Baile

Cothaíonn an Lárionad don Cheartas Iarchoinbhleachta i gColáiste na Tríonóide taighde idirdhisciplíneach a scrúdaíonn conas a dhéileálann sochaithe le teagmhais d’fhoréigean antoisceach i gcogadh, i gcogadh cathartha, agus le tréimhsí corraíola fada sibhialta agus polaitiúla.

Tugann an Lárionad le chéile mic léinn iarchéime agus baill foirne atá ag obair i réimsí na staire, an dlí, léann na síochána, na socheolaíochta, na diagachta agus na heitice.

Tugann a chuid tionscadal reatha aghaidh ar théamaí an Cheartais, an Aistrithe, an Rialachais, agus na Cuimhne agus an Athmhuintearais agus tarraingíonn siad ar obair allamuigh agus ar obair chartlainne sna Balcáin, in Oirthear agus i Lár na hEorpa, i Meiriceá Láir, san Afraic, sa Mheánoirthear, agus san Áise Thoir Theas, chomh maith le taithí an Phróisis Shíochána in Éirinn, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Tá taighdeoirí ag plé go gníomhach freisin le pobail idirnáisiúnta ina bhfuil beartais iarchoinbhleachta i bhfeidhm.