pobal taighdeoirí comhoibritheach agus bríomhar atá sa Scoil seo againne agus is é ár misean ná taithí oideachais den scoth a chruthú d‘fhochéimithe, do mhic léinn iarchéime agus do thaighdeoirí iardhochtúireachta. Téimid i mbun taighde ag an leibheál is airde agus is é an príomhchuspóir atá againn ná na bunshásraí a bhíonn mar chúis le galar an duine a nochtadh.

Tá taithí láidir ag an scoil san imdhíoneolaíocht agus sa néareolaíocht ach go háirithe atá i measc na seacht mórphiléar taighde sa Choláiste. Cuireann an Scoil timpeallacht idirdhisciplíneach spreagúil ar fáil le dul i mbun taighde agus tá clú idirnáisiúnta uirthi mar ionad ceannródaíoch don imdhíoneolaíocht, do bhitheolaíocht ceall, do mheitibileacht, d’ailse, d’fhorbairt drugaí, don néaraibhitheolaíocht agus don bhitheolaíocht struchtúrtha.

Tá Scoil na Bithcheimice agus na hImdhíoneolaíochta lonnaithe i saoráid taighde agus teagaisc 24000 m² a tógadh le déanaí. Sa tsaoráid den scoth seo, bíonn na taighdeoirí ag obair in éineacht le baill an tionscail i saotharlanna tionscail-acadúil comhoibrithe agus tráchtála.

Cuireann an Scoil cláir fochéime sa Bhithchemic, san Imdhíoneolaíocht agus sa Leigheas Móilíneach ar fáil mar aon le cúrsaí do mhic léinn a bhfuil céim san eolaíocht, sa chógaisíocht nó sa leigheas ar bun acu. T Léirítear tiomantas na scoile sárthimpeallacht oideachais a chur ar fáil don chéad ghlún eile mac léinn fochéime agus iarchéime léirithe sa churaclam dinimiciúil, atá treoraithe ag an taighde agus ina gclúdaítear na príomhshaincheisteanna i dtaighde an lae inniu.

Cuireann an Scoil MSc san Imdhíoneolaíocht ar fáil chomh maith, cúrsa iarchéime múinte atá leagtha amach do mhic léinn iarchéime a bhfuil sé mar aidhm acu leanúint le gairmeacha beatha sa taighde acadúil, sa leigheas nó sa tionscal cógaisíochta.